Socruithe sochraide Joe Steve Uí Neachtain fógartha

Tá pobal na teanga faoi scáth ó chualathas an scéal go raibh an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain, duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann, ar shlí na fírinne

Socruithe sochraide Joe Steve Uí Neachtain fógartha

Tá socruithe sochraide Joe Steve Uí Neachtain fógartha.

Beidh an scríbhneoir, aisteoir agus gníomhaí pobail cáiliúil a bhásaigh ag an deireadh seachtaine á thórramh i dTeach Tórraimh Uí Neachtain ar an gCnoc in  Indreabhán idir 4pm agus 7pm tráthnóna amárach, Dé Máirt.

Léifear Aifreann na sochraide dó i Séipéal Naomh Ainnín, An Cnoc, ag meán lae Dé Céadaoin agus cuirfear i Reilig an Chnoic ina dhiaidh sin é.

Tá pobal na teanga faoi scáth ó chualathas an scéal go raibh Joe Steve Ó Neachtain, duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann, ar shlí na fírinne.

Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal do Joe Steve Ó Neachtain agus bhí a shaol agus a shaothar fréamhaithe sa cheantar as ar fáisceadh é agus inar chaith sé formhór a shaoil.

D’fhág sé  lorg buan ar shaol na Gaeltachta agus ar litríocht na Gaeilge mar cheannródaí i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus mar scríbhneoir ildánach.


Joe Steve Ó Neachtain 1942-2020 – duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann tar éis bháis


Cuireadh aithne air chomh maith ar fud na tíre mar gheall ar a pháirt mar Pheadar Ó Conghaile ar Ros na Rún agus thug sé 21 bliain leis an sobaldráma Gaeltachta.

Fear Gaeltachta go smior ab ea é agus ba iad a mhuintir féin, a phobal féin agus a theanga féin ba ghaire dá chroí.

“Sna garbhchríocha i measc na cosmhuintire atá mo shaol caite agam. Pobal misniúil nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal ach a thug oidhreacht agus áilleacht Chois Fharraige slán ó ghlúin go glúin,” a scríobh sé féin ina leabhar Fad Saoil.

Scríbhneoir ildánach ab ea é a scríobh drámaí, gearrscéalta, úrscéalta, filíocht, sceitseanna, amhráin, geamaireachtaí, scoraíochtaí agus agallaimh bheirte.

Bhí cáil air chomh maith gur duine croíúil lách cuiditheach é agus bhí cion dá réir ag daoine i bhfad is i ngearr air.

Fágann sé ina dhiaidh a bhean chéile Máirín, a mbeirt iníonacha, Luisne agus Aisling, a mac Páid, a mhuintir agus a chairde go léir.

Fág freagra ar 'Socruithe sochraide Joe Steve Uí Neachtain fógartha'