Sinn Féin in aimhréidh maidir le ceist ambasadóir Iosrael

Léirigh a n-athrú intinne faoi cheist ambasadóir Iosrael éidreoir éigin i measc lucht pleanála polasaí an pháirtí ach d’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag an eachtra ar chúrsaí polaitíochta

Sinn Féin in aimhréidh maidir le ceist ambasadóir Iosrael

Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Pic: Sam Boal/RollingNews.ie

Bhí clú riamh ar Shinn Féin, fiú ina measc siúd a raibh déistin orthu i leith an pháirtí, gur dream cliste cumasach iad.  Ach is cosúil go bhfuil an páirtí in aimhréidh maidir leis an moladh gur chóir ambasadóir Iosrael, Dana Erlich, a chur abhaile. 

D’éiligh Sinn Féin roinnt blianta ó shin gur chóir é sin a dhéanamh, ach le linn na coimhlinte is déanaí ní raibh an páirtí ag tacú leis an éileamh sin.  Cháin páirtithe ar an eite chlé i bhfad amach iad dá bharr, agus fiú cháin an SDLP agus Páirtí an Lucht Oibre iad, dreamanna a d’éiligh uilig go ndíbreofaí an t-ambasadóir. 

Cinnte, tá roinnt d’uair na faille ó thaobh na pholaitíochta de i gceist i gcás an SDLP agus Pháirtí an Lucht Oibre, agus iad ag iarraidh seasamh níos láidre a ghlacadh ná seasamh Shinn Féin. 

Ach d’ionsaigh Pobal seachas Brabús (PbP) go díreach Sinn Féin, is rinneadh faíreach faoin bpáirtí fiú ag agóid i mBaile Átha Cliath. 

Ag an am céanna bhí a lán de baill den pháirtí míshásta freisin. Ba léir, áfach, i ndiaidh sraith cruinnithe ar fud na tíre gur ghlac formhór an pháirtí le míniú lucht na ceannaireachta. 

Is é sin, gurbh fhiú doras na taidhleoireachta a choinneáil ar oscailt, go raibh tacaíocht ó na Palaistínigh dó sin, is go gcabhródh sé le seasamh aontaithe idir rialtas is freasúra a bhaint amach sa Dáil. 

Ar an údar sin, níor vótáil Sinn Féin go ndíbreofaí an t-ambasadóir nuair a pléadh an scéal sa Dáil. 

Ach is cosúil nár laghdaigh sé sin an brú ar an bpáirtí, go háirithe uathu siúd a thugann vótaí dóibh. 

Enfin vint Malherbe… Ansin d’athraigh siad a bpolasaí.  Tuairiscíodh ag tús na míosa go raibh siad anois ag iarraidh an t-ambasadóir a chur abhaile.  Ansin mhínigh siad gur theastaigh uathu nach mbeadh stádas ambasadóra ag Erlich go dtí go gcuirfí sos cogaidh i bhfeidhm in Gaza. 

Agus mhínigh Eoin Ó Broin gur thóg siad an cinneadh nua toisc go raibh Iosrael ag diúltú aon sos cogaidh a fhógairt is go bhfuil an scéal ansin ag dul in olcas ó lá go lá. 

Tá an páirtí ag séanadh gur ghéill siad don bhrú ón eite chlé i bhfad amach, ach sin é an chosúlacht atá ar an scéal. 

Agus sé an chosúlacht atá ar an scéal leis gur léirigh an eachtra go bhfuil laige áirithe sa phleanáil polasaí taobh istigh de Shinn Féin. 

Mar a tharlaíonn, bhí mise ar son ambasadóir Iosrael a chur abhaile, mar chomhartha déistine ar a bhfuil ar siúl ag Iosrael in Gaza agus sna críocha gafa. 

Ach tuigim na hargóintí faoi chaidreamh taidhleoireachta a choinneáil ar oscailt, agus, ar deireadh thiar, ní hé díbirt an ambasadóra an rud is tábhachtaí ach stop a chur leis an mbuamáil agus leis an slad. 

Mar sin féin, cé go bhfuil sé séanta ag urlabhraí Iosrael, tá an chaint ann i gcónaí gurb é diúltú Iosrael atá taobh thiar den chás nach bhfuil aon saoránach de chuid na hÉireann ar na liostaí atá á ligean amach as Gaza trí Rafah.  Níl an rialtas ag tabhairt aon mhíniú dúinn faoi cad iad na deacrachtaí atá ann, ach más fíor an scéal seo ba chóir lucht taidhleoireachta Iosrael ar fad a chur abhaile agus ár gcuid taidhleoirí a tharraingt amach as an tír sin. 

