Seán Bán Breathnach san iomaíocht do ghradam ‘Craoltóir na Bliana’

Tá láithreoir Spórt an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe ar an ngearrliosta don Ghradam PPI do ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’

Seán Bán Breathnach san iomaíocht do ghradam ‘Craoltóir na Bliana’

Tá ainmniúchán faighte ag craoltóir aitheanta RTÉ Raidió na Gaeltachta, Seán Bán Breathnach, do Gradaim Raidió PPI.

Tá láithreoir Spórt an tSathairn san iomaíocht don ghradam ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’. Beidh sé san iomaíocht le triúir ó Newstalk 106-108fm, Ger Gilroy, Joe Molloy agus Oisín Langan, chomh maith le Darren Cleary ó 98FM agus Weeshie Fogarty ó Radio Kerry.

Deir Seán Bán le Tuairisc.ie gur tháinig an t-ainmniúcháin aniar aduaidh air, go háirithe ó bhronn lucht an PPI gradam Dámhachtain na Laoch air in 2012.

“Cuireadh sa ‘Hall of Fame’ mé cúpla bliain ó shin agus dúirt mé, ‘sin deireadh leis!’.

“Is é an ceann a bhíonn tú ag súil leis an ceann nach bhfaigheann tú. Ní raibh a fhios agam fiú gur chuir lucht an Raidió isteach ar an ngradam, ach bhí meascán deas rudaí san iontráil idir chraoladh ó Rásaí na Gaillimhe, teacht aniar Chill Chainnigh in aghaidh na Gaillimhe, cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag agus píosa ómóis a thug John Connolly tar éis bhás Christy O’Connor Jnr.”

Cé go bhfuil go leor duaiseanna móra eile buaite aige cheana féin, deir Seán Bán gur “onóir” é i gcónaí a bheith ainmnithe do ghradam. Deir sé chomh maith go gcuireann sé le hainmniúchán i gcónaí nuair a bhíonn craoltóirí Gaeilge ag dul suas i gcoinne craoltóirí Béarla.

“Deirim i gcónaí gurb é an ceann mór a bhuaigh mé ná an Jacobs Awards i 1991, a bhí cosúil le ‘Oscars’ an Raidió agus mé san iomaíocht leis na craoltóirí Béarla is mó a bhí ann. Tá an ceann seo cosúil leis sin sa chaoi go bhfuil mé san iomaíocht leis na craoltóirí móra Béarla arís.”

Tá beagnach leathchéad bliain anois caite ag Seán Bán i mbun na craoltóireachta ó thosaigh sé le Raidió Éireann i 1969 ach tá sé i gceist aige leanúint ar aghaidh ar feadh tamaill eile ar a laghad.

“Níl sé i gceist agam an micreafón a leagan uaim go gairid. Smaoiním i gcónaí go bhfuilim bliain níos óige ná Pat Kenny agus tá seisean fós ar cheann de na réalta is mó atá ann!”

I measc na ndaoine eile a bhfuil ainmniúchán eile faighte acu do Ghradaim PPI na bliana seo, Brian Nammock ó RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ainmnithe don ghradam ‘Fuaim Beo is Fearr – Ceol’. Sa rannóg ‘Craoltóireacht le Gaeilge’, ainmníodh an clár de chuid RTÉ RnaG Bláthnaid Libh! agus an craoltóir Dónall Mac Ruairí ón stáisiún céanna. San iomaíocht leo don ghradam sin, beidh Aiséirí – an Phiarsaigh (BBC Gaeilge), Splanc ag Electric Picnic (Newstalk 106-108fm) agus Top40 (SPIN 1038).

Chuir Ceannaire Edel Ní Chuireáin fáilte roimh na hainmniúcháin atá faighte ag an stáisiún.

“Níl dabht ná go bhfuil SBB ina mháistir ar cheird na craoltóireachta agus na tráchtaireachta, agus tá an t-ainmniúchán seo tuillte agus tuillte faoi dhó aige.  Is breá an rud an t-aitheantas atá faighte ag Bláthnaid Libh sa rannóg Craoltóireacht le Gaeilge, clár nach bhfuil ar an aer ach le bliain anuas, ach é ag dul ó neart go neart.

“Bronnadh an gradam do Chraoltóir Raidió na Bliana ar Dhónall Mac Ruairí níos luaithe i mbliana ag Féile na Meán Ceilteach, mar sin cén t-iontas é a bheith ag fáil aitheantais anseo arís as a chuid scileanna craoltóireachta.  I ndomhan an raidió, bíonn muid ag brath go hiomlán ar na fir fuaime, agus tá Brian Nammock ar cheann de na fir fuaime is fearr sa tír.  Guím gach rath orthu uilig ag na Gradaim i mí Dheireadh Fómhair.”

Beidh searmanas bronnta Gradam Raidió PPI 2016 ar siúl Dé hAoine, an 7 Deireadh Fómhair, in Óstán Lyrath i gCill Chainnigh.

Fág freagra ar 'Seán Bán Breathnach san iomaíocht do ghradam ‘Craoltóir na Bliana’'

  • Seán

    Seán Bán Breathnach Craoltóir na Bliana