Sinn Féin, sóisialaithe nó púdail?

Tá na Sinn Féinigh tugtha isteach as an bhfuacht anois agus beifear ag iarraidh iad a thraenáil mar a thraenálfá mada den mhianach púdail

Sinn Féin, sóisialaithe nó púdail?

Bhain toradh an olltoghcháin stangadh ceart as na Tráchtairí Móra. Is beag nach mbeadh trua agat dóibh agus iad ag iarraidh é a mhíniú. Déarfá leat féin gur dream a bhí i gcuid acu ar tháinig dó croí orthu de léim agus gur mhaith a d’fheilfeadh cúpla piolla Rennie dóibh.

Bhí cuid eile acu ag rith thart i ndiaidh a n-eireabaill.

Smideanna beaga a bhí acu i dtosach ach nuair a fuair siad an chaint leo níorbh fhada gur thosaigh focail ag teacht chugainn ar eite na gaoithe nár shíl siad roimhe sin go mbeadh orthu iad a rá.

B’fhacthas dóibh anois go raibh an toradh dochreidte agus millteanach. Thosaigh siad ag caint ar chrith talún, ar rabharta, ar an súnámaí agus ar na plátaí teicteonacha polaitíochta a bheith a bhí ag imeacht ó chéile.

Ach mar is minic leis na Tráchtairí Móra ba ghearr go raibh siad ag iarraidh a chur ina luí orainn go raibh tuiscint mhaith acu i gcónaí ar na cúiseanna a bhí leis an Athrú Mór.

Seachtain roimh an toghchán bhí Michael McDowell ag bagairt orainn go raibh an daonlathas i mbaol. Luaigh sé Poblacht Weimar sa nGearmáin agus an drochthoradh a tháinig nuair a thit an phoblacht sin as a chéile.

Chomh luath agus a bhí toradh an olltoghcháin istigh baineadh an dalladh púicín de agus osclaíodh a shúile dhó. Bí ag caint ar Saul agus é ar a bhealach go Damascus.

Chaith McDowell seal ina cheannaire ar an bPáirtí Daonlathach, an páirtí a raibh dlí an mhargaidh ina Dhia acu. Is cosúil go bhfuil an lá sin caite anois, dar leis. Is é an teagasc atá inniu aige nach féidir cúrsaí go leor a fhágáil faoin margadh.

In alt leis a foilsíodh san Irish Times an lá faoi dheireadh, mhínigh sé a dhearcadh gan scáth gan náire. Ar fhaitíos go ndéanfainn éagóir air le haistriúchán, seo mar a dúirt sé:

“I have spoken and written for years now that market forces cannot by themselves address the issue of housing and urban planning. I have also consistently pointed that the Constitution is no barrier whatsoever to radically different policy choices or to State intervention to tackle homelessness.”

Caithfidh na Tráchtairí Móra a modh oibre a athrú feasta agus iad ag iarraidh an ghaoth a bhaint as seolta Shinn Féin. Níor oibrigh an reacaireacht uafáis. Ní thabharfar aird ar eachtraí gránna a tharla i dTuaisceart Éireann blianta ó shin.

Sinn Féin a choilleadh go polaitiúil ar bhealach eile an aidhm a bheas acu as seo amach. Tá na Sinn Féinigh tugtha isteach as an bhfuacht anois ach caithfear iad a thraenáil mar a thraenálfá mada den mhianach púdail.

Tá sé déanta amach ag na Tráchtairí Móra cheana féin nach bhfuil Sinn Féin chomh sóisialach agus a shíl siad i dtosach. Ach is breá leo fós Veiniséala a tharraingt anuas, rud a rinne bobaide as Fianna Fáil nó as Fine Gael ar chlár raidió an lá faoi dheireadh.

Ba ghearr a thóg sé ar Louise O’Reilly é a fhreagairt. Scéal chailleach an uafáis atá ansin, a dúirt sí. Níl uainne, ar sise, ach seirbhísí a chur ar fáil atá ina ngnáthchuid den saol i dtíortha eile na hEorpa—tithíocht, córas ceart sláinte, córas maith cúram leanaí agus roinnt rudaí le cois.

Go fiú fostóirí agus lucht airgid tá siad ag glacadh de réir a chéile le Sinn Féin. Síleann siad anois nach contúirt mhór ar bith iad don chóras deas bog, a bhí acu féin faoi rialtais Fhine Gael agus Fhianna Fáil.

Thug Príomhstiúrthóir Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Danny McCoy, a bhreithiúnas ar Shinn Féin tar éis an toghcháin. Is fiú a chuid focal a chur síos go beacht anseo: “Their instincts are not that mad when it comes to business.”

Labhair an forbróir réadmhaoine Johnny Rohan . “Sensible stuff” a thug sé ar na geallúintí atá déanta acu faoi infheistíocht.

Sin í an imní is mó atá ar chuid againn nach páirtí radacach ar chor ar bith iad Sinn Féin: go gcuirfear an dallamullóg orthu agus go gcuirfear an pionna iontu mar a cuireadh i bPáirtí an Lucht Oibre.

B’fhéidir sa deireadh nach mbeidís tada níos fearr ná a bhí Fianna Fáil tar éis dóibh siúd a theacht i gcumhacht i 1932. Chuir siadsan scéim mhór tógála tithe ar bun agus d’fheabhsaigh siad saol na cosmhuintire ar bhealaí eile dá réir.

D’fheabhsaigh ach is duine simplí a déarfadh gur sóisialaithe a bhí iontu.

Fág freagra ar 'Sinn Féin, sóisialaithe nó púdail?'

  • alan titley

    agus dúirt Peter Sutherland rud den tsaghas céanna…dá mbeidís i gcumhacht go mbeidís chomh mín le clúmh. Mura raibh eagla ar Pheter…