Seachtain mhór a bhí inti i stair na tíre…

Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil oifigigh ag an leibhéal Eorpach ag réiteach don lá a mbeidh Sinn Féin i rialtas…

Seachtain mhór a bhí inti i stair na tíre…

Seachtain mhór a bhí inti i stair na tíre. Céad bliain ó deineadh an conradh as ar eascair an stát ina bhfuil muid ag maireachtáil. Céad bliain ó deineadh an conradh as ar eascair Cogadh na gCarad a chothaigh naimhdeas nimhneach a mhair ar feadh na nglúnta agus gur mithid a rá go bhfuil a rian fós le brath in áiteacha sa tír. Cé go raibh an chríochdheighilt déanta le roinnt míonna roimhe sin, chuir an conradh dlús léi agus tuigtear anois nach raibh sé i gceist riamh athbhreithniú ionraic a dhéanamh uirthi mar chuid de Choimisiún na Teorann.

Seachtain inar thapaigh Sinn Féin an deis le haird a tharraingt ar na fadhbanna a bhain agus a bhaineann leis an gcríochdheighilt don stát seo ó shin in leith. Is beag a cheap go leor tar éis na mblianta go mbeadh Sinn Féin mar atá siad anois.

Tá siad ag treabhadh leo sna pobalbhreitheanna thuaidh agus theas agus ag fáil faoi réir do thoghcháin sa dá dhlínse.  Níl aon toghchán beartaithe ó dheas go ceann roinnt blianta ach is fánach an rud a bhainfeadh tuisle as an socrú atá i bhfeidhm. Díol suntais go bhfuil tráchtairí polaitiúla ag tuairisciú ar chaint ó fhoinsí rialtais nach bhfuil an comhrialtas chomh buanseasmhach agus a thugann siad le fios. Tá an ghéarchéim sláinte á gcoinneáil le chéile ach ní féidir a chur as an áireamh ach an oiread go bhfeiceann siad an bhagairt ó Shinn Féin agus go dteastaíonn uathu iad féin a ullmhú d’aon fheachtas toghcháin a bheidh le troid as seo go ceann bliana nó dhó.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil Sinn Féin athraithe le roinnt blianta anuas. Tá glacadh níos fearr leo anois i measc na bunaíochta agus tá ag éirí leo an deacracht mhór a bhíodh acu aistriúcháin a mhealladh a shárú. Ní leis an athrú uachtaránachta ann féin a bhaineann sé sin. Tá foireann óg fhuinniúil acu a oibríonn go dian. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil ceachtanna go leor foghlamtha acu ó Fhianna Fáil sa mbealach go dtugann siad faoin bpolaitíocht. Tá an cháil sin orthu ó thuaidh den teorainn le fada an lá. Is léir go bhfuil an obair chéanna ag dul i gcion ar phobal an deiscirt.

An rud is mó atá le sárú acu idir seo agus olltoghchán ná an dearcadh go scriosfadh a gcuid polasaithe eacnamaíochta an stáit. Caithfidh siad freisin cur i gcion ar phobal na hÉireann nach drochrud é rialtas den eite chlé. Sin nó druidim beagán eile i dtreo lár báire lena bhfealsúnacht pholaitiúil. Cé go bhfuil tábhacht mhór le Baile Átha Cliath i gcúrsaí polaitiúla na tíre seo, ní leor a bheith láidir i gceantair lucht oibre sna cathracha.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil oifigigh ag an leibhéal Eorpach ag réiteach don lá a mbeidh Sinn Féin i rialtas. Creideann siadsan go bhféadfadh a leithéid tarlú gan mhoill. An gcreideann pobal na tíre seo é?

Sin an cheist a bheidh le freagairt lá an toghcháin.

Fág freagra ar 'Seachtain mhór a bhí inti i stair na tíre…'

  • Antóin

    Is iontach na blúiríní gaoise atá sa leabhar ‘Ag Bualadh Clé is Deas’ le Alan Titley. Is aige atá gaois agus léargas an fháidh.

    “Tá Sinn Féin ar nós Neilí féin ag séideadh leis an ngaoth aniar aneas aduaidh, cé gur dócha go bhful an ghaoth anoir san imirt chomh maith céanna”

    Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus an iarracht muid a mhealladh le plámás i dtreo comhghuallaíochta míleata a bhí faoi chaibidil aige ach léirigh sé go beacht ‘na prionsabail’ atá ag Sinn Féin i ngach uile réimse den saol.