Scór bliain ó phléasc buama na hÓmaí, ar an 15 Lúnasa 2018, tá ceisteanna ann nach bhfuil freagra fós orthu faoin eolas a bhí ag na fórsaí slándála roimh ré, agus faoin dóigh gur fhiosraigh siad an scéal.
Is eol go bhfuair na fórsaí slándála ar a laghad dhá rabhadh. Chuir fear anaithnid glaoch guthán ar bhleachtairí ar an Ómaigh ar an 4 Lúnasa. Mhair an comhrá deich mbomaite. Dúirt an fear go raibh an IRA Leanúnach le hionsaí a dhéanamh ar an phéas ar an Ómaigh ar an 15 Lúnasa.
Dúradh go raibh raidhfil AK47 agus dhá theilgeoir roicéid le haistriú go teach ó dheas den Ómaigh cúpla lá roimh an 15 Lúnasa.
D’ainmnigh an té a ghlaoigh ar na póilíní triúr fear agus teaghlach a dúirt sé a bhí bainteach leis seo. (Cé gur ghlac an Fíor-IRA freagracht as an bhuama, bhí lámh ag daoine ón IRA Leanúnach ann).
Trí lá roimh an tubaiste, thug an spiaire Peter Keeley faisnéis don phéas a bhí ag déileáil leis. Ag an am sin bhí beagnach scór bliain caite ag Keeley san IRA Oifigiúil, san IRA (Sealadach) agus ansin san Fhíor IRA. Bhuail Keeley le Patrick Joseph ‘Mooch’ Blair, comhalta aitheanta den bhFíor IRA in aice le Dún Dealgan. Bhí Blair ag déanamh buama. Níorbh eol do Keeley cá gcuirfí an buama, ach bhí sé le cur áit éigin go luath.
Ba i gceantar Thuaisceart Lú/Deisceart Ard Mhacha a rinneadh buama na hÓmaí, agus b’as an gceantar sin an fhoireann buamála.
Ar lá an bhuama féin, de réir eolais a tugadh ag an Choiste Cróinéara, ní raibh péas ar bith ar dualgas i lár an bhaile ar an Ómaigh thart ar an am gur tugadh an buama isteach. Bhí dhá phatról caranna amuigh. Nuair a tháinig an rabhadh faoin bhuama, bhí dream amháin ag fiosrú eachtra in eastát tithíochta ar an taobh ó thuaidh den bhaile agus an ceann eile ag fiosrú eachtra faoin tuath.
Ba ghnáth le Divisional Mobile Support Unit a bheith ar phatról faoi éide i gcarranna sibhialta fán bhaile. Ar lá an bhuama, bhí an leathchuid acu seo ar lá saor agus iad ag freastal ar bhainis. Bhí an leathchuid eile, chomh maith le roinnt péas eile, le dul go dtí an Chill Chaoil i gCo an Dúin.
Tá an Chill Caoil beagnach ar an bhall is faide ón Ómaigh sa Tuaisceart. Nuair a fuarthas an rabhadh, bhí na péas seo i jípeanna ag an bheairic.
Níor tugadh aon eolas faoin ghlaoch guthán ar an 4 Lúnasa do na péas a bhí ag fiosrú an bhuama. Níor tháinig an chuid sin den scéal chun solais go dtí go ndearna Ombudsman na bPóilíní, Nuala O’Loan, a fiosrúchán in 2001.
Níor ceistíodh duine ar bith díobh siúd a ainmníodh sa ghlaoch gutháin ar an 4 Lúnasa, ar a laghad go dtí 2002 agus ní raibh a fhios ag beirt acu ar a laghad gur ainmníodh iad, go dtí gur labhair mé féin leo in 2002. Níl fianaise ar bith ann go raibh baint ag aon duine acu leis an bhuama. Ach is léir go raibh eolas faoin bhuama ag an duine a ghlaoigh ar na póilíní an lá sin, agus go raibh faltanas idir é agus na daoine a d’ainmnigh sé. Níor fiosraíodh sin.
Bhí 360 cáipéis a bhain le buama na hÓmaí ag Brainse Speisialta an RUC. De réir an Ombudsman, níor roinneadh 78% de na cáipéisí sin leis an bhfoireann fiosrúcháin.
Chomh maith leis sin, bhí an fiosrúchán seo ina lánstad faoi 2000.
Baineann ceisteanna freisin le ról Sean O’Callaghan, nach maireann, iarchomhalta sinsearach den IRA a bhí ina spiaire ag MI5 agus i mbun poiblíochta do ghrúpa tacaíochta ghaolta na n-íospartach.
Is é an seans is fearr atá againn le teacht ar an fhírinne faoi bhuama na hÓmaí ná cás Laurence Rush, nach maireann, ar maraíodh a bhean sa bhuama. Bhí cás cúirte á thabhairt ag Laurence Rush in aghaidh an Ardchonstábla agus an Státrúnaí. Tá a theaghlach ag leanúint leis an chás.
Fág freagra ar 'SLÉACHT NA hÓMAÍ 1998-2018: Ceisteanna go leor fós gan aon fhreagra orthu…'