Síneadh trí bliana curtha le hurraíocht TG4 ar Chraobh Peile na mBan

Coinneoidh an stáisiún orthu mar urraitheoirí agus craoltóirí craobhacha sinsir, idirmheánach agus sóisir an chumainn go dtí 2018

Foireann Chorcaí ag dul chun páirce i gcluiche ceannais peile na mban anuraidh. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
Foireann Chorcaí ag dul chun páirce i gcluiche ceannais peile na mban anuraidh. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

fógartha ag TG4 go bhfuil síneadh trí bliana le teacht ar chonradh urraíochta agus cearta craolta an stáisiúin ar chraobhacha Chumann Peile na mBan. Is i bPáirc an Chrócaigh ag ‘Seoladh Craoladh TG4 2015 i bPeil na mBan’ a d’fhógair Ardstiúrthóir TG4 Pol Ó Gallachóir an comhaontú.

Tá TG4 mar urraitheoirí agus craoltóirí ar chraobhacha peile na mban ó 2001.

“Tá TG4 luaite le Peil na mBan in intinn an phobail le fada an lá anois,” a dúirt Marie Hickey, Uachtarán, Chumann Peile na mBan agus thug sí moladh ar leith don chlúdach domhanda TG4 ar an gcraobh ar an Seinnteoir www.tg4.tv.

Thagair an tUachtarán freisin don fhloscadh a bhaineann le tús na craoibhe gach bliain. “Is ag an tráth seo bliana a ghéaraíonn an tsuim againn ar fad, idir imreoirí, lucht bainistíochta, oifigigh agus lucht leanta. Táthar ag ullmhú don Chraobh ón Nollaig agus seo anois muid ag a tús. Cá bhfios cad a tharlóidh? Go n-éirí go geal linn ar fad,” a dúirt Marie Hickey.

Cuirfear tús le craobhacha 2015 an deireadh seachtaine seo le cluiche ceannais sinsir na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh Dé Sathairn agus cluiche ceannais Chonnacht idir Gaillimh agus Maigh Eo Dé Domhnaigh. Tá Corcaigh ag súil le craobh na hÉireann a bhuachan don chúigiú bliain as a chéile agus naoi gcraobh ar fad buaite aci ó 2005.

Mairfidh an comhaontú nua idir TG4 agus Cumann Peile na mBan go deireadh an tséasúir 2018. Le linn na tréimhse sin, déanfaidh TG4 craoladh beo ar suas le 60 cluiche craoibhe, sa mbreis ar roinnt cluichí i gcomórtais eile de chuid Chumann Peile na mBan.

Fág freagra ar 'Síneadh trí bliana curtha le hurraíocht TG4 ar Chraobh Peile na mBan'