Séarachas fós á scaoileadh i bhfarraige i sé bhaile Gaeltachta

Níor ceanglaíodh ach baile amháin in Éirinn le hionad cóiréala uisce le bliain anuas agus beidh moill eile ar cheangal sé bhaile Gaeltachta

Séarachas fós á scaoileadh i bhfarraige i sé bhaile Gaeltachta

Tá séarachas amh á scaoileadh i bhfarraige gach lá i sé bhaile Gaeltachta.

Tá na bailte i nGaeltacht Dhún na nGall agus na Gaillimhe ar liosta 35 baile atá foilsithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) de bhailte óna bhfuil séarachas á scaoileadh chun siúil i lochanna, aibhneacha agus farraigí na hÉireann.

De réir na tuarascála, Urban Waste Water Treatment in 2019, tá dramhuisce neamhchóireáilte, nó séarachas amh, á scaoileadh chun siúil ó cheithre bhaile Gaeltachta i nDún na nGall – an Fál Carrach, Cill Charthaigh, an Cheathrú Chaol agus Ailt an Chorráin – agus ó dhá bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe – An Cheathrú Rua agus an Spidéal.

Cé go raibh na bailte Gaelachta céanna luaite ar liosta an EPA le roinnt blianta anuas ach níl oibreacha cóireála dramhuisce curtha i gcrích iontu go fóill.

Tá cáineadh déanta ag an EPA arís ar an moill a deir siad atá ar Uisce Éireann feabhas a chur ar bhonneagar atá ag cur an tsláinte phoiblí agus an timpeallacht i mbaol.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil moill breis agus ceithre bliana i gceist le go leor de na hoibreacha.

Deir an EPA gur dhúirt Uisce Éireann dhá bhliain ó shin go mbeadh córais cóireála uisce ar fáil i 30 den 35 baile ar an liosta faoi 2021. Deirtear anois, áfach, nach mbeidh ach dhá bhaile díobhsan ceangailte le hionaid cóiréala uisce roimh dheireadh 2021.

Anuraidh, dúradh go mbeadh na hoibreacha cóireála críochnaithe sna ceithre bhaile Gaeltachta i nDún na nGall agus ar an Spidéal i gConamara roimh dheireadh 2021.

Tá an spriocdháta sin anois curtha siar bliain eile go dí 2022 agus beidh tuilleadh moille ann i gcás na Ceathrún Rua agus é ráite nach mbeidh na hoibreacha críochnaithe ansin go dtí 2023.

Níor ceanglaíodh ach baile amháin, Tigh Molaige i gCorcaigh, le hionad cóiréala uisce le bliain anuas agus tá séarachas amh ó 78,000 duine i 35 baile fós á scaoileadh chun siúil i lochanna, aibhneacha agus farraigí na hÉireann gach lá.

Tá na sé cinn de bhailte Gaeltachta luaite chomh maith ar liosta an EPA den 120 ceantar uirbeach sa stát ina dteastaíonn feabhas maidir leis an gcóras cóireála dramhuisce chun go mbainfí spriocanna timpeallachta amach.

Tá an Tearmann i nGaeltacht Dhún na nGall luaite chomh maith ar an liosta sin.

Fág freagra ar 'Séarachas fós á scaoileadh i bhfarraige i sé bhaile Gaeltachta'