An International Bar BÁC
Ar a 1pm tráthnóna dé Sathairn chuaigh mé féin agus slua in airde staighre san International Bar i lár Bhaile Átha Cliath. Am aisteach i gcóir grinn. Nílim cinnte arbh é an t-am nó an slua a chinntigh é ach bhí atmaisféar an-deas agus séimh ann. Rud é sin nach mbraitear go minic ag seónna grinn, ach chuir sé leis dar liom.
Tá máistreacht ag Julie ar cheird an ghrinn. Tá beagán den bhréag i gceist leis an bhfuirseoireacht is fearr. Tugtar le fios nach script dhocht atá á leanúint, rud nach fíor ach go hannamh. I gcás Julie ba léir go raibh sí ag cur nó ag baint ón script de réir mar a theastaigh. D’fhéadfaí léiriú éagsúil go leor a fháil ó thaispeántas go chéile, shamhlóinn.
Cad a bhí á rá más ea? Scéal Julie mar atá sé inniu, saol an tuismitheora phósta, na deacrachtaí atá aici morgáiste a fháil agus í ag filleadh ar an seomra ranga mar mhúinteoir chun an bainisteoir bainc a shásamh. Ábhar atá cloiste againn cheana is fíor, ach caitheann Julie leis go glic greannmhar agus í iomlán ar a compord.
An uair annamh a bhí an t-ábhar beagán dána cuireadh i láthair é ar bhealach a bhféadfadh gach éinne sa slua sult a bhaint as, idir óg agus aosta. Ach seans gur focal nua do go leor ‘séideog’ mar sin féin! Bhaineamar ar fad sult as scéal ar leith faoi eachtra a tharla ag ziplíne – ach ní mhillfead oraibh é!
Rinneadh roinnt téarmaí nó nathanna Gaeilge a mhíniú mar chuid den léiriú. Níor chuir sé leis an seó dom féin ach b’fhéidir gur gá a leithéid uaireanta ag fuirseoireacht ar bhonn tráchtála agus slua a bhfuil cumas measctha teanga acu.
Rinne Julie roinnt mhaith idirghníomhaíochta leis an slua, ar bhealach nádúrtha greannmhar agus snoíodh na píosaí sin isteach leis an bpríomhscéal go gleoite. Ní raibh an té atá thíos á bhualadh ina cuid jócanna ach oiread chomh fada lena bhfaca mé – léiriú ar chumas maith grinn. Ní seó gan teachtaireacht a bhí ann ach oiread agus daoine éagsúla sa slua ag caint ar fhadhbanna tithíochta in Éirinn a fhágann go mb’fhéidir go mbeidh orthu an t-eitleán bán a thabhairt orthu féin. Ní féidir éalú ón ngéarchéim tithíochta fiú i lár seó ghrinn.
Tráthnóna deas taitneamhach a bhí againn i bhfochair Julie agus ba dheas an rud é go raibh sé ina lá geal ar theacht amach dúinn. Seónna lár an lae abú.
Tá Julie ag dul don ghreann go gairmiúil le tamall maith anois sa dá theanga. Is iontach a fheiceáil go bhfuil a leithéid ar siúl ag féile imill BHÁC. Is é an trua gur chosúil gurbh é seo an t-aon imeacht Gaeilge a bhí mar chuid den fhéile (a d’fhág go raibh níos lú ná 1% de léirithe na féile i nGaeilge.) Go háirithe ós rud é gurb í an cáiníocóir a íocann as go leor den fhéile. Mar chomparáid is fiú súil a chaitheamh ar Fhéile na Staire, Baile Átha Cliath áit a bhfuil réimse leathan imeachtaí Gaeilge.
Tá an greann trí Ghaeilge tagtha chun cinn go mór le tamall de bhlianta agus feictear oícheanta éagsúla ar bun fud fad na tíre, ag GaelGÁIRÍ agus ag dreamanna go leor.
le Eva O’Connor agus Hildegard Ryan Project Arts Centre BÁC
Dráma faoi choileach. Don Murphy. Gur réalta scannáin é atá gafa le céataimín. D’fhiosraigh an dráma seo ceisteanna móra an lae is raid jócanna ubh-fásacha linn ó thús deireadh.
As Ciarraí do Don agus casfaimid leis ann ag tús a shaoil. Ní fada go mbogann sé go Nua-Eabhrac agus go n-éiríonn go seoigh leis i saol na scannán thall. Ní éasca an rud é aird an domhain mhóir a bheith ort – go háirithe nuair nach mbraitheann tú ‘cearc go leor’.
Tá culaith lonrach ildaite an choiligh go hálainn ar fad. Tugann sé dóthain solúbthachta don aisteoir Don a léiriú trí gheáitsí sicín-iúla. Bíonn na geáitsí sin barrúil go minic agus cuireann siad buairt agus sceoin Don i láthair uaireanta eile.
I rith an ama ardaíodh ceisteanna spéisiúla faoi fheoil is faoi thionscal an bhia, faoi chomh dochrach is atá an cháil dhomhanda. Ghlac Eva róil éagsúla go leor is chabhraigh canúintí is geáitsí éagsúla lena gcruthú. I lár baill a bhí sí, an slua ar na ceithre thaobh, agus choinnigh sí teagmháil rialta leis an slua. Bhí codanna den dráma ina raibh gné na scéalaíochta chun tosaigh iontu ach b’iad na píosaí ina raibh carachtair éagsúla agus speabhraídí drugaí ba mhó a thug isteach sa dráma mé.
Bhí an scéal lomlán le greann na seafóide ach bhí téamaí níos troime ann freisin. Athraíonn an t-atmaisféar cúpla uair agus éiríonn sé dorcha go maith díreach agus deireadh obann ag druidim linn. Greann agus ábhar machnaimh. Cad eile a bheadh uait?
Bhí ticéid uile an dráma díolta ach ina ainneoin sin bhí roinnt spásanna folmha san amharclann féin. Cén fáth? Daoine falsa a d’fhan sa bhaile nó ticéid a cuireadh ar leataobh do dhaoine ‘speisialta’ nár tháinig? Cibé míniú atá leis baineann a leithéid ó ealaín bheo na hamharclannaíochta agus cuirtear daoine ó dhoras. Líontar na hamharclanna!
Fág freagra ar 'Seó grinn as Gaeilge den scoth ag Julie Jay'