Séanta ag Comhairle Contae Loch Garman gurb iad a chuir comhartha ‘mistéireach’ Gaeilge in airde

Deir Comhairle Contae Loch Garman go bhfuil comhartha dátheangach a raibh aistriúchán fíor-aisteach air bainte anuas acu ach nach iadsan a chuir an comhartha in airde

Séanta ag Comhairle Contae Loch Garman gurb iad a chuir comhartha ‘mistéireach’ Gaeilge in airde

Tá mistéir ag baint le comhartha a cuireadh in airde ar thaobh an bhóthair i Loch Garman ar a raibh botún aistriúcháin aisteach.

Scaipeadh pictiúir den chomhartha ar na meáin shóisialta le gairid nuair a thug roinnt daoine an dearmad faoi deara.

‘As Gaeilge 40m/Footpath ends in 40m’ a bhí scríofa ar an gcomhartha agus gan ciall ar bith leis an aistriúchán Gaeilge.

Tá ráite ag Comhairle Contae Loch Garman go bhfuil an comhartha, a bhí crochta gar do Pháirc Oidhreachta Náisiúnta na hÉireann i gCaladh na Carraige, bainte anuas acu.

Deir siad go bhfuil an scéal fiosraithe acu agus nach í an Chomhairle Contae a chuir an comhartha in airde.

Spreag an eachtra gáire ar líne agus mearbhall ar dhaoine faoi cé a chuirfeadh suas a leithéid de chomhartha.

Fág freagra ar 'Séanta ag Comhairle Contae Loch Garman gurb iad a chuir comhartha ‘mistéireach’ Gaeilge in airde'

  • Breandán

    Ach níl sé séanta acu gur íoc siad as. B’fhéidir go ndearna fochonraitheoirí é.

  • file

    Bítear de shíor ag tuar bhás na Gaeilge. A bhuí leis an chomhartha sin, is eol dúinn anois go díreach cá fhad uainn atá sé!