Beidh ‘Féile Chlub Árus na nGael’ ar siúl i gCathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Beidh an Club ar oscailt ar feadh an lae amárach agus cuirfear imeachtaí agus siamsaíocht ó mhaidin.
Beidh ealaíontóirí gairmiúla ag cur múrmhaisiú ar bhalla an Árais ón 11 ar maidin agus beidh fáilte roimh chách a theacht agus an obair a fheiceáil. A fhad is a bheidh an balla á mhaisiú beidh ceardlanna péinteála aghaidhe ar siúl do ghasúir agus taispeántas ón ngrúpa damhsa Youth Ballet West agus Cuisle Ceol.
Beidh an cluiche rugbaí, Éire v An Iodáil, á thaispeáint ag 13.00 sa Chlub agus tráchtaireacht bheo i nGaeilge á déanamh air. Níos deireanaí sa lá beidh réaltaí Ros na Rún ag tabhairt cuairt ar an Árus agus nochtfaidh siad an múrmhaisiú nua go hoifigiúil.
Beidh coirm cheoil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann ann idir 18.00 agus 21.00 sula dtiocfaidh DJ mór-le-rá as Éirinn agus Sasana isteach ag 22.00 le críoch spleodrach a chur leis an bhféile.
Dúirt Emma Ní Chearúil, Oifigeach Forbartha Gaeilge na Gaillimhe, go bhfuil an-áthas ar lucht bainistíochta an Áruis an t-ionad a oscailt don phobal don lá.
“Tá súil againn go n-aimseoidh chuile dhuine imeacht a fheilfidh dó féin ar an lá, an spórt, an ealaín nó an ceol a bheidh ag dul ar aghaidh. Táimid ar bís freisin an múrmhaisiú nua a nochtadh, léireoidh sé stair agus scéal na teanga ar bhealach nua-aimseartha,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.
Fág freagra ar 'Spórt, ceol agus réalta Ros na Rún ag ‘Féile Chlub Árus na nGael’ i gCathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo'