Coláiste Eoin – an scoil lán-Ghaeilge atá lárnach i scéal Chuala agus scéal na hiomána féin i mBÁC

Má éiríonn le Cuala an bua a fháil i gcluiche ceannais na hÉireann Dé hAoine, comhartha eile a bheidh ann ar thionchar scoil lán-Ghaeilge amháin ar scéal na hiomána i mBaile Átha Cliath

Coláiste Eoin – an scoil lán-Ghaeilge atá lárnach i scéal Chuala agus scéal na hiomána féin i mBÁC

Con O'Callaghan, imreoir Chuala, ag imirt do Choláiste Eoin in 2012. INPHO/James Crombie

An Aoine bheag seo, fágfaidh foireann Chuala a lorg ar an stair mar an chéad fhoireann ón bpríomhchathair a imreoidh i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Iomána na gClubanna.

Má chuireann Cuala an fhoireann chéanna chun páirce ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Shleacht Néill sa chluiche leathcheannais, beidh deichniúr ag imirt a d’fhreastail ar Choláiste Eoin, an iarbhunscoil lán-Gaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath – Seán Brennan, Cian O’ Callaghan, Simon Timlin, Seán Moran, Colum agus John Sheanon, Jake Malone, Colm Cronin, Con O’ Callaghan agus Mark Schutte

D’fhéadfá duine eile a chur leis an liosta sin má thagann biseach ar an imreoir idirchontae Paul Schutte in am don chluiche.

Ní hé seo an chéad léargas againn ar thionchar Choláiste Eoin ar stair na hiomána sa phríomhchathair, áfach.

Ní hé ná baol air.

Tá Coláiste Eoin fite fuaite leis an dul chun cinn atá déanta ag lucht na gcamán i mBaile Átha Cliath le scór bliain anuas.

In 2001, bhuaigh comhfhoireann Choláistí Átha Cliath Craobh Shinsir Iarbhunscoileanna Iomána Laighean, an chéad uair ar éirigh le foireann ón gcontae an gaisce sin a dhéanamh ó lár na 1950idí. Bhí scata imreoirí ó Choláiste Eoin ar an bhfoireann sin.

Bhí siad ann arís nuair a d’éirigh leis an gcomhfhoireann Craobh na hÉireann a bhuachan in 2006, éacht nach raibh déanta riamh cheana ag foirne na príomhchathrach. Ba é Cian McBride, dalta ó Choláiste Eoin, a scóráil an cúl cinniúnach chun Coláiste Fhlannáin Naofa as Inis a chur de dhroim seoil sa chluiche ceannais.

Is amhlaidh an scéal maidir le Coláiste Eoin agus foirne an chontae. Nuair a bhuaigh Baile Átha Cliath Craobh Mhionúir Laighean den chéad uair le breis is scór bliain in 2005, bhí imreoirí ó Choláiste Eoin lárnach sa bhua sin. In 2013, nuair a bhuaigh foireann shinsir Bhaile Átha Cliath Craobh Iomána Laighean den chéad uair ó 1961 bhí iardhaltaí na scoile lán-Ghaeilge lárnach arís sa bhua stairiúil sin chomh maith.

Bunaíodh Coláiste Eoin i 1969 agus cé nach raibh dóthain daltaí acu chun foireann a chur chun páirce  i dtús na haimsire, bhí sé de bhuntáiste acu a bheith lonnaithe i gceantar ina raibh siad in ann buachaillí a mhealladh ón dá chumann is mó a bhí ag déanamh dul chun cinn ó thaobh na hiomána sa phríomhchathair, Crócaigh Chill Mochuda agus Cuala.

Ba iad leithéidí Tom Holden a chothaigh an grá sin don iomáint i gcumann Chuala. Chaith Holden a shaol ag obair ar son an chumainn agus bhí baint mhór aige le bláthú chuid de na himreoirí ab fhearr a d’imir dóibh thar na blianta. D’imir a thriúr mac féin, PJ, Mick agus Vinny, do Bhaile Átha Cliath agus is sean-uncail é le muintir Schutte, a chaith geansaí an chontae chomh maith.

Cé gur bhuntáiste a bhí ann don scoil lán-Ghaeilge go raibh Cuala ar leac an dorais acu, deir Colm Mac Séalaigh, a thosaigh ag múineadh i gColáiste Eoin i 1972 agus a chaith os cionn 30 bliain ag plé le foirne iomána na scoile, gur thóg sé trí nó ceithre bliana orthu dóthain daltaí a fháil a chuirfeadh ar a gcumas cluichí a imirt.

