Slán fágtha ag an gcuibhriú agus gan agam ach caisleáin óir…

Ní mé nach é an laochas is an buíochas atá á scaipeadh ag Cóividíteas a chniogfas mé

Slán fágtha ag an gcuibhriú agus gan agam ach caisleáin óir…

Tá mé féachta amach ceart críochnaithe.

Ní mé nach é an laochas is an buíochas atá á scaipeadh ag Cóividíteas a chniogfas mé.

Tá a bhfuil de leabhra sa teach léite, athléite agus ceartaithe agam.

Tá fealsaimh mhóra an domhain ceadaithe agam. Tá filíocht na nGael agus na nGall ina liodán leapan agam agus an mharthain Phádraig agus Salm na Mallacht á bhfógairt agam roimh éirí dom.

Tá stair an domhain cíortha agus athscríofa agam ón lá siúd ar cuireadh duilleog fige agus ualach pheaca an tsinsir ar Éabha i ngairdín Pharthais.

An lá céanna a ndearnadh coinsias an fhir agus an domhain di, cúram atá ina chroimeasc uirthi ó shin.

Níl cáca, toirtín ná plaicín neamúil nach bhfuil bruite agam.

Níl ainmhí feola ar domhan nach bhfuil feannta, saillte agus rósta agam.

Níl neantóg, raithneach ná dris nach bhfuil basctha agam.

Níl meacan, fata ná luibh ar chlár na cruinne nach bhfuil curtha agam.

Níl ball éadaigh sa teach nach bhfuil paisteáilte píosáilte iarnáilte agus athchúrsáilte agam.

Níl nead damhán alla ná scailp míoltóige nach bhfuil coillte agam.

Níl tinn, bocht ná nocht nach ndearna mé fóirithint orthu.

Níl slapar boilg ná tóna nach bhfuil meilte dóite agam ag rith maratón ar mo chéalacan, taobh istigh de 5km na lianna.

Níl lúb ná cor pilates is ióga nach bhfuil go paiteanta agam.

Níl goirín ná marach nach bhfuil scafa agam.

Locháinín lachan atá i Muir nIocht thairis a bhfuil den Atlantach snáfa agam ó d’fhógair an giúgaí gágaí de Tony sin orm daoine aicídeacha a sheachaint agus éirí as mo chuid fraecsála.

Is mór an peaca nach mbeidh na cluichí Oilimpeacha ann i mbliana agus beag an baol nach mbeinnse sa gcomhaireamh. ‘Mise á rá  leatsa, a Chonán Maol na Mallacht, go dtabharfainnse do dhóthain le déanamh go maith duit,’ a deirim le lúthchleasaí na Féinne agus mé ag séirsíocht suas agus anuas Toit Chonáin.

Cá bhfuair mé an t-áiméar ar an rachmall oibre is féin-athchóirithe seo ar fad?

An carghas fada ar scéalta nuachta, ar nuachtáin, ar chláracha cúrsaí reatha, ar athchraoltaí, ar phodchraoltaí, ar Zúmálacha agus ar sheideanna, ar chomhrá carad is namhad, ar na meáin shóisialta, ar ghúgláil ceisteanna sláinte agus ar chaint san aer.

Spailpíní ar aimsir sa Dáil, an snaidhm bainte den sparán, an tír uilig ag déanamh aeir sa gcuibhriú – agus mise is mo chaisleáin óir bailithe sna cearca fraoigh.

Fág freagra ar 'Slán fágtha ag an gcuibhriú agus gan agam ach caisleáin óir…'

  • Donla

    Nár laga Dia ná cóibhid thú!

  • Máire Ní Shé

    Maith thú a Mháire. Níl do shárú le fáil agus do chuid friotal ag preabarnach den bpár.