Sprid, croí agus plean ag teastáil ó Chúige Mumhan i ndiaidh taispeántas náireach

Is ar Chúige Mumhan is mó atá brú a neart a léiriú an deireadh seachtaine seo ó tharla go raibh siad go hainnis ar fad i mBabhta 2

Sprid, croí agus plean ag teastáil ó Chúige Mumhan i ndiaidh taispeántas náireach

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

D’éirigh le Cúige Connacht filleadh ar an gcosán ceart nuair a fuair siad bua le cúig úd ar Zebre Dé Sathairn seo caite, bua a chinntigh go bhfuil siad chun cinn ar na Muimhnigh fiú amháin ar thábla ghrúpa A den Pro 14. Beidh siad ag imirt as baile den chéad uair an séasúr seo agus iad i gcoinne Dhún Éideann tráthnóna, Dé hAoine. Tá an fhoireann as Albain fós ar thóir a gcéad bhua den séasúr nua, gan ach dhá phointe bónais cailliúna acu mar thoradh a saothair sa dá chluiche a d’imir siad go dtí seo. 

Má bhíonn an lá leis na Connachtaigh sa gcoimhlint seo, agus níl cúis ar bith nach mbeadh má imríonn chomh maith is a rinne siad i mBabhta 2, seans go mbeidh bainisteoir Dhún Éideann, an t-iar-imreoir Sasanach Richard Cockrell, faoi bhrú damanta. Fágann sin gur cheart go mbeadh sárchoimhlint sa gcluiche seo agus gur beag a bheas eatarthu ag a dheireadh.

I gCorcaigh a bheas Cúige Mumhan ag cur chun páirce in aghaidh na Ospreysfoireann a bheas ar thóir a dtríú bua as a chéile. Ní féidir a shéanadh ach go raibh na Muimhnigh náireach ar fad agus iadsan ag imirt i nGlaschú i mBabhta 2. Ainneoin gur thug na Muimhnigh taispeántas maith uathu ar fhód Thuamhan i mBabhta 1, bhí siad gan plean, cruth, sprid ná croí sa dara babhta, sa gcéad leath go háirithe. Is cinnte gur chaith Johann van Graan agus a fhoireann bhainistíochta cuid mhaith ama an tseachtain ag iarraidh leigheas a fháil ar na deacrachtaí a tháinig chun solais sa gcluiche sin. Mura bhfaightear leigheas ar na deacrachtaí sin is cinnte go mbeidh séasúr fada acu agus gur dealbh a bheidh siad ina dhiaidh. Ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin agus aiséirí na Muimhneach anocht atá á thuar agamsa.  

Amárach Dé Sathairn beidh Cúige Laighean sa mbaile den chéad uair i bPro 14 an tséasúir seo. Níor cheart go mbeadh mórán stró orthu ach oiread i gcoinne na nDragons sa gcluiche seo. Tá cluiche amháin as dhá cheann caillte ag an dá fhoireann seo ach is ag Cúige Laighean a bhí na coimhlintí ba dheacra. I gcoinne Caerdydd agus na Scarlets a bhí siad fad is a bhí Treviso agus na Kings sa mbaile ag na Dragons. Sea,  bua do Chúige Laighean agus deis eile ag Leo Cullen seans imeartha a thabhairt do chúpla duine eile de na himreoirí idirnáisiúnta atá ag filleadh ar an bhfoireann.

I bhfad as baile san Afraic Theas a bheas na hUltaigh agus iadsan ar an mbóthar den chéad uair. Tá dhá chluiche imeartha acu agus dhá chluiche buaite acu a bhuíochas sin de John Cooney agus a bhróg órga a shlánaigh dhá chic a chinntigh bua dá fhoireann sa gcéad dá chluiche sin. Beidh an tríú bua acu Dé Domhnaigh agus iad ag tabhairt faoi na Kings, foireann atá ar thóir a gcéad bhua i bPro 14 na bliana seo. Cuimhnigh nár éirigh leis na Kings ach bua amháin a aimsiú as cluiche is fiche anuraidh. 

Fág freagra ar 'Sprid, croí agus plean ag teastáil ó Chúige Mumhan i ndiaidh taispeántas náireach'