“Is dóigh gurb é an chéad chomórtas a bhuaigh muid ná blitz seachtar an taobh, múnla a bhí an-oiriúnach don scoil ag an am. Bhuamar é sin agus cúpla bliain ina dhiaidh sin, d’éirigh linn dul chomh fada le cluiche ceannais Roinn C, faoi-15, sílim. De réir a chéile, chuaigh muid ó neart go neart de réir mar a bhí níos mó daltaí ag teacht isteach sa scoil.”

Dar le Mac Séalaigh, ba é bua na scoile i gCraobh Shinsir A Bhaile Átha Cliath i 1989 an chéad bhua suntasach a bhí ag Coláiste Eoin.

“Bhí sé sin ar siúl i bPáirc an Chrócaigh agus is rud mór a bhí ann. Bhí duine cáiliúil ar an bhfoireann sin, Dara Ó Briain, an fear grinn, bhí seisean ag imirt ar an bhfoireann sin.”

Ag an am, ba i nGrád B i gCúige Laighean a d’imríodh curaidh Bhaile Átha Cliath ach i 1993 rinneadh an cinneadh comhfhoireann, Coláistí Átha Cliath, a chur ar bun ionas go mbeadh deis ag imreoirí imirt ag an leibhéal ab airde.

Ba é Mac Séalaigh a bhí ina bhainisteoir ar an bhfoireann idir 1994-2001.

“Níor éirigh linn cluiche ar bith a bhuachan ar feadh trí nó ceithre bliana ar dtús,” a deir sé. “Bhí sé fíordheacair foireann a chur amach a bheadh in ann buachan ar na coláistí móra ar nós Choláiste Chiaráin nó Scoil na mBráithre as Cill Chainnigh, toisc nach raibh muid ag imirt lena chéile sách minic ach de réir a chéile bhí muid ag foghlaim.”

Ba léir sin nuair a bhain siad cluiche ceannais an chúige amach i 1999 agus arís in 2000. Faraor, chlis orthu in aghaidh Choláiste Chiaráin faoi dhó. D’éirigh leo an beart a dhéanamh ar deireadh in 2001. Fuair Coláistí Átha Cliath an ceann is fearr ar Choláiste Chiaráin sa chluiche leathcheannais agus bhuadar ar Choláiste na Dea-Comhairle, Ros Mhic Thriúin sa chluiche ceannais.

D’éirigh Mac Séalaigh as a chúraimí bainistíochta ina dhiaidh sin ach d’éirigh leis an gcomhfhoireann, a raibh baint chomh mór sin aige lena tógáil, Corn an Chrócaigh, Craobh Shinsir na hÉireann, a thabhairt leo in 2006. Ceathrar as Coláiste Eoin – John Sheanon, Shane O’Rorke, Cian McBride agus Joey Maher – a bhí ag imirt an lá sin.

Briseadh an chomhfhoireann ina trí cuid ina dhiaidh sin agus bunaíodh foirne ar leith do na scoileanna as tuaisceart, deisceart agus iarthar Bhaile Átha Cliath.

Tá Coláiste Eoin ina chuid de chomhfhoireann Dheisceart Bhaile Átha Cliath faoi láthair ach an aidhm atá ag an scoil lán-Ghaeilge ná go mbeadh foireann dá cuid féin sa chomórtas arís amach anseo, rud nár éirigh le scoil ar bith eile sa phríomhchathair a dhéanamh seachas iad féin.

Agus gaiscí Chuala ina spreagadh ag an gcéad ghlúin eile, tá an chuma ar an scéal gur i dtreise a rachaidh an nasc idir Coláiste Eoin agus scéal na hiomána sa phríomhchathair.

Fág freagra ar 'Coláiste Eoin – an scoil lán-Ghaeilge atá lárnach i scéal Chuala agus scéal na hiomána féin i mBÁC'

  • Éamonn de Barra

    D’fhreastalaíos ar Choláiste Eoin sna 90dí, agus caithfead a rá gur cothaíodh atmaisféar a dhíridh ar bhuanna na ndaltaí idir chúrsaí spóirt, cúrsaí ceoil agus cúrsaí acadúla de. Bhímis ar fad le chéile sa halla ag canadh ar son na scoile agus Bráthar de Barra ag spreagadh an tseanspiorad ionainn. Ní dóigh liom gur bhraitheas an saghas bráithreachais sin ó shin. Ní haon ionadh é go bhfuil an caighdeán seo sroichte ag foireann agus mic léinn na scoile. Is trua nach ndíríonn níos mó scoileanna ar an mhodh céanna múnlaithe atá cothaithe ansin acu.