Seacht masc faiseanta a thabharfaidh cosaint duitse agus cúnamh do charthanacht

Níl locht ar bith a bheith faiseanta agus tú do chosaint féin agus an pobal thart ort ón víreas ag an am céanna

Seacht masc faiseanta a thabharfaidh cosaint duitse agus cúnamh do charthanacht

Tá mascanna cosanta á gcaitheamh i bhfad níos minice anois i measc an phobail ó mhol an Rialtas dúinn, de réir chomhairle NPHET, gur cheart do dhaoine a n-aghaidh a chlúdach mar chúnamh le cosc a chur le scaipeadh an víris mharfaigh. 

Bhí mé féin ar dhuine acusan a chreid gur cheart an nós sin a bheith molta le fada roimhe sin, go háirithe nuair a chomhairligh na húdaráis i gcuid mhór tíortha eile don phobal iad a úsáid.

Bhí amhras ann ar dtús go mbeadh ganntanas mascanna ann d’oibrithe sláinte dá rachadh muid ar fad á gcaitheamh ach níorbh aon chúis imní é sin ó tharla gur féidir le daoine a gcuid mascanna féin a dhéanamh mar a léirigh Bríd Ní Fhinneadha go cumasach sna treoracha soiléire a thug sí ar an suíomh seo.  

Faraor, níl muid ar fad chomh deaslámhach le Bríd le snáth agus snáthaid nó leis an meaisín fuála. 

Ach is féidir mascanna lámhdhéanta, cinn gur féidir a úsáid arís agus arís eile ach iad a ní, a cheannach go héasca ar an idirlíon agus is geall le ‘ráiteas faisin’ cuid mhór acu.  Ar ndóigh ní locht ar bith a bheith faiseanta agus tú do chosaint féin agus an pobal thart ort ag an am céanna!

An rud is mó a mheall mé féin i dtreo na mascanna atá ar díol ar na suíomhanna gréasáin ná na hiarrachtaí atá ar bun ag lucht a ndéanta airgead a bhailiú do chúiseanna maithe carthanachta. 

Ní fhéadfainn gan ceann a cheannacht ó shuíomh a gheall go gcuirfidís masc amháin ar fáil saor in aisce do dhuine in Ionad Soláthar Díreach ar son gach ceann a cheannófaí uathu. Ba dheacair cúis níos fearr ná sin a aimsiú.

Seo chugaibh, mar sin, rogha de mhascanna cosanta atá faiseanta agus a bhfuil gné den charthanacht ag baint lena gceannach.

 

We Make Good Ireland   

https://wemakegood.ie/collections/homepage/face-mask

Ón ngrúpa seo a cheannaigh mise mo mhasc féin. Iartheifigh iad na daoine atá ag obair sa Textile Studio. Mascanna deasa simplí agus gach ceann acu ar dhath dorcha. Má cheannaíonn tú ceann ar €25 tabharfar ceann saor in aisce do dhuine fásta in Ionad Soláthar Díreach ar €25. Má íocann tú €35 ar do mhasc, rachaidh péire saor in aisce chuig beirt ghasúr in Ionad Soláthar Díreach. 

 

Niamh McCabe

https://www.nimcake.com/shop

Ar Instagram a chonaic mé na mascanna lámhdhéanta ón dearthóir Niamh McCabe ar dtús. Tá prionta álainn le dathanna bríomhara ar an bhfabraic a úsáideann sí agus tugtar 15% den phraghas €33 don Ionad Éigeandála um Éigniú i mBaile Átha Cliath.

 

Eamonn McGill

https://www.trendsbeautydistribution.com/designer-face-covers

Seo an rogha do lánúin ar bith a bhfuil rún acu pósadh i mbliana. D’úsáid an dearthóir Eamonn McGill feisteas pósta mar spreagadh agus tá €60 ar phéire. Tá 20 dearadh eile ar an suíomh aige agus téann sciar den phraghas ar gach ceann a dhíoltar chuig Clann Shíomóin Bhaile Átha Cliath.

 

Laura Jayne Halton

https://www.instagram.com/laurajaynehaltondesign/?hl=en

Tá cúig stíl dhifriúil ar díol ag an dearthóir agus ealaíontóir Laure Jayne Halton. Tá na cinn seo oiriúnach don té a bhfuil oiread dúil acu i gcúrsaí faisin gur mhaith leo go mbeadh an masc cosanta ag teacht leis an gcuid eile dá bhfeisteas. €25 an ceann atá ar na cinn seo agus téann 10% chuig Cumann Ailse na hÉireann. 

 

RashR

https://rashr.com/collections/face-masks-by-rashr

Táirge ar a dtugtar ‘rash vests’ a chaitear le culaith uisce a dhéanann an comhlacht seo de ghnáth ach thugadar cúrsa nua orthu féin le teacht Covid-19. Tá fabraic ar leith agus scagairí sna cinn seo. Tá dearaí éagsúla ar fáil uathu agus is féidir scagairí breise a cheannach astu féin. €19.99 an praghas atá orthu agus rachaidh €2 as sin chuig Cumann Fiobróis Scamhóige na hÉireann. 

 

Sew Great

http://www.sewgreat.ie/face-masks/face-masks.261.html

Comhlacht fuála ó Bhaile Átha Cliatha iad Sew Great agus rogha mhaith iad seo don té ata ag lorg masc atá réasúnta saor. €6 an ceann atá orthu agus neart dathanna difriúla acu. Téann €1 chuig Barnardos. Is féidir paca ceithre mhasc a fháil ar chostas €24. 

 

Arthritis Ireland

 https://shop.arthritisireland.ie/products/marena-reusable-washable-antibacterial-face-mask-black?_pos=5&_sid=e187aebb6&_ss=r

Tá an eagraíocht charthanachta Arthritis Ireland ag díol a gcuid mascanna féin agus cúig dhath difriúil ar fáil uathu. Deir siad go bhfuil cosaint frithbhaictéarach ar an bhfabraic.

Fág freagra ar 'Seacht masc faiseanta a thabharfaidh cosaint duitse agus cúnamh do charthanacht'