Tá sé práinneach, ceapaim, go míneodh an rialtas dúinn céard tá ar siúl i Rafah is cén fáth nach bhfuil aon saoránaigh Éireannacha ag teacht amach. 

Maidir le Sinn Féin, ámh, ceapaim go mbeidh tionchar sách láidir ag an eachtra seo ar dhearcadh an pháirtí i leith na gcomhghuaillithe rialtais a d’fhéadfadh a bheith acu. 

Cinnte, ó mo thaithí féin de, feictear dom go bhfuil gnáthbhaill Shinn Féin ar buile faoi na hionsaithe a dhein Pobal seachas Brabús orthu. Bhí íonaíochas idé-eolaíochta ag baint le leithéidí PbP riamh, agus bheadh faitíos ann dá bharr go mbeadh siad ag iarraidh a gclár iomlán a bheith mar pholasaí rialtais. Ní raibh aon iontaoibh ann go mbeadh siad sásta glacadh le comhghéilleadh ar bith, agus is lú an iontaoibh anois ná riamh. 

Bhí béim ag Ard-Fheis Shinn Féin ag an deireadh seachtaine ar a n-éileamh ar athrú – i gcúrsaí tithíochta, sláinte is eile, ach tá siad faoi scáth cheist áirithe i gcónaí. Cé leis nó leo a rachaidís i mbun rialtais? 

Níl aon fhonn orthu dul isteach le Micheál Martin agus Fianna Fáil is ní bheadh oiread fonn orthu ach oireadh dul le Fianna Fáil gan Martin.  

Ach fágann a fhearg atá curtha ag Pobal seachas Brabús ar an bpáirtí ag eachtra an ambasadóra, b’fhéidir nach mbeidh aon rogha eile ann. 

Sea, tá chuile rud idir dhá cheann na meá i gcónaí. 

Fág freagra ar 'Sinn Féin in aimhréidh maidir le ceist ambasadóir Iosrael'

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Faoin alt Chathal Mhic Choill ar an ábhar céanna inár dúirt Cathal nár chóir ambasadóir Iosrael a dhíbirt scríobh Eoin Ó Murchú: ‘Ceist ionraic: ar chuir tú i gcoinne díbirt ambasadóir na Rúise? Má chuir, tá tú ionraic. Murar chuir, caithfidh tú an difir a mhíniú.’ Nuair a chuir Cathal ar a súile dó go raibh freagra na ceiste sin tugtha aige cheana féin san alt, sé sin go raibh sé tar éis an seasamh céanna a ghlacadh sa dá chás, scríobh Eoin: ‘Go maith. Ar a laghad tá tú ar an líne céanna i gcásanna éagsúla’.

    Ach ní amháin go bhfuil Eoin ar son ambasadóir Iosraeil a dhíbirt agus nach raibh sé ar son ambasadóir na Rúise a dhíbirt, ach thacaigh sé go hoscailte ar na meáin shóisialta le hionradh agus forghabháil mídhleathach na Rúise ar an Úcráin.

    Tá Eoin i gcoinne díbirt Palaistínigh as Gaza ach scríobh sé: ‘Ná bí buartha: nuair a bheidh na hÚcráinigh dibrithe as an Donbas cloisfidh tú guth na muintre.’

  • Antóin

    Is cuma le SF fá sheó sráide agus sháiteáin Phobal seachas Brabús dream a fuair 2.6% den vóta sa toghchán deireanach ach a bhíonn ag síorsheanmóireacht ar RTÉ.

    Tá SF ag caint le lucht éisteachta eile. ‘Is féidir libh brath orainn i rialtas ’ an teachtaireacht atá acu don lucht éisteachta sin mar tuigeann siad céard a tharlaíonn do dhaoine nuair a cháineann siad Iosrael. Tuigeann siad céard a tharla do dhuine de bhunaitheoirí Web Summit nuair a cháin sé ceannairí Iosrael. Tharraing Intel, Siemens, Google, Meta, Amazon Web Services , fintech Stripe agus comhlachtaí eile nach iad amach as an Web Summit. Agus is maith a thuigeann siad cumhacht na nGiúdach i Meiriceá mar a bhfuil na céadta acu sa rialtas ansin.