‘Smaoineamh iontach’ a bheadh i seirbhís i nGaeilge, a deir ceannasaí AIB

Tá Conradh na Gaeilge le teagmháil a dhéanamh le AIB chun plé a dhéanamh faoi sheirbhísí baincéireachta ar líne i nGaeilge

‘Smaoineamh iontach’ a bheadh i seirbhís i nGaeilge, a deir ceannasaí AIB

Tá Conradh na Gaeilge le dul i dteagmháil le AIB tar éis do phríomhfheidhmeannach an bhainc a thabhairt le fios go mbeadh sé báúil níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Airgeadais an Oireachtais le gairid, dúirt an Dr Colin Hunt gur “smaoineamh iontach” a bhí ann go dtabharfadh AIB faoi sheirbhísí baincéireachta ar líne a chur ar fáil i nGaeilge.

Is í an Teachta Dála Mairéad Farrell a phléigh an cheist le príomhfheidhmeannach AIB agus dúirt nach raibh daoine in ann a gcuid baincéireachta ar líne a dhéanamh trí Ghaeilge, in ainneoin go raibh daoine ann arb í an Ghaeilge a gcéad teanga.

Dúirt an Teachta de chuid Shinn Féin go bhféadfadh AIB “bheith ar thús cadhnaíochta” i dtaobh seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí, moladh ar chuir Hunt fáilte roimhe.

Deir Conradh na Gaeilge anois go bhfuiltear chun cruinniú a lorg le príomhfheidhmeannach AIB chun an scéal a phlé a thuilleadh agus súil ann go léiríonn dearcadh Hunt go dtabharfar cluas éisteachta do chás phobal na Gaeilge atá ag éileamh seirbhísí.

Ní hí Mairéad Farrell an chéad pholaiteoir a bhfuil aird tarraingthe aici ar an easpa seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann na bainc ar fáil.

Dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee anuraidh go raibh sé “scanrúil” agus “náireach” nach bhfuil suíomhanna idirlín ná aipeanna na mbanc ar fáil trí Ghaeilge.

Mheas Clifford-Lee nach raibh “suim dá laghad” léirithe ag na bainc an fhadhb a réiteach agus go gcaithfí brú a chur orthu seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.

Tá ráite ag Barry Ward, Seanadóir de chuid Fhine Gael, freisin go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí seirbhís i nGaeilge ar fáil dóibh siúd a bhí á hiarraidh.

Fág freagra ar '‘Smaoineamh iontach’ a bheadh i seirbhís i nGaeilge, a deir ceannasaí AIB'

  • AnRógaire

    Céad bliain tar éis bhunú an stáit agus níl seiribhísí ar fáil fós ó na hinstiúidí airgeadais i dteanga oifigiúil. Cad is fiú staid bunreachtúil na teanga? Faic, go praiticiúil.