‘Seo an ‘Holy Grail’ a bhí ag an scoil i ndáiríre’ – Coláiste Eoin ag ceiliúradh bua stairiúil

Is í Coláiste Eoin, an scoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, an chéad scoil ón bpríomhchathair ar éirigh léi Craobh Shinsir Iomána Laighean a bhaint ó 1945

‘Seo an ‘Holy Grail’ a bhí ag an scoil i ndáiríre’ – Coláiste Eoin ag ceiliúradh bua stairiúil

Lá stairiúil a bhí ann do Choláiste Eoin Dé Domhnaigh seo caite agus Craobh Shinsir Iomána Laighean buaite den chéad uair riamh ag an iarbhunscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Is i gcoinne Choláiste Chiaráin, a bhfuil Craobh na hÉireann buaite cúig huaire acu le sé bliana anuas, a bhí Coláiste Eoin agus cé go bhfuair boic mhóra Chill Chainnigh an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais an chúige anuraidh, bhí an lá le buachaillí na scoile Gaeilge i mbliana.

Bhí an t-am caite nuair a d’aimsigh Dara Puirséil cúl cinniúnach an chluiche chun bua 1-16 in aghaidh 0 -17 a thabhairt do bhuachaillí na hardchathrach.

“Éacht a bhí ann,” a deir príomhoide Choláiste Eoin, Proinsias de Poire. “Seo an Holy Graila bhí ag an scoil i ndáiríre.”

Bhí baint ag imreoirí ó Choláiste Eoin leis na gaiscí a rinne comhfhoireann Choláistí Átha Cliath a bhuaigh Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann ó thús na mílaoise, ach is í seo an chéad uair dóibh, nó d’aon scoil ó Bhaile Átha Cliath ó 1954, craobh shinsir an chúige a bhuachan iad féin.

“Tá muid san iomaíocht ag an leibhéal is airde le breis agus deich mbliana anuas agus an-chuid iarrachta curtha isteach ann thar na blianta,” a deir de Poire.

“Tá an-chreidiúint ag dul d’Aodán de Paor, iar-imreoir Átha Cliath agus iarscoláire de chuid na scoile seo, atá tar éis an iomáint a chur ó neart go neart le deich mbliana anuas, do Cholm Mac Séalaigh a bhí anseo ón tús agus do dhaoine eile ann a tháinig ina dhiaidh.

“Bhí an Bráthar Ó Dúgáin, bunaitheoir na scoile, ar an bhfón liom leathuair an chloig ó shin agus é amach sna nóchaidí. Bhí iar-phríomhoidí agus múinteoirí ar ais chugainn. Scoil an-bheag a d’fhás i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ia ea muid agus cé go bhfuil muid mór anois, ní dhéanann muid dearmad gur thosaíomar amach sna ranna is ísle agus gur thángamar tríd diaidh ar ndiaidh.”

Coláiste Eoin fite fuaite leis an dul chun cinn atá déanta ag lucht na gcamán i mBaile Átha Cliath le scór bliain anuas agus bhí seachtar iardhaltaí de chuid na scoile ar fhoireann Átha Cliath a d’imir in aghaidh Loch Garman i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

Agus an scoil ag comóradh caoga bliain a bunaithe i mbliana, eagraíodh cluiche speisialta mí na Samhna seo caite idir Coláiste Eoin agus foireann Átha Cliath chun an nasc sin a cheiliúradh.

“Léiríodh an stair agus an traidisiún atá ann an lá sin,” arsa de Poire. “Déarfainn gur chabhraigh sé go mór leis an bhfoireann Con Ó Ceallacháin, Cian Ó Ceallacháin, Seán Ó Móráin, Jake Ó Maoileoin agus a leithéidí a fheiceáil agus bhí siad in ann a rá ‘Déanfaimid ár gcuid staire féin’. Bhí [bainisteoir Átha Cliath] Mattie Kenny in ann comhairle a thabhairt dóibh chomh maith.”

Ba dheas dea-scéala an bhua a bheith ag an scoil chomh maith i ndiaidh bhás tragóideach iarscoláire Choláiste Eoin, Cormac Ó Braonáin, aimsir na Nollag.

“Ní fhéadfadh duine ar bith é a chreidiúint ag an am sin,” a deir de Poire. “Cormac, captaen scoile, captaen na Gaeilge, captaen na scoláirí a bhí ann. Ní raibh aon dabht ach go mbeadh todhchaí thábhachtach i ndán don fhear seo i dtaobh na polaitíochta de nó cibé rud. Baineadh stangadh asainn ar fad.”

Thug captaen Choláiste Eoin, Ian Ó hEithir, ómós don Bhraonánach ina óráid i ndiaidh an chluiche ag an deireadh seachtaine.

“Ba thréimhse an-bhrónach a bhí ann agus neartaigh sé sin na leaids chomh maith. Bhí cúpla oíche againn anseo sa scoil do na scoláirí agus bhí siad uile an-cheanúil air.

“Is cuimhin leis na leaids an misneach agus an díocas a bhí aige i dtaobh na Gaeilge agus labhair Ian an-mhaith mar gheall ar an tragóid a bhí ann agus gurb í ceann de na spriocanna a bhí acu ná rud éigin a bhaint amach in ainm Chormaic.“

Níl feachtas Choláiste Eoin thart go fóill, áfach, agus iad anois ag díriú ar Chraobh na hÉireann a bhuachan.

“Thógamar na leaids ar ais go dtí clubtheach Bhaile an tSaoir Naomh Eoin chun ceiliúradh beag a dhéanamh. Míníodh dóibh go maith nach bhfuil an séasúr críochnaithe go fóill. Is éacht ollmhór a bhfuil déanta acu ach tá leathchraobh na hÉireann fós le teacht.”

Fág freagra ar '‘Seo an ‘Holy Grail’ a bhí ag an scoil i ndáiríre’ – Coláiste Eoin ag ceiliúradh bua stairiúil'