‘Soiléiriú’ fós á lorg faoi fhorbairt chéanna Inis Oírr agus Inis Meáin

Comhlacht comhairleoireachta á fhostú chun plé le forbairt ché Inis Oírr agus soiléiriú á lorg ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi ché Inis Meáin

‘Soiléiriú’ fós á lorg faoi fhorbairt chéanna Inis Oírr agus Inis Meáin

Tá sé aontaithe ag Roinn na Gaeltachta le Comhairle Chontae na Gaillimhe go ndéanfaí comhlacht a fhostú athuair chun comhairle a sholáthar i dtaobh síneadh a chur le cé Inis Oírr.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios go n-iarrfar i dtús báire ar an gcomhlacht comhairleoireachta “luacháil a dhéanamh ar chostas iomlán an tionscadail”.  Iarrfar ar an gcomhlacht chomh maith plean oibre a ullmhú don tionscadal.

I mí Eanáir a thug an tAire Stáit Gaeltachta le fios ar dtús go bhfostófaí comhairleoirí chun an fhorbairt atá beartaithe do ché Inis Oírr a thabhairt chun cinn agus dúirt sé an uair sin go mbeadh tairiscintí a lorg don obair thógála i mbliana.

Agus ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air faoin síneadh ar ché Inis Oírr á freagairt aige, dúirt an tAire nach bhféadfaí a rá “ag an bpointe seo” cé mhéad airgid a chaithfí ar an togra in 2017.

Idir an dá linn, thug an tAire Stáit le fios go raibh a Roinn i dteagmháil le déanaí le Comhairle Chontae na Gaillimhe chun soiléiriú a fháil uathu maidir le “staid reatha” Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin.

Dúirt an tAire go rabhthas ag súil le soiléiriú ón gComhairle faoin obair atá déanta go dtí seo i dtaobh ché Inis Meáin, mar aon le soiléiriú faoi bhailíocht na gceadúnas atá faighte cheana don obair agus cur síos “ar amchlár imlíneach na gcéimeanna atá le tógáil chun an tionscadail a chur i gcrích”.

“Ach an fhaisnéis seo a bheith faighte ón gComhairle Contae, beidh mé in ann cinneadh a dhéanamh maidir le maoiniú don chéad chéim eile den tionscadal,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Dúirt an tAire chomh maith go bhfuil oifigigh a Roinne ag casadh le hionadaithe ó Inis Meáin an tseachtain seo chun na “féidearthachtaí i ndáil leis an tionscadal seo a bhrú chun cinn a phlé”. Tá sé i gceist cruinniú le Comhairle Chontae na Gaillimhe a eagrú ina dhiaidh sin, a dúirt sé.

Tá ráite ag an iarAire Gaeltachta an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur “beart toghchánaíochta” ab ea fógairt an mhaoinithe d’fhorbairt ché Inis Oírr . Dar le Ó Cuív gur léir anois nach ndéanfar aon dul chun cinn maidir le forbairt na céibhe “go dtí 2018 ar a luaithe”, agus mar sin, gur cheart an maoiniú a fógraíodh dó in 2015 a chaitheamh ar thograí eile.

Fág freagra ar '‘Soiléiriú’ fós á lorg faoi fhorbairt chéanna Inis Oírr agus Inis Meáin'