Sinn ar bís go deireadh ‘Scáil an Phríosúin’ agus Heussaf ina máistir ar an scéinséir

LÉIRMHEAS: I gcás 'Scáil an Phríosúin', bíonn an léitheoir ar bís ag iarraidh a fháil amach cé hé, cé hí nó cé hiad a rinne an dúnmharú go dtí an deireadh – an teist is fearr ar scéal bleachtaireachta

Anna-Heussaff-
Anna Heussaff

Is é seo an tríú leabhar ó pheann Anna Heussaff ina bhfuil an t-iar-iriseoir Aoife Nic Dhiarmada ina príomhcharachtar ann, agus is ag dul i bhfeabhas atá an tsraith bhreá seo. An geábh seo, tá Aoife fillte ar Bhaile Átha Cliath mar a bhfuil a híníon Sal, a bhí i lár an achrainn in Buille Marfach a bhí suite i mBéarra, anois ina bean óg ag freastal ar chúrsa staire ar an gcoláiste. Arís eile, castar an Garda Réamonn Seoighe ar Aoife agus a hiníon agus bás mná óige i bPríosún Chill Mhaighneann á fhiosrú aige an turas seo. 

Éiríonn le Heussaff dhá scéal faoi bhás amhrasach mná – scéal Shaoirse Ní Néill na linne seo agus scéal Ellen Cassidy a frítheadh marbh sa phríosún stairiúil breis agus céad bliain ó shin – a shní le chéile go snasta in Scáil an Phríosúin, agus spéis an léitheora a choinneáil sa dá scéal ag an am céanna.

Is léir go ndearnadh go leor oibre ar an taighde, idir stair agus tíreolas, le haghaidh an leabhair seo agus cuireann an dua a caitheadh leis an obair sin go mór leis an scéal. Ní minic in Éirinn go bhfaighfeá leabhar sa seánra seo ina gcuirtear sráidíní, páirceanna agus láithreacha eile inár láthair ar bhealach chomh cruinn inchreidte. In Scáil an Phríosúin siúlaimid sráideanna na hardcathrach in éineacht leis na carachtair. 

Tá an t-ádh ar léitheoirí na Gaeilge go bhfuil údar chomh cumasach le hAnna Heusaff againn a chuireann leabhair den chaighdeán seo ar fáil i seánra an scéinséara. B’fhurasta na maidí a ligean le sruth sa tríú leabhar de shraith mar seo, ach is maith a d’fheil an t-athrú suímh ó iarthar Chorcaí go Baile Átha Cliath don údar. Cás staire a bhí á fhiosrú sa chéad leabhar freisin ach tá os cionn céad bliain de dhifir sna tréimhsí staire atá faoi chaibidil agus níl aon bhlas den athrá i gceist. 

Tá Heussaf ina máistir ar an ‘cé-a-rinne-é’ anois agus scéal casta corraitheach lán le caidrimh chasta chorraitheacha scríofa aici. Ní féidir mórán a scríobh faoin bplota cliste fuinte gan míreanna tábhachta eolais a sceitheadh a mhillfeadh an scéal agus an teannas, ach is iontach mar a éiríonn leis an údar amhras a chothú faoi roinnt mhaith carachtar go dtí drioball an leabhair. Bíonn an léitheoir ar bís fáil amach cé hé, cé hí nó cé hiad a rinne an dúnmharú go dtí an deireadh – an teist is fearr ar scéal bleachtaireachta.

An t-aon rud a chuir isteach orm an geábh seo – ach níl ann ach mionghearán –ná cur chuige an údair maidir le ceist na Gaeilge, nó ceist an Bhéarla, más maith leat. Insítear an scéal ar fad trí mheán na Gaeilge agus tugadh le fios gurb í an Ghaeilge atá á labhairt ag gach carachtar sa domhan atá cruthaithe go slachtmhar ag an údar. Ar ndóigh, caithfidh duine an t-amhras a dhíbirt chun géilleadh do chur chuige mar é, ach toisc buanna an údair, ní raibh aon fhadhb agam sin a dhéanamh. Mar sin féin, bíonn corrfhocal Béarla i gcaint chuid mhaith de na carachtair – go háirithe Sal, an mac léinn ollscoile.

Más í an Ghaeilge teanga na hÉireann seo atá cruthaithe ag Heussaff, ní bheifí ag súil go mbeadh iasachtaí ón mBéarla ar an nGaeilge, mar a fhaightear in áiteanna. Ní bhaineann an corrfhocal Béarla ón scéal ar chor ar bith ach tharraing siad aird an léitheora seo ón bplota anois is arís.

Fág freagra ar 'Sinn ar bís go deireadh ‘Scáil an Phríosúin’ agus Heussaf ina máistir ar an scéinséir'