Seasaimis ar ár gcosa féin ar mhaithe lenár leas féin

Tá machnamh níos doimhne ag teastáil i dtaobh na hEorpa ach faraor tá ár bpolaiteoirí agus formhór ár n-iriseoirí beag beann ar an bhfíordhíospóireacht

Seasaimis ar ár gcosa féin ar mhaithe lenár leas féin

Cé go n-aithnítear anois go bhfuil rí-thábhacht ag baint le cibé socrú a thiocfaidh i bhfeidhm idir Éirinn, Sasana agus Aontas na hEorpa i ndiaidh na Breatimeachta, tá an díospóireacht róchúng i gcónaí agus rómhór i dtuilleamaí na seantuiscintí a bhfuil a lá caite.

Is gá go ndéanfaí machnamh níos doimhne ar na féidearthachtaí don Aontas sa todhchaí agus na roghanna go léir a chaithfidh muid a chur san áireamh agus cinneadh a dhéanamh againn faoina bhfuil i ndán dúinn féin.

Ach creidimid chomh mór sin –in Aontas na hEorpa, gur geall le heiriceacht é a bheith ag smaoineamh fiú ar chás na hÉireann lasmuigh de théarmaí na hEorpa.

Ach tá muid i sáinn: ní hamháin mar gheall ar an gceangal láidir atá againn, ó thaobh trádála is gluaiseacht daoine, le Sasana, ach freisin toisc go bhfuil baol mór ann nach mairfidh an tAontas mar a thuigeann muid faoi láthair é. Go deimhin, is mó an seans go n-imeoidh airgeadra an euro ná go mairfidh sé.

Faoi láthair féin, tá ábhairín beag dóchais ann.  Cé nach bhfuil an Ghearmáin sásta tosaíocht na hÉireann sa scéal seo a aithint, is cé gur beag an mhaith caint dheas na Fraince, is cabhair mhór dúinn go bhfuil na Sasanaigh ar aon fhocal linn nár chóir teorainn chrua a bheith ar oileán na hÉireann.

Ar an taobh eile den scéal, mar a mhaígh roinnt díograiseoirí Eorpacha, faoi rialacha an Aontais ní againne ná ag Sasana a bheas an focal deiridh maidir le socrú ar bith idir muid féin agus ár gcomharsana.

Cinnte, beidh an Fhrainc ag iarraidh go ndéanfaí dianmhargadh le Sasana, mar eiseamláir d’aon dream eile a leanfadh a sampla siúd, agus ar mhaithe b’fhéidir le stádas chathair Londan i gcúrsaí airgeadais a bhaint díobh.

Beidh an Ghearmáin níos oscailte, ach bí cinnte gur leas na Gearmáine a bheas i bhfad chun tosaigh ar leas na hÉireann chomh fada is a bhaineann sé leosan.

Tá muid faoi mhóid ag an Eoraip, ach ag deireadh thiar tá níos mó le cailliúint againn trí fhanacht san Aontas agus cur isteach ar an gceangal le Sasana, ná a mhalairt.

Féach nach ndéanann muid ach aon trian dár gcuid trádála leis an Eoraip.  Déanann muid trian eile le Sasana féin go díreach, agus an tríú cuid le Meiriceá Thuaidh agus leis an domhan mór, an India is an tSín san áireamh.

Taobh istigh den Aontas bhí a lán tíortha eile – na tíortha Lochlannacha is tíortha Oirthear na hEorpa – ag brath ar Shasana le próiseas láraithe an Aontais a lagú.

Beidh roghanna le déanamh acusan freisin.

Maidir leis an euro, níl saineolaí ar bith nach dtuigeann gur dearmad glan é dul ar aghaidh leis an bhfiontar sin. Bíonn timthriallta na heacnamaíochta chomh héagsúil i ngach tír nach bhfuil a leithéid de chóras airgeadais comónta inmholta ach i gcás tír nó dhó.

