Sonraí airgeadais na gcoláistí samhraidh lorgtha ag Roinn na Gaeltachta agus pacáiste cúitimh fós á scagadh

Thug Roinn na Gaeltachta le fios roimhe seo go rabhthas ag iarraidh scéim chúitimh a fhógairt roimh dheireadh mhí Lúnasa ach beidh tamall eile ann sula ndéanfar aon fhógra

Sonraí airgeadais na gcoláistí samhraidh lorgtha ag Roinn na Gaeltachta agus pacáiste cúitimh fós á scagadh

Tá sonraí airgeadais na gcoláistí samhraidh iarrtha ag Roinn na Gaeltachta sula gcuirfidh siad scéim chúitimh ar fáil dóibh.

Tá na coláistí samhraidh fós ag fanacht ar fhógra faoi phacáiste cúitimh ón Roinn agus cúrsaí Gaeilge an tsamhraidh seo curtha ar ceal don dara bliain as a chéile de dheasca na paindéime.

Fógraíodh pacáistí cheana do mhná tí na Gaeltachta agus do na hallaí pobail a chuireann áiseanna ar fáil do na coláistí samhraidh ach tá lucht stiúrtha na gcoláistí féin fós ag fanacht ar fhógra faoi thacaíocht.

Dúirt CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, mí Iúil go raibh sé “scannalach agus maslach” gur chuir Roinn na Gaeltachta cúiteamh ar fáil do mhná tí gan tacaíocht bhreise a bheith aontaithe le lucht stiúrtha na gcoláistí féin 

Sheol Roinn na Gaeltachta ceistneoir chuig na coláistí samhraidh roinnt seachtainí ó shin ag iarraidh orthu sonraí airgeadais agus sonraí foirne a chur ar fáil.

I measc an eolais a bhí á lorg, bhí an teacht isteach a bhí ag na coláistí le cúpla bliain anuas, cén leas a bhain siad as tacaíocht Covid-19 an Stáit agus cé na foinsí ioncaim eile a bhí acu.

Iarradh freisin ar na coláistí an t-ioncam agus an caiteachas a bheadh acu idir seo agus deireadh na bliana a mheas.

Dúirt an Roinn leis na coláistí samhraidh go raibh na sonraí airgeadais ag teastáil chun léargas níos iomláine a fháil ar staid reatha na gcoláistí agus go gcabhródh sin leo an pacáiste atá le cur ar fáil do na coláistí samhraidh a chruthú.

Dúradh go n-aithnítear nach ionann an scéal ag gach coláiste agus go mbeadh cuid acu buailte níos measa ná a chéile ag an gcinneadh na cúrsaí a chur ar ceal arís.

Thug an Roinn le fios roimhe seo go rabhthas ag iarraidh scéim chúitimh a fhógairt roimh dheireadh mhí Lúnasa ach tá an sprioc sin thart anois.

Sa chomhfhreagras a sheol an Roinn chuig na coláistí, dúradh go raibh an t-eolas le cur ar fáil roimh an 19 Lúnasa ach tuigtear go bhfuiltear fós ag fanacht ar fhreagraí ó roinnt coláistí.

‘Scannalach agus maslach gur fógraíodh cúiteamh do mhná tí gan pacáistí a bheith aontaithe le dreamanna eile’ – CONCOS

Níor iarradh ar na coláistí samhraidh sonraí airgeadais mar seo a chur ar fáil anuraidh mar chuid den scéim chúitimh a d’fhógair Roinn na Gaeltachta. Bhí an maoiniú sin bunaithe ar líon na ndaltaí a bhí le freastal ar na coláistí an samhradh sin.

Tá éiginnteacht ann go fóill faoin gcineál pacáiste cúitimh a chuirfear ar fáil i mbliana do na coláistí samhraidh i ndiaidh don Roinn rabhadh a thabhairt d’úinéirí na gcoláistí gan a bheith ag brath ar an gcúiteamh céanna a fuair siad anuraidh a fháil i mbliana. Is chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór an chiste cúitimh €3.1 milliún ar fáil do na coláistí samhraidh anuraidh.

Ní dhearnadh aon tagairt shonrach d’éarlaisí sa cheistneoir a scaip an Roinn ar na coláistí samhraidh.

Fógraíodh mí Iúil ciste €2.2 milliún do na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a thagann go dtí an Ghaeltacht sa samhradh ag foghlaim na Gaeilge. Ciste €240,000 a fógraíodh do na hallaí pobail i mbliana.

Dúirt Máire Denvir, Oifigeach Caidrimh Phoiblí CONCOS, níos túisce an samhradh seo gur “cúis mhór díomá” dóibh go raibh an pacáiste cúitimh fógartha do na mná tí gan aon socrú a bheith déanta do na coláistí agus do na hallaí.

Dúirt sí go raibh na mná tí, na coláistí agus na hallaí “fite fuaite ina chéile in aon aonad amháin” agus nárbh “ann do dhream acu gan an dream eile a bheith ina dteannta”.

Dúirt sí go raibh sé thar am an beart a dhéanamh do na coláistí agus na hallaí agus cúiteamh a chur ar fáil chun go mbeadh siad sin ann tosú ar an obair cúrsaí a chur ar fáil in 2022.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh am agus fuinneamh na gcoláistí samhraidh á gcur amú leis an “útamáil uile” maidir le ceist an chúitimh.

Fág freagra ar 'Sonraí airgeadais na gcoláistí samhraidh lorgtha ag Roinn na Gaeltachta agus pacáiste cúitimh fós á scagadh'

  • Dónall

    Más gnó príobháideach iad na coláistí samhraidh agus roinnt acu nár ghlac le comhairle na Roinne gan iarlais a ghlacadh don bhliain seo, conas go dtabharfaí cúitimh dóibh?

  • Seán ÓM

    @Dónall
    Úsáidfinn fhéin uirlis a thugtar “airgead” uirthi. Euro más féidir.