Seán Ó Tuairisg, duine de bhunaitheorí RnaG, ar shlí na fírinne

Bhí Seán Ó Tuairisg, arb as an Lochán Beag in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara dó, ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge raidió agus teilifíse ba cháiliúla lena linn

Seán Ó Tuairisg, duine de bhunaitheorí RnaG, ar shlí na fírinne

Tá Seán Ó Tuairisg, an craoltóir aitheanta a bhí ar dhuine den mheitheal a bhunaigh Raidió na Gaeltachta i 1972, ar shlí na fírinne.

Bhí sé 78 bliain d’aois.

Bhí Seán Ó Tuairisg, arb as an Lochán Beag in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara dó, ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge raidió agus teilifíse ba cháiliúla lena linn.

Bhí baint aige le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ghlac sé páirt ghníomhach san fheachtas toghchánaíochta ar son Pheadair Mhic an Iomaire, iarrthóir na gluaiseachta, i 1969.

Ba le Saor-Raidió Chonamara a thosaigh sé ag craoladh den chéad uair.

Is i dtús na 1970idí a bhí baint aige leis an stáisiún bradach raidió i gConamara a réitigh an bealach do Raidió na Gaeltachta agus, dar le mórán, do Theilifís na Gaeilge lá níos faide anall.

Bhí Seán Ó Tuairisg, mar shampla, ina chathaoirleach ar dhíospóireacht a craoladh ar an stáisiún bradach mí na Samhna 1970 faoi éileamh Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar údarás neamhspleách Gaeltachta.

Sular thug sé faoin gcraoltóireacht ar bhonn gairmiúil, rinne sé BA agus teastas i dteagasc na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus thug sé tréimhse ag múineadh in Ollscoil Ruhr in Bochum na Gearmáine agus tréimhse eile ag teagasc i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.

25 bliain d’aois a bhí sé ar nuair a bhí sé ar dhuine den seachtar fear is mó a luaitear le bunú Raidió na Gaeltachta um Cháisc 1972. Bhí suim ar leith aige i gcúrsaí reatha agus sa réimse sin a bhíodh sé ag obair sna blianta fada a chaith sé leis an stáisiún Gaeltachta. Bhí sé ar an gcéad láithreoir, mar shampla, ar Adhmhaidin, clár cúrsaí reatha maidine RnaG, a bunaíodh i 1986.

Is iomaí polaiteoir, náisiúnta agus áitiúil, a chuir sé faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Bhíodh sé géarchúiseach ina chur chuige agus ba dheacair do pholaiteoirí éalú óna chuid ceisteanna.

Chaith sé tamall ina cheannaire ar chúrsaí nuachta sa stáisiún agus i 1977 ceapadh ina Leascheannaire é.

Bhog sé go dtí RTÉ agus saol na teilifíse sna 1990idí nuair a iarradh air dul ag obair ar an gclár Cúrsaí a bhí faoi stiúir Chathail Goan. Bhíodh tóir ar Cúrsaí, a bhíodh á chraoladh ceithre oíche sa tseachtain agus leis an gclár sin is mó a shamhlaítear tréimhse Sheáin Uí Thuairisg mar láithreoir teilifíse. Léiriú eile ar a chumas ab é gur bronnadh Gradam Jacob’s air i 1992 as a shaothar ar an gclár.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta gur duine d’fhathaigh na craoltóireachta agus na hiriseoireachta a bhí i Seán Ó Tuairisg

“Bhí tionchar náisiúnta ag a chuid oibre, ní amháin i saol na Gaeilge ach i saol an Bhéarla chomh maith in RTÉ, i dTeach Laighean, le hAirí Rialtais agus polaiteoirí, áisíneachtaí stáit agus a leithéid.  Bhí sé eiseamláireach mar chraoltóir, agus is é an dúshlán atá ann dúinne, glúin iriseoirí agus craoltóirí an lae inniu, na caighdeáin a bhí ag Seán a bhaint amach muid féin agus má éiríonn linn an méid sin a dhéanamh beidh muid ag déanamh go maith.”

Bhí Seán Ó Tuairisg ar dhuine de sheisear mac agus beirt iníonacha a bhí ag Máirtín Mór Ó Tuairisg agus a bhean Moya.

