Seanadóir eile ‘a sheasfaidh an fód’ don Ghaeilge á éileamh d’fholúntas Uí Chlochartaigh

Tá Conradh na Gaeilge chun dul i mbun stocaireachta i measc pháirtithe polaitiúla Theach Laighean chun tathant orthu iarrthóirí a chur cinn a mbeadh an ‘tuiscint’ chéanna’ acu do chás na Gaeilge agus atá ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

Seanadóir eile ‘a sheasfaidh an fód’ don Ghaeilge á éileamh d’fholúntas Uí Chlochartaigh

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí iarrthóirí “a sheasfaidh an fód” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht chun tosaigh don fhothoghchán Seanaid a bheidh ar siúl nuair a éireoidh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as.

Tá an Seanadóir Gaeltachta ag éirí as an bpolaitíocht go luath agus é ceaptha mar Bhainisteoir Cumarsáide ar TG4.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht teanga dul i mbun stocaireachta i measc pháirtithe polaitiúla Theach Laighean chun tathant orthu iarrthóirí a chur cinn a mbeadh “an taithí, tuiscint agus tiomantas” céanna acu i leith chás na Gaeilge agus atá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ar dhuine den bheagán polaiteoirí i dTeach Laighean a bhfuil tuiscint mhaith acu ar na gnéithe éagsúla de pholasaí teanga an Stáit agus ar na dúshláin atá roimh an nGaeilge sa Ghaeltacht, agus buille is ea a éirí as dóibhsean a bhíonn ag iarraidh cás na Gaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais.

Mhol Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a ghníomhaí is a bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh i dtaobh chosaint agus chur chun cinn na Gaeilge, agus dúirt sé go mbeifí ag dul i dteagmháil go luath leis na páirtithe éagsúla in iarracht a chinntiú go gcuirfí iarrthóirí chun tosaigh a leanfadh leis an “dea-obair” sin agus a thabharfadh “guth láidir” do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Déanfar an folúntas atá sa Seanad de bharr imeacht Uí Chlochartaigh a líonadh trí fhothoghchán a reáchtáil.

Ní mór do naonúr ar Teachtaí Dála nó Seanadóirí iad duine a ainmniú mar iarrthóir ina leithéid de thoghchán agus ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí amháin a bhíonn vóta. Ballóid rúnda a bhíonn i gceist agus déantar na vótaí a chomhaireamh de réir an chórais olltoghchán, bíodh is nach dtoghfar ach iarrthóir amháin.

Fág freagra ar 'Seanadóir eile ‘a sheasfaidh an fód’ don Ghaeilge á éileamh d’fholúntas Uí Chlochartaigh'