Spéis léirithe ag os cionn 500 duine i bpost ar an mBlascaod Mór

Beirt chun dul i bhfeighil chaifé agus lóistín an oileáin Ghaeltachta thréigthe atá á lorg

Spéis léirithe ag os cionn 500 duine i bpost ar an mBlascaod Mór

Tuairiscítear gur chuir níos mó ná 500 duine isteach ar phost do bheirt ar an mBlascaod Mór.

 Beirt chun dul i bhfeighil chaifé agus lóistín an oileáin atá á lorg agus chuir an méad spéise a léiríodh sa phost iontas ar lucht a fhógartha.

 Dúirt Billy O’Connor ar leis an bád farantóireachta The Peig Sayers agus a ritheann áiseanna an oileáin gur chuir daoine ar fud na cruinne isteach ar an bhfolúntas a bheidh ann ón 1 Aibreán go dtí mí Dheireadh Fómhair.

 Bhí an post roimhe seo ag Leslie Kehoe agus a páirtnéir Gordon Bond agus thuill cuntas Kehoe ar na meáin shóisialta faoina seal ag maireachtáil d’uireasa áiseanna nua-aimseartha an tsaoil san oileán poiblíocht mhór, rud ar dócha go raibh baint mhór aige leis an tsuim atá á cur san fholúntas.

Dúirt Billy O’Connor, garmhac le Peter Callery, an dlíodóir ón nDaingean arbh leis cuid mhór den oileán tráth, leis an Irish Times go raibh rabharta iarratas faighte acu ó na ceithre hairde ó fógraíodh an post seachtain ó shin.

 

 

Fág freagra ar 'Spéis léirithe ag os cionn 500 duine i bpost ar an mBlascaod Mór'

  • Tobar Dhuibhne

    Tá Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar, ag súil go gceapfar daoine le Gaolainn le bheith ag obair ann. Is mar gheall ar an dteanga go bhfuil clú agus cáil ar an oileán, agus dheinfí neamhaird bhinbh de chultúr an Bhlascaoid muna bhfuil mbíonn freastal ar an nGaolainn déanta.

  • Sibéal

    Tá an tionscal turasóireachta ag scriosadh cultúir éagsúla ar fud na cruinne gan trácht ar scriosadh na timpeallachta.