Seacht measa dhuit an t-uaigneas ná an iomarca feola a bheith anairde agat

Tá muintir na hÉireann ar bharr liosta na dtíortha ‘uaigneacha’ agus géarchéim sláinte atá i gceist

Seacht measa dhuit an t-uaigneas ná an iomarca feola a bheith anairde agat

N’fheadar ar chóir géilleadh don ‘seanrá’ a chloisinn go minic is mé óg, gur ‘fearr an troid ná an t-uaigneas’?

Go hobann, tá ana-chaint ar cé chomh díobhálach is atá sé don nduine daonna a bheith uaigneach.

Labhair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte amach agus dúirt gur geall le géarchéim sláinte é an t-uaigneas i saol an lae inniu.

Tá sé chomh díobhálach céanna don gcorp is don gceann agus atá a bheith a’ caitheamh cúig cinn déag de thoitíní sa ló.

Chomh holc duit is a bheadh sé dá gcaithfeá siar sé dheoch mheisciúil in aghaidh an lae. Seacht measa dhuit chomh maith an t-uaigneas ná an iomarca feola a bheith anairde agat.

Áirítear é mar chúis le galar croí agus néaltrú, gan trácht ar an bhféinmharú.

Tá Cumann na bhFeirmeoirí iad féin ag caint ar an scamall atá ar roinnt feirmeoirí.

I ngan fhios do chuid mhaith againn, d’eisigh Parlaimint na hEorpa cáipéis i mbliana, toradh ar shuirbhé a deineadh in 2022 i measc phobal na mballstát ar leibhéal an uaignis i measc an phobail.

Bhí muintir na hÉireann ar bharr an liosta. Níos uaigní ná na Gréagaigh, na Bulgáraigh, gan trácht ar Lucsamburg fhéin.

Breis agus fiche fén gcéad den ndream daoine a ceistíodh in Éirinn, bhíodar amhlaidh. Ní deireann an tuairisc cén contae, nó cén lá den tseachtain, nó conas a bhí an aimsir, an lá céanna a ndearnadh an suirbhé.

Nílimid chomh gealgháireach is a cheapamid atáimid tar éis an tsaoil.

B’fhéidir gur i gContae Mhaigh Eo tar éis an chluiche ceathrú ceannais a tógadh é…

Chuir dianghlasáil na paindéime Covid-19 dlús leis an fhadhb seo a aithnítear anois a bheith forleathan i dtíortha ‘forbartha’ an domhain. Meastar go maraíonn sé níos mó daoine ná dheineann aon eachtra sceimhlitheoireachta ná dúnmharaithe.

Agus a rá go bhfuil an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ag díriú airde air ní foláir nó tá lom na firinne sa scéal.

I mbaile i dtuaisceart na Sualainne, Lulea, tá feachtas tosnaithe chun daoine a chur ag caint le chéile ar mhaithe lena sláinte intinne.

‘Säg hej!’ (Abair Haigh!) a thugadar air agus tá fógraí agus comharthaí ar fhallaí agus ar bhusanna ag spreagadh daoine beannú dá chéile.

Mar thoradh ar thaighde a dheineadh fuarthas amach go raibh uaigneas ar 45% de dhaoine idir sé mbliana déag is 29.

D’admhaigh 39% de mhná gurb amhlaidh a bhí, 26% d’fhearaibh.

Meastar daoine óga a bheith i bhfad níos uaigní ná daoine aosta.

Barraíocht ama á chaitheamh acu ag scrolláil ar a ngutháin póca, ag caitheamh an iomarca ama ag ‘cumarsáid’ go leictreonach. Gan dóthain ama á chaitheamh go fisiciúil acu le cairde is gaolta.

I léacht a thug Hillary Clinton, iar-rúnaí Sstáit agus iarsheanadóir Nua-Eabhrac le déanaí in Ollscoil Columbia, maíonn sí go bhfuil an t-uaigneas ag cur an daonlathais i mbaol, fiú.

Dearbhaíonn sí go bhfuil tráchtais is teoiricí is teachtaireachtaí frithdhaonlathacha á gcur ar na meáin ag daoine díobhálacha.

Áiríonn sí an t-iaruachtarán Trump ar dhuine acusan. Tugann sé, a deir sí, údar gráin is drochamhrais do dhaoine aonaracha. Cothaíonn a leithéid paranóia agus fuath dá chéile.

Cé a deir ná go bhféadfadh an ceart a bheith aici.

Caithfear idirdhealú a dhéanamh áfach idir ‘uaigneas’ agus ‘aonarachas’.

Tá daoine ann a shantaíonn an t-aonarchas agus ná bíonn aon phioc uaignis orthu gan daoine a bheith mórthimpeall orthu.

Is geall leis na flaithis acu é go deimhin.

Agus nach bhfuil cuid den fhilíocht is áille againn bunaithe ar a bheith ‘amuigh ar an uaigneas’.

‘Im aonar seal ag siúl do bhíos…’ a dúirt an Muimhneach ceolmhar, Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin…agus é ag cur síos ar eachtra iontach a tharla ‘ i dtús na oíche i ngaorthadh ceoidh’:

‘Le m’thaobh gur dhearcas fionnríon…’om ionsaí go séimh ar seol..,’

Caithfear an seanrá a athscríobh measaim…

Is fearr an tseanfhilíocht is na hamhráin ná an t-uaigneas.

Fág freagra ar 'Seacht measa dhuit an t-uaigneas ná an iomarca feola a bheith anairde agat'

  • giorria14

    Tá go leor ceisteanna ag baint le seo sílim. An t-athrú saoil, brú costais maireachta agus luachanna an duine.

    Tá pobal tábhachtach agus tá sin á chailliúnt againn. Abair haigh le daoine fiu mura bhfreagraíonn siad. Freastal ar imeachtaí i do phobal féin agus téigh chuig an siopa nó an posta. Casfaidh tú le daoine.

  • WTF

    Is fearrde thú ganja a dhuine. Cuireann sé an ruaig ar na goirmeachaí!

  • Pádraig O'hEipicín

    An leigheas ar an uaigneas, ná bean bheag a phósadh, is féidir liom labhairt ó thaithí. Is fearr an troid ná an t-uaigneas.