Deir Roinn na Gaeltachta go mbeidh “scéim cúitimh” do na coláistí samhraidh á fógairt acu roimh dheireadh an tsamhraidh.
Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie go raibh “eolas fós á bhailiú” acu maidir leis an “chineál tacaíochta” a d’fhéadfaidís a chur ar fáil do na coláistí samhraidh toisc iad a bheith curtha ar ceal don dara bliain as a chéile.
Dúirt an t-urlabhraí go rabhadar ag súil go mbeadh “toradh na hoibre” atá idir lámha ag an Roinn “le roinnt seachtainí anuas” á fhógairt acu roimh dheireadh na míosa seo.
Tá amhras ann i gcónaí faoin chineál pacáiste cúitimh a chuirfear ar fáil i mbliana do na coláistí samhraidh i ndiaidh don Roinn rabhadh a thabhairt d’úinéirí na gcoláistí gan a bheith ag brath ar an chúiteamh céanna a fuair siad anuraidh a fháil i mbliana.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, thug an Roinn treoir do na coláistí samhraidh ag tús na bliana gan glacadh le héarlaisí do na cúrsaí Gaeilge.
Dúradh sa litir a sheol an Roinn chuig úinéirí an 42 coláiste samhraidh gur ar a bpriacal féin a bheadh sé dá nglacfaidís le héarlaisí ó thuismitheoirí in 2021.
Is chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór an chiste cúitimh €3.1 milliún ar fáil do na coláistí samhraidh anuraidh.
Agus an maoiniú speisialta á fhógairt acu anuraidh, dúirt an Roinn gur socrú “aon uaire” a bhí ann “le cur ar chumas na gcoláistí samhraidh táillí/éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí”.
Deir lucht na gcoláistí féin, áfach, go raibh orthu glacadh le héarlaisí i mbliana toisc go ndearnadh cinneadh “déanach sa lá” faoi chúrsaí 2021 a chur ceal.
Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, le Tuairisc.ie le gairid gurbh éigean do Choláiste Chorcha Dhuibhne agus neart coláistí samhraidh eile glacadh le héarlaisí i mbliana chun costais reatha a ghlanadh.
“Bhí na coláistí Gaeilge ag teacht agus ag imeacht ag fanacht ar scéal ón Roinn agus thógamar éarlaisí mar bhíomar i mbun obair phleanála do na cúrsaí.
“Cuid de na coláistí, mar atá againne, tá daoine fostaithe go lánaimseartha ó cheann ceann na bliana. Tá costais reatha, costais foirgnimh ar gá cothabháil a dhéanamh orthu, agus árachas mar a bheadh ag aon ghnó i gceist.”
Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta cheana gurb í an sprioc a bhí aige ná a chinntiú go mbeadh “teacht aniar” i ndán don earnáil “ionas go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus sna blianta amach romhainn”.
Fógraíodh an mhí seo caite ciste €2.2 milliún do na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a thagann go dtí an Ghaeltacht sa samhradh ag foghlaim na Gaeilge. Ciste €240,000 a fógraíodh do na hallaí pobail i mbliana.
Tá cáineadh géar déanta ag lucht an fhreasúra faoin scéala nach bhfuil aon chiste cúitimh curtha ar fáil do na coláistí samhraidh i mbliana.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh sé “déistineach” go raibh an samhradh nach mór caite agus gan aon tacaíocht curtha ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh.
Pléadh ceist na gcoláistí samhraidh i dTithe an Oireachtais an mhí seo caite agus ionadaithe ó ghrúpaí atá bainteach leis an earnáil os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais.
Dúirt Máire Denvir ó CONCOS, an grúpa a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, le linn an chruinnithe sin gur “cúis mhór díomá” dóibh nár fógraíodh ciste cúitimh do lucht na gcoláistí samhraidh agus na hallaí pobail nuair a fógraíodh an ciste do na mná agus fir tí ag tús mhí Iúil.
Fág freagra ar '‘Scéim cúitimh’ do na coláistí samhraidh le fógairt roimh dheireadh an tsamhraidh – Roinn na Gaeltachta'