Bríd Ní Fhinneadha
Ábhar: Éadach cadáis, leaisteach, siosúr, snáthaid agus snáth
Modh:
- Gearr amach 2 phíosa éadach cadáis 24.30 cm faoi 22 cm (9.5 orlach faoi 8.5 orlach). Is maith an smaoineamh iad a bheith difriúil le go n-aithneoidh tú an taobh a bheidh le do bhéal agat agus nach mbeidh tú ag crúbáil air le lámha salacha.
- Cuir 3 phléata nó filltín san éadach, thart ar 1.3 cm (.5 orlach) an ceann.
- Cuir an dá phíosa le chéile taobh istigh amach, féadfaidh tú iad a ghreamú le bioráin nó cúshnáithe.
- Fuaigh timpeall leis na ciumhaiseanna, fuaigh de láimh iad mura bhfuil meaisín fuála sa teach. Fág poll ar thaobh amháin le go bhféadfaidh tú an masc a iompú amach agus ní fheicfidh aon duine do chuid fuála!
- Dá mba mhaith leat, d’fhéadfá páipéar cisteanaí a chur isteach ann (tríd an bpoll a d’fhág tú) agus bheifeá in ann an páipéar a athrú go minic.
- Gearr 2 phíosa leaisteach 18 cm (7 n-orlaí) le dul timpeall ar do dhá chluais agus fuaigh ceann acu chaon taobh den mhasc.
- Cuir ort anois é agus coinnigh uait Covid-19. Is féidir é a níochán agus ná bí ag crúbáil air gan do lámha a bheith nite ceart agat.
- Tasc deas é seo do na gasúir agus féadfaidh siad T-léine a thaitníonn leo agus atá róbheag dóibh nó dathanna a gclub a úsáid.
- Má úsáideann tú éadach geal féadfaidh tú scríobh air – fan amach uaim, fainic, coimhéad, nó mana deas éigin!
- Scileanna matamaitice, comhordú súl is lámh, aireachas, deaslámhaí agus sláinte agus sábháilteacht á bhfoghlaim sa scoil sa mbaile.
Eoghan O Neill
Míle buíochas as na treorachaí, tá sean léine agam bainfidh mé triail as.
Breathnóir1
Maith sibh as seo a dhéanamh i nGaeilge. Nach scannalach mar a phléann an Roinn Sláinte le lucht na Gaeilge, áfach. Níor chuir siad fiú stró orthu féin leagan Gaeilge den fhógra faoin choróinvíreas a chur le chéile le craobhscaoileadh ar TG4, is cuma leo sa tsioc faoi shláinte dhaoine a labhraíonn Gaeilge agus a bheadh ag iarraidh comhairle ina dteanga féin.