Sinn Féin i gcomhrialtas! Go sábhála Dia Éire!

Creideann na Tráchtairí Móra gur tubaiste cheart chríochnaithe a bheadh ann dá bhfaigheadh Sinn Féin aon bhlas cumhachta…

Sinn Féin i gcomhrialtas! Go sábhála Dia Éire!

Tá na Tráchtairí Móra ar an ionsaí arís in aghaidh Shinn Féin. Shílfeá go raibh sos comhraic i bhfeidhm acu le tamall ach is cosúil anois go bhfuil sé i gceist acu chuile iarracht a dhéanamh Sinn Féin a choinneáil as rialtas.

Creideann siad gur tubaiste cheart chríochnaithe a bheadh ann dá bhfaigheadh Sinn Féin aon bhlas cumhachta. “The enormity of what Sinn Féin’s entry into Government would mean,” a thug an Dr. Liam Weeks as Ollscoil Chorcaí air in alt leis a foilsíodh ar an Sunday Independent.

Socrú éicínt idir Fine Gael agus Fianna Fáil an chosaint is fearr ar an tubaiste i súile na dtráchtairí móra. Rud ar bith ach Sinn Féin a ligean isteach.

Mheabhraigh tráchtaire amháin gur choinnigh an dá pháirtí mhóra san Iodáil na Cumannaigh as oifig ar feadh na mblianta le comhoibriú den chineál sin.

Labhair Marx agus Engels sa bhForógra Cumannach ar thaibhse an Chumannachais a bheith san Eoraip. Is léir gurb iad Sinn Féin an badhbh-badhbh atá os cionn na hÉireann chomh fada agus a bhaineann sé leis na tráchtairí móra.

Beidh roinnt roghanna rialtais ar fáil tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Ar an gcéad dul síos d’fhéadfadh Fine Gael agus Fianna Fáil dul i gcomhrialtas leis an tsibhialtacht a thabhairt slán. Bhí Enda Kenny ag dul sa treo sin an uair dheireanach nuair a thairg sé post an Taoisigh a bhabhtáil.

Níor shlog Fianna Fáil an baoite. Ní dócha go slogfaidh tar éis an chéad toghcháin eile ach oiread.

Ar ndóigh bheadh súil ag Fine Gael agus ag Fianna Fáil go bhféadfaidís tacaíocht a bhailiú ó Pháirtí an Lucht Oibre, ón gComhaontas Glas, ó na Daonlathaigh Shóisialta agus ó roinnt de na neamhspleáigh le rialtas a bhunú. Ach le go mbunófaí rialtas den sórt sin chaithfeadh 60 suíochán a bheith ag Fine Gael nó ag Fianna Fáil sula dtosódh na comhráite.

Ní cosúil go mbeidh an líon sin suíochán ag ceachtar páirtí más cóir géilleadh do na pobalbhreitheanna. Dá mbeadh féin cén fhad a mhairfeadh a leithéid de shocrú? Bheadh an-spraoi ag colúnaithe ag cur síos ar an ‘dolly mixture’.

Fágann sin cúpla rogha eile fós: Fine Gael agus Sinn Féin nó Fianna Fáil agus Sinn Féin, mar shampla. Go sábhála Dia sinn ar an anachain, a déarfadh na tráchtairí móra.

Bheadh sé deacair ag sliocht na Léinte Gorma taithiú le Sinn Féin, cé go gceapfá scaití ó chuid den chaint a dhéanann Leo Varadkar nach mbeadh aon locht mór aigesean ar chleamhnas mar é. Caithfear a choinneáil i gcuimhne go raibh lámh ag muintir Varadkar i ngluaiseacht na saoirse san India.

Ná déanadh muid dearmad ach oiread go ndearna Fine Gael cleamhnas cheana leis an Daonlathas Clé , dream nach raibh céad bliain ó Oifigiúlaigh an IRA ag an am.

Ar ndóigh dá bhfaigheadh Fianna Fáil níos mó suíochán ná Fine Gael d’fhéadfadh Fine Gael tacaíocht a thabhairt dóibh mar atá Fianna Fáil a dhéanamh d’Fhine Gael faoi láthair.

Ar an taobh eile den scéal, más iad Fine Gael a bheidh chun cinn nuair a bheidh na vótaí comhartha sin é an uair a mbeidh an cinneadh trom le déanamh ag Fianna Fáil—leanacht orthu ag tabhairt tacaíochta d’Fhine Gael nó dul le Sinn Féin.

Dá mbeadh an chosúlacht ann go mbeadh an cheannaireacht sásta glacadh leis an gcéad rogha chuirfeadh sé drochbhail ar Pháirtí Fhianna Fáil. Bheadh Éamon Ó Cúiv i mbarr a chéille le cantal. Ní bheadh Dia ná duine in ann foighid a chur ann.

Bheadh go leor de “rútaí an fhéir”, mar a thug Joe Steve Ó Neachtain ar an gcosmhuintir le teann magaidh tráth, le buile agus le báiní chomh maith. Ní bheadh ach bealach amháin ann le deireadh an domhain a sheachaint –dul i gcomhrialtas le Sinn Féin.

Go sábhála Dia Éire!

Fág freagra ar 'Sinn Féin i gcomhrialtas! Go sábhála Dia Éire!'

  • Concubhar

    Ná samhlaítear agus SF i gcumhacht go gcuirfeadh an pháirtí clár radacach ar leas an phobail i bhfeidhm agus go dtabharfar dúshlán na mórphairtithe ar nós FF/FG. Is ar éigean gur thug SF an tnaithnín de dhúshlán don DUP is iad ag roinnt cumhachta ó thuaidh go raibh sé ró mhall chun go leor dochair a rinne an DUP do chúrsaí na Gaeilge a sheachaint/a mhaolú/a chealú. Ní gá aon ‘bhuairt’ a bheith ar thrachtairí faoi SF i gcomhrialtas ó dheas.