Ní nach ionadh oireann an euro i gcónaí don Ghearmáin, mar is í, thar aon tír eile, a shocraíonn polasaí agus cleachtas an euro.

Ach caith súil ar na nuachtáin is irisí airgeadais idirnáisiúnta agus is ar éigean gur féidir duine ar bith a aimsiú a chreideann go mairfidh an euro.

Ach ní bhlaiseann ár bpolaiteoirí féin den díospóireacht sin ná níl aon chuid di á plé ach an oiread ag na meáin chumarsáide abhus.

Mar shampla, i ndeireadh na bliana seo caite, ag cúlú eacnamaíochta leanúnach na Fionlainne á phlé, d’aithin an Financial Times gur chuir an euro le deacrachtaí na tíre sin is go mbeadh siad níos fearr as dá bhfillfidís ar a gcóras airgeadais féin.

Thug lucht an nuachtáin chéanna, áfach, nach ndéanfaí sin toisc go gcuirfeadh sé isteach ar an aidhm pholaitiúil atá acu siúd a rialaíonn an tAontas.

Mhínigh Karl Marx céad go leith bliain ó shin go leanann an pholaitíocht fírinne na eacnamaíochta i gcónaí, is dá ndéantaí an tuiscint sin a chur bunoscionn nach mbeadh de thoradh air ach tubaiste.

Bhuel, bhí tubaiste againn in Éirinn, agus b’éigean do gach saoránach sa tír seo nach mór €9000 a íoc le bainc na hEorpa a shábháil d’ainneoin nár íocadh ach níos lú ná €200 ar an meán san Eoraip.

Féach ar an nGréig, ar ghéarchéim na baincéireachta san Iodáil.

Agus sin é an rogha atá againne: muid féin a fhágáil ceangailte le córas eacnamaíoch nach n-oireann dúinn is a fhágann bocht agus nach mór dearóil muid.

Nó, seasamh ar ár gcosa féin, ár leas féin a chur chun cinn agus caidreamh i bhfad níos solúbtha a bheith againn le Sasana, leis an Eoraip agus leis an domhan mór.

Fág freagra ar 'Seasaimis ar ár gcosa féin ar mhaithe lenár leas féin'

  • Fearn

    ” seasamh ar ár gcosa féin, ár leas féin a chur chun cinn agus caidreamh i bhfad níos solúbtha a bheith againn le Sasana, leis an Eoraip agus leis an domhan mór.” Muise!

    Cad é chomh fada nach raibh sinn inár “seasamh ar ár gcosa féin”? Muise!

    Cad é chomh fada nach raibh sinn ar son ” ár leas féin a chur chun cinn”? Muise. Cé a shocraigh a mhalairt?

    Cathain nach raibh caidreamh “solúbtha” againn le Sasana, idir chóilíneacht, shaorthaistil, shaorthradáil, shaorfhostaíocht, aoncheantar cultúrtha agus craolaidh agus meán, 7rl.
    Muise, a Eoin, Más tuilleadh solúbachta atá uait, bheadh Éire ag neadú in inní na Breataine, muna bhfuil sí cheana.

    Agus cad é an “Eoraip” seo atá i dtrácht agat? “Eoraip” na mBreatainach? An Eoraip nach slogann An Bhreatain? Na hEorpaigh nach Breatainigh iad?

    “níos solúbtha …. leis an Eoraip “? Dheara, nach raibh reifrinntí feadh na slí againn nuair a bhí an Comhargadh ag tiontú ina Chomhphobail agus ina Aontas?

    Tá an Bhreatain ag dul a bealach fhéin. Bliain mhaith ina diadh. Gan dabht, ní scorfaidh Éire dá lúitéis lei choiche: Níl teorainn cruaidh idir An Ioruaidh agus an tSualann ( cairde ach ball amuigh agus ball istigh ). Mar sin a bhéas in Éirinn, ball amuigh agus ball istigh.