‘Seo Linn’ go barr na gcairteacha a deir an banna ceoil agus seal caite acu ar bharr liosta iTunes

Tá an banna Seo Linn ag súil go mbeidh a n-amhrán ‘Music Makers’ ar bharr chairteacha na hÉireann an tseachtain seo, agus tá ag éirí go geal chomh maith le Sibéal Ní Chasaide agus a leagan de ‘Mise Éire’

Seo Linn

Bhí an t-amhrán ‘Music Makers’ leis an mbanna ceoil Gaeilge Seo Linn ar bharr chairt ceoil iTunes ar maidin ar feadh tamaill agus iad ag súil i gcónaí le bheith ar bharr Chairtna hÉireann Dé hAoine.

Chas an banna an t-amhrán nua ag deireadh na ceolchoirme Centenary ar RTÉ 1 Luan Cásca.

Idir an dá linn, tá bean óg Ghaeltachta a ghlac páirt sa cheolchoirm chéanna tar éis amhrán lán-Ghaeilge a chur ar liosta na n-amhrán is mó díol ar iTunes an tseachtain seo. Is í sin Sibéal Ní Chasaide, a chas ‘Mise Éire’, dán clúiteach an Phiarsaigh, le linn Centenary. Tá an t-amhrán sin anois ag uimhir 9 ar chairt iTunes.

Dea-chomhartha é do Seo Linn go bhfuil ag éirí go maith le ‘Music Makers’ ar chairt iTunes agus an banna ag iarraidh go mbeadh an t-amhrán dátheangach ar bharr chairt na hÉireann an tseachtain seo.

Foilseofar an chairt sin Dé hAoine, an 1 Aibreán.

Tá tréaniarracht á déanamh ag Seo Linn faoi láthair an phríomháit a bhaint amach agus seisiún boscála á dhéanamh acu i mBaile Átha Cliath gach lá le seachtain anuas.

Dúirt Kevin Shortall, boscadóir an bhanna, le Tuairisc.ie gur chuir sé gliondar air ar maidin go raibh ‘Music Makers’ ar bharr chairt iTunes ar feadh tamaill.

“Bhí sé thar cionn, agus is léiriú é gur féidir linn barr chairt na hÉireann a bhaint amach ag deireadh na seachtaine. Is léiriú é freisin, áfach, go dteastóidh go leor oibre chun é sin a dhéanamh mar tá muid ag uimhir a trí arís faoi láthair.

“Ba mhór an cúnamh iad na réamhorduithe a ceannaíodh sular seoladh an t-amhrán an tseachtain seo caite, mar áirítear iad sin agus an chairt á cur le chéile. Tá muid ag boscáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le seachtain anuas agus cóipeanna crua den amhrán á díol againn leis an bpobal agus tá Music Makers ar an amhrán is mó díol i Tower Records faoi láthair freisin. Ar ndóigh, ba mhór an cúnamh é Centenary oíche Dé Luain. Tháinig méadú mór ar an díolachán ina dhiaidh sin,” a dúirt sé.

Deir Shortall gur “rud mór siombalach” a bheadh ann dá n-éireodh le Seo Linn amhrán dátheangach a chur ag uimhir a haon an tseachtain seo agus Éire ag ceiliúradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca.

Tá ag éirí go geal chomh maith leis an leagan de ‘Mise Éire’ a chas Sibéal Ní Chasaide. Ba é Patrick Cassidy a chóirigh an leagan den dán a chas Ní Chasaide ar stáitse Amharclann na Canála Móire agus í os comhair íomhá d’Ard-Oifig an Phoist trí thine.

Is féidir Music Makers’ a cheannach anseo agus ‘Mise Éire’ a cheannach anseo.

Bhí baint mhór ag lucht na Gaeltachta agus na Gaeilge leis an gceolchoirm Centenary a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an bpobal nuair a craoladh ar RTÉ 1 Dé Luain é.

Ba é Cillian Fennell, as Carna i gConamara ó thús, Léiritheoir Feidhmeach na ceolchoirme agus ba í Niamh Ní Churnáin ó Chorca Dhuibhne a léirigh. I measc na ndaoine ón nGaeltacht a ghlac páirt sa cheolchoirm féin, bhí an t-amhránaí ó Mhúscraí, Iarla Ó Lionaird.

Fág freagra ar '‘Seo Linn’ go barr na gcairteacha a deir an banna ceoil agus seal caite acu ar bharr liosta iTunes'