Níl ann ach mí ó bhásaigh an deartháir ba shine leis, Pádraig, a raibh cónaí air i gCill Éinne, Árainn.

Bhí drochshláinte ag Seán Ó Tuairisg le roinnt blianta anuas agus cúram á dhéanamh dó in Áras Chois Fharraige. Beidh sé á thórramh amárach Dé hAoine, an 21 Aibreán, idir 6-8pm, i dTeach Tórraimh Uí Neachtain ar an gCnoc in Indreabhán. Aistreofar a chorp go Séipéal Naomh Aithnín ar an gCnoc ina dhiaidh sin agus cuirfear é i Reilig an Chnoic, tar éis Aifreann an mheán lae Dé Sathairn, an 22 Aibreán.

 

Fág freagra ar 'Seán Ó Tuairisg, duine de bhunaitheorí RnaG, ar shlí na fírinne'

  • Cluain Sceach

    Is cuimhin liom é ag cur agallamh orm i bhfad siar. Fear uasal, meabhrach, cneasta. RIP.

  • Mac Dara Mac Donncha

    Craoltóir cumasach agus fear uasal. Leaba i measc na naomh dá anam. Is iomaí cuairt a thug sé ar an teach sin againne in Áth Eascrach

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Is minic a bhíos faoi agallamh ag Seán nuair a bhíos in Árainn. Duine ab ea é a chuireadh éinne ar an chompórd go mbeifeá ag súil gurb é sin a bheadh romhat sa stiúideo nó ar an bhfón. Bhí a obair bhaile déanta aige i gcónaí agus fios a chúraim aige dá bhárr. Trócaire air agus suaimhneas síoraí dó.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis é go raibh a Anam uasal.

  • Muiris Ó Scanaill

    Ba cara mór liom é Seán agus tá brón trom orm léamh faoin a bhás. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dó.

  • Eoghan Harris

    Níl amhras ar bith go bhfuil sibh cruinn ceart nuair a dheireann Tuairisc gur iriseoir den scotch ab ea Seán Ó Tuairisg, bail ó Dhia air. D’oibrigh me mar léiritheoir sinsearach in RTÉ le Seán agus le Breandán Ó hÉithir freisin, agus is léir domsa gurb é Seán an t-aon iriseoir a bhí in ann an bearna mór sin a d’fhág Ó hÉithir a líonadh. Ba bhreá liom cúpla bearna eile san ómós sin agaibh a líonadh freisin. Mar léiritheoir de chuid Féach, mise an chéad duine a chur Seán agus Gluaiseacht Chearta Sibhialta ar an dtelefís i 1967 le linn an fheachtais a d’eagraigh siad ar son Pheadar Mhic an Iomaire sa bhliain sin. Ó shin i leith, mise an duine a rinne bolscaireacht ar a son in RTÉ, agus ba mhór an comhoibriú idir eadrainn. Níos déanaí, mise an duine a chur ina luí ar mo sheanchara Micheal Healy, saineolaí ar theicneolaíocht raidió ó Chorcaigh, gur chóir dó na céad raidióanna a chur ar fáil do Shaor Raidió Chonamara. Scríobh Liam Mac an Iomaire mar gheall ar an bplean seo agamsa ina bheathaisnéis údarásach, Breandán Ó hÉithir: Iomramh Aonair (Cló Iar-Chonnacht, 2000). Scríobh sibh gurb é Cathal Goan a tharraing Seán isteach sa bhfoireann ar Chúrsaí. Botún é sin. Mise an duine a  thug an cuireadh sin do Sheán. Ní raibh a shárú le fáil in RTÉ na linne sin mar iriseoir sa stiúidió beo. Ó thaobh máistreacht ar pholaitíocht na hÉireann de, déarfainn go raibh Seán chomh cliste le Brian Farrell. Nuair a cailleadh Seán, rith frása Uí Chriomhthain liom ón leabhar aige, An tOileánach:  ‘deireadh an áil’ [last of the litter] ab ea Seán. Foinse bróid domsa fós is ea an cinneadh sin a rinne mé caoga bliain ó shin post a thabhairt dó le Cúrsaí.”