‘Ba phribhléid é aithne a chur air’ – ómós léirithe do Ghael agus feachtasóir óg

Dúirt Uachtarán na hÉireann gur eiseamláir Cormac Ó Braonáin, Gael óg a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste rothair ag an deireadh seachtaine

‘Ba phribhléid é aithne a chur air’ – ómós léirithe do Ghael agus feachtasóir óg

Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn agus Cormac Ó Braonáin. Pictiúr: Coláiste Eoin/Twitter

Dúirt Uachtarán na hÉireann gur eiseamláir Cormac Ó Braonáin, Gael óg a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste rothair ag an deireadh seachtaine

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn ina measc siúd go léir a bhfuil ómós léirithe acu do Chormac Ó Braonáin, an Gael agus sóisialach óg 19 bliain d’aois a maraíodh i dtimpiste rothair i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Mac ab ea Cormac Ó Braonáin le Lughaidh agus Eva Ó Braonáin agus ba dhuine de theaghlach Gaelach aitheanta Uí Bhraonáin é, dream a bhfuil aithne mhór orthu i saol na Gaeilge san ardchathair.

Bhí Cormac, a d’fhreastail ar Ghaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach, ar Choláiste Eoin i mBaile an Bhóthair agus ar UCD, ina chathaoirleach ar Ógra Pháirtí an Lucht Oibre agus feachtasóir cumasach ab ea ar son cúiseanna go leor, an ceart, an tsíocháin agus an Ghaeilge ina measc.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, ar oibrigh Cormac ar a fheachtas uachtaránachta anuraidh, gur “ghoill a bhás tobann go mór” air féin agus ar a bhean, Saidhbhín.

“B’eiseamláir a bhí i bhfuinneamh, idéalachas, flaithiúlacht agus cruthaitheacht Chormaic, ina thiomantas don cheart sóisialta agus ina fhís do shochaí níos cineálta agus níos córa. Aireoidh siad siúd go léir a raibh aithne acu air go mór uathu é,” a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin gur “iontach” an oidhreacht a bhí fágtha ag Cormac ina dhiaidh.

“Ní hamháin gur sóisialach daonlathach a bhí ann ach ba Ghaeigeoir diongbháilte a bhí a bhí an-dílis dár dteanga náisiúnta,” arsa ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Brendan Howlin.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta pháirtí an Lucht Oibre an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin go raibh sé féin agus a chomhghleacaithe “croíbhriste” faoin scéal.

Bhí bigil aréir in ómós do Chormac i nGaelscoil Lios na nÓg agus i ráiteas a chuir lucht Choláiste Eoin amach dúradh gur phribhléid a bhí ann aithne a chur air.

Léirigh go leor de lucht aitheantais Chormaic ómós dó ar na meáin shóisialta agus thug lucht feachtas éagsúil ardmholadh dó, ina measc lucht na Gaeilge agus an ghaeloideachais.

Maraíodh Cormac Ó Braonáin go tragóideach go moch maidin Dé Domhnaigh i dtimpiste ar líne ghlas an Luas agus é ag filleadh abhaile ar a rothar.

Fág freagra ar '‘Ba phribhléid é aithne a chur air’ – ómós léirithe do Ghael agus feachtasóir óg'

  • An Teanga Bheo

    Mó bhrón an tragóid seo ar dheis Dé go raibh sé.