Sioc agus sneachta geallta an chuid eile den tseachtain

Idir a dó agus cúig chéim Celsius a bheidh an teocht i rith an lae agus titfidh go trí chéim faoi bhun an reophointe san oíche

Sioc agus sneachta geallta an chuid eile den tseachtain

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá rabhadh buí sneachta agus seaca atheisithe ag Met Éireann ar maidin inniu agus é i bhfeidhm anois go dtí an Satharn, an dara lá Feabhra. 

Beidh sé an-fhuar an tseachtain seo ar fad agus beidh múrtha clocha sneachta, flichshneachta agus sneachta san iardheisceart, san iarthar agus sa tuaisceart. Idir dó agus cúig chéim Celsius a bheidh an teocht i rith an lae an chuid eile den tseachtain agus titfidh go trí chéim faoi bhun an reophointe san oíche.

Beidh sioc forleathan agus beidh stráicí bóthair sleamhain in áiteanna, go háirithe na bóithre sin nach mbeidh aon ghaineamh nó grean scartha orthu ag na húdaráis.  D’fhéadfadh duartan maith sneachta titim Déardaoin.

Tá rabhadh buí gaoithe eisithe chomh maith do bháid bheaga agus gaoth fórsa 6 nó níos airde á tuar anocht ag Met Éireann. Aniar go aniar aduaidh a bheidh an ghaoth ar chóstaí uile na hÉireann anocht agus gustaí láidre léi.

Tá fógra eisithe ag na Gardaí gur chóir do thiománaithe a bheith san airdeall ar na bóithre agus deir siad an bóthar idir Bearna Bhealach Shailearnáin agus Gleann Crí i gCill Mhantáin a sheachaint de bharr a bhfuil de shneachta ag síobadh ar an mbóthar sin.

Tá iarrtha ag AA Roadwatch ar thiománaithe a bheith airdeallach ar na bóithre sa drochaimsir seo agus tuilleadh spáis a fhágáil idir iad féin agus an carr a bhíonn rompu. Comhairlíonn siad chomh maith a bheith cinnte go bhfuil an carr in acmhainn don aistear sa bhfuacht – cadhnra, boinn, frithreo, córas leictreachais agus gan dearmad a dheanamh tóirse, pluid, comhartha rabhaidh agus spéaclaí gréine a bheith againn sa gcarr.

Fág freagra ar 'Sioc agus sneachta geallta an chuid eile den tseachtain'