Slán leis an gCeol – léargas macánta ar shaol agus ar shaothar Tony MacMahon

An seanchas ar an teallach in Iorras Aithneach a spreag Cathal Ó Cuaig dul sa tóir ar scéalta ar nós scéal an cheoltóra iomráitigh Tony MacMahon

Slán leis an gCeol – léargas macánta ar shaol agus ar shaothar Tony MacMahon

Beidh Slán leis an gCeol, scannán nua faisnéise Chathail Uí Chuaig faoin gceoltóir aitheanta Tony MacMahon á léiriú den chéad uair ag TradFest 2019 amárach. Gealltar gur ‘portráid’ atá i Slán leis an gCeol de “ealaíontóir ardéirimiúil ildánach fealsúnach” agus é buailte i ndeireadh a shaoil ag an ngalar Parkinsons.

Ní chuirtear fiacail ann ach oiread agus saol pearsanta corraitheach an cheoltóra faoi chaibidil agus ní furasta uaireanta dul siar ar bhóithrín na smaointe in éindí leis.

An seanchas ar an teallach in Iorras Aithneach a spreag Cathal Ó Cuaig dul sa tóir ar scéalta ar nós scéal MacMahon.

“Seanchas sa mbaile i ndáiríre a spreag mo chuid spéise i scéalta a inseacht. Ag fás aníos in Iorras Aithneach, bhí muid báite sa seanchas, sa gceol agus sa damhsa. Mar thogra scoile agus mé ar an mbunscoil, is cuimhin liom seanchas a bhailiú go háitiúil ó na seandaoine. Nó b’fhéidir nach raibh siad leath chomh sean agus a cheap mise ag an am agus gur an-óg a bhí mise!”.

Agus an raibh muintir na háite sásta páirt a ghlacadh ina leithéid de thogra? “Óra tuige nach mbeadh? Bhíodh daoine ag teacht as chuile cheard ag bailiú seanchais ar mhaithe le taighde sa gceantar. Ach chuaigh spéis daoine óga an cheantair ina scéalta go mór i gcion orthu.”

Mar sin, má tá an scannánaíocht gar do chroí Uí Chuaig is í an tsuim a bhí aige riamh sa scéalaíocht is cúis leis.

Chuaigh an stair go mór i bhfeidhm air chomh maith.

“Tá sé ráite gurbh é brúidiúlacht na dtiarnaí talún in aimsir an ocrais sa tír seo a spreag Bram Stoker Dracula a chumadh. Ní smaoineofá air sin, b’fhéidir, agus thú ag féachaint ar Buffy the Vampire Slayer sa lá atá inniu ann.”

Tá dlúthbhaint idir an scéalaíocht agus an stair i gcás an scannánóra seo as Cill Chiaráin agus baintear an-úsáid as ábhar cartlainne i Slán leis an gCeol, rud a thugann léiriú paiteanta don lucht féachana ar shaol na 1970idí agus na 1980idí.

Scaití is deacair a chreidiúint agus sinn ag féachaint ar stuif na cartlainne gur mar sin a bhí.

Bíodh gur scéal duairc, agus scaití náireach fiú, é scéal Tony MacMahon, insítear go fileata é sa scannán seo agus tugtar léargas macánta ann ar shaol duine de laochra an cheoil Éireannaigh agus é ag druidim le deireadh a shaoil.

Beidh an chéad léiriú de Slán leis an gCeol ar siúl ag TradFest 2019 ar siúl Dé Sathairn in Institiúid Scannán na hÉireann

Fág freagra ar 'Slán leis an gCeol – léargas macánta ar shaol agus ar shaothar Tony MacMahon'