Spongebob an Scannán ar fáil ar UPC

Beidh Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce ar fáil ar UPC On Demand go dtí deireadh na Samhna

Spongebob

Tá fáil anois ag custaiméirí an chomhlachta teilifíse UPC ar an leagan Gaeilge den scannán Spongebob: Spúinse as Uisce ar an tseirbhís UPC On Demand anois.

Tá an scannán ar fáil i rannóg na scannán ar sheirbhísí digiteacha UPC. Féadfaidh custaiméirí leagan gnáthghléine a thógáil ar iasacht ar feadh dhá lá ar €2.99 agus leagan ardghléine a thógáil ar €5.99. Beidh an scannán ar fáil ar UPC On Demand go dtí an 27 Samhain i mbliana.

Bhí an scannán á thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre níos túisce i mbliana. Ba é an chéad fhadscannán Gaeilge do ghasúir a taispeánadh go forleathan i bpictiúrlanna na hÉireann. D’oibrigh an comhlacht léiriúchán Paramount i gcomhar le TG4 agus leis an gcomhlacht Macalla Teo chun an scannán a chur ar fáil i nGaeilge.

Is iad Macalla Teo atá ag déanamh an athghuthaithe ar an tsraith teilifíse Spongebob Squarepants do TG4 ó 1999 i leith. Craoltar an tsraith i gcónaí ar TG4 agus tá teacht ag custaiméirí ar an tsraith saor in aisce ar an rannóg athfhéachana teilifíse ar UPC.

Fág freagra ar 'Spongebob an Scannán ar fáil ar UPC'