‘Sosanna daonnúla’ in Gaza á n-éileamh ag an G7

Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh 10,569 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas, 4,324 páiste ina measc

‘Sosanna daonnúla’ in Gaza á n-éileamh ag an G7

Tá “sosanna daonnúla” sa chogadh in Gaza á lorg ag tíortha an ghrúpa G7.

Agus an dara mí den choimhlint tosaithe, dúirt Hamas go raibh reiligí Gaza “lán”.

Ní hionann sos daonnúil agus an sos cogaidh atá á éileamh ag na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí agus tíortha eile ar fud an domhain.

Deir airí gnóthaí eachtracha an G7 go dtabharfadh sosanna sa troid deis d’áisíneachtaí níos mó cúnaimh a thabhairt isteach go dtí Gaza, agus go dtabharfadh a leithéid cosaint níos fearr do mhuintir Gaza. Thabharfadh sé deis chomh maith, a dúradh, do lucht idirbheartaíochta teacht ar réiteach maidir le saoradh na ngialla atá á gcoimeád in Gaza.

Dúirt Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, arís inné nach mbeadh aon sos cogaidh ann nó go scaoilfí saor na gialla. D’fhógair sé arís eile ar mhuintir Gaza bogadh ó dheas, mar nach raibh aon chuimhneamh ag Iosrael “stopadh”.

Dúirt aire cosanta Iosrael, Yoav Gallant, nach mbeadh aon ghlacadh ach oiread ag Iosrael le sosanna daonnúla nó go mbeadh na gialla scaoilte saor.

Leanadh leis an mbombardú ar Gaza aréir.

Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh 10,569 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas, 4,324 páiste ina measc.

Tá Gaza á bhuamáil gan stad ag Iosrael ó ionsaí thar teorainn Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar maraíodh 1,400 duine agus inar fuadaíodh os cionn 200 duine atá á gcoimeád ina ngialla in Gaza.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil 160 páiste á marú gach lá in Gaza.

Dúirt aire cosanta Iosrael Yoav Gallant aréir go raibh croílár Chathair Gaza bainte amach ag saighdiúirí Iosrael. Dúirt sé go raibh trúpaí Iosrael imithe isteach de ruathar sa chathair ón deisceart agus ón tuaisceart.

Dúirt Cumann an Chorráin Dheirg sa Phalaistín gur dhírigh Iosrael ionsaí ar chonbhua i gCathair Gaza a raibh soláthairtí leighis á iompar aige ar mhaithe le cúnamh a thabhair do dhaoine.

Cúig thrucail a bhí sa chonbhua agus soláthairtí leighis á n-iompar acu “a d’fhéadfadh beatha daoine a shábháil”.

Rinneadh dochar do dhá thrucail agus gortaíodh tiománaí amháin.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh an choimhlint chomh holc sin go raibh sé deacair líon na mbásanna agus méid na fulaingthe a thuiscint.

Fág freagra ar '‘Sosanna daonnúla’ in Gaza á n-éileamh ag an G7'