An Tánaiste agus ceannaire Fhine Gael Simon Harris a thiocfaidh in áit Paschal Donohoe mar aire airgeadais.
Tá Donohoe éirithe as a phost sa rialtas inniu chun dul ag obair sa Bhanc Domhanda.
San atheagar a chuir sé ar an gcomh-aireacht i ndiaidh éirí as Donohoe, cheap Harris ina haire gnóthaí eachtracha agus cosanta Helen McEntee agus cheap sé an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Hildegard Naughten ina haire oideachais in áit McEntee.
Emer Higgins a ceapadh san aireacht stáit a bhí ag Hildegard Naughten sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.
Dúirt Simon Harris gur bhain scéal éirí as Paschal Donohoe siar as daoine ach nach gcuirfeadh sé as d’obair an rialtais.
Dúirt Harris gur údar áthais dó bean, Helen McEntee, a cheapadh den chéad uair mar aire gnóthaí eachtracha agus mar aire cosanta.
Beidh Frank Feighan ina aire stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí.
D’éirigh an t-aire airgeadais Paschal Donohoe as a phost sa rialtas inniu chun dul ag obair sa Bhanc Domhanda.
Beidh Donohoe ina Stiúrthóir Bainistíochta agus Príomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí atá ann. Cuireann an Banc Domhanda iasachtaí ar fáil do thíortha atá ag forbairt.
Éireoidh Donohue as mar Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Láir, mar a bhfuil sé ina theachta Dála ó 2011. Chomh maith leis sin éireoidh sé as a ról mar chathaoirleach ghrúpa airí airgeadais an AE.
Tá Donohoe ina aire rialtais ó ceapadh ina aire iompair, turasóireachta agus spóirt é in 2014 agus bhí sé ina aire airgeadais nó ina aire caiteachais phoiblí ó 2016 i leith, agus an dá phost sin á mbabhtáil idir Fine Gael agus Fianna Fáil.
Fág freagra ar 'Simon Harris an t-aire airgeadais nua, Helen McEntee ina haire gnóthaí eachtracha'