The Post
Táirge ó cheárta Steven Spielberg a dhíreoidh ar an gcomhghuaillíocht idir úinéir agus eagarthóir The Washington Post agus scannail éagsúla á dtabhairt chun solais acu. Bean de dhream uasal í an t-úinéir agus beidh sí á léiriú ag an gceardaí í féin, Meryl Streep. Tá ainmniúchán Oscar aici cheana féin, a déarfainn. Tom Hanks a léireoidh an t-eagarthóir Ben Bradlee. Foireann aisteoirí cuidsúlach anseo agus Sarah Paulson, Bob Odenkirk, Bradley Whitford agus Bruce Greenwood ina measc.
Three Billboards Outside Ebbing, Missouri
Saothar eile ón saoiste Martin McDonagh, duine de na stiúrthóirí/scríbhneoirí is sainiúla dá bhfuil ann.
Tá Frances McDormand taobh leis don saothar seo a dhíreoidh ar bhean ó Missouri atá in umar na haimléise ó dúnmharaíodh a hiníon. Sroicheann sí deireadh na feide agus crochann sí trí chlár fógraí ag cur i leith na n-údarás go bhfuilid ag tarraingt na gcos. Sam Rockwell, agus Woody Harrelson i rólanna tánaisteacha. An greann agus an ghruaim á gcniotáil le chéile.
Lady Bird
An é seo an saothar a ghnóthóidh duais Oscar do Shaoirse Ronan sa deireadh? Cuireann sí inár láthair cailín atá ag teacht in inmhe in Sacremento in 2002. Na sceitimíní agus imní a bhaineann le dul an choláiste, an brú comhaoise, an grá agus an comhrac lena máthair; beidh siad ar fad anseo dealraíonn sé. Laurie Metcalf i ról na máthar agus más aon chomhartha na blúiríní fógraíochta is seoid bheag a bheidh anseo.
The Phantom Thread
Beidh ort do shúil a chaitheamh ar an gceann seo. An chéad gheábh ar scáileán ag draoi Chill Mhantáin, Daniel Day-Lewis, ó 2012 nuair a chroch sé leis Oscar dá léiriú ar Abraham Lincoln. Más fíor scéal ’sé an geábh deireanach aige é chomh maith agus é socraithe le déanaí aige a chaipín a chaitheamh leis an aisteoireacht. Saol an fhaisin i Londain sna caogaidí a bheidh idir chamáin an babhta seo. Paul Thomas Anderson, a bhí ar an stiúir do There Will Be Blood, mar leathbhádóir aige arís. Cá bhfios ná go mbeidh an ceathrú deilbhín ina ghlac aige agus é ag léim thar claí.
I, Tonya
Cuma an-suimiúil ar an gceann seo; táirge a dhéanfaidh an drámatúlacht a shníomh leis an ngreann. Díreoidh sé ar scéal Tonya Harding, duine de phiardaí móra na scátála fíoraí sna nóchaidí. Cuireadh ina leith i 1994 gurbh í ba chionsiocair le hionsaí a chuir deireadh le saol scátála a céile comhraic Nancy Kerrigan. Caint cheana féin go mbeidh Margot Robbie go mór san iomaíocht ar oíche na nOscar.
The Florida Project
Scannán a mbeidh ardú croí agus briseadh croí ag baint leis. Leanfaimid Moonee, leanbh seanchríonna sé bliana d’aois ar feadh samhraidh amháin agus í mbun diabhlaíochta in óstán cois bóthair gan dealramh faoi scáth Disney World. A máthair ag imeacht ar bóiléagar agus í ag dul faoi chúram an úinéara. Willem Dafoe agus an t-ógánach Brooklynn Prince sna príomhrólanna.
Darkest Hour
Scannán eile fós a bhfuil Winston Churchill ina lár istigh. Thug Brian Cox faoin ról anuraidh agus tá léiriú iontach déanta ag John Lithgow air sa tsraith The Crown. ’Sé Gary Oldman a thabharfaidh faoi an babhta seo. Ní nach ionadh díreofar ar thréimhse an Dara Cogadh Domhanda. Kristin Scott Thomas i ról tánaisteach.
Iomaire na Gaeilge
Bhí cad é bús faoi Cine4 nuair a fógraíodh é i dtosach. Tá an scéim, ar comhghuaillíocht í idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann faoi lán seoil faoi láthair. Tá tuairim is €25,000 curtha ar fáil le forbairt a dhéanamh ar chúig thogra difriúil. Roghnófar péire astu sin le léiriú agus beidh buiséad suas le €1.2 milliún acu. Beidh siad sna pictiúrlanna ar feadh scaithimh sula gcraolfar ar TG4 iad. Seo na cúig thogra a bhfuil an maoiniú bunaidh faighte acu.
Abú Media leis an togra, ‘Finky’;
Danú Media leis an togra, ‘Saoi’;
Fíbín Media leis an togra, ‘Finscéal’;
Macalla leis an togra, ‘Arracht’;
Wildfire Films leis an togra, ‘Sail Óg Sarah’.
Dar le suíomh TG4 bhí 30 iarratas istigh ar an scéim ó 21 comhlacht difriúil. Díol suntais go bhfuil sé luaite go sonrach go dtabharfar “tosaíocht “do chomhlachtaí léiriúcháin “ar léir polasaí láidir a bheith acu” maidir leis an nGaeilge “a fhorbairt mar theanga oibre léiriúcháin”.
Fág freagra ar 'Slán á fhágáil le Day-Lewis agus fáilte á cur roimh ‘Cine 4’…'