Seachain gáire an tSasanaigh

Tá comhdháil ar siúl an deireadh seachtaine seo faoi James Hack Tuke, fear a chuidigh le 3,000 duine imeacht thar lear as Conamara ag deireadh an 19ú haois.

06_tuke
James Hack Tuke

Beidh comhdháil sa gClochán an deireadh seachtaine seo faoi James Hack Tuke. Sin é an fear a chuidigh le 3,000 duine imeacht thar lear as Conamara in 1882, in 1883 agus in 1884.

Chuir sé slua mór amach as Gaeltacht Iorrais freisin. Go Meiriceá agus go Ceanada a chuaigh a bhformhór sa dá chás.

Dream a thugann an “Clifden 2012 Committee” orthu féin atá ag eagrú na comhdhála seo. Tá siad ag déanamh an-obair ag cur stair Chonamara os comhair an phobail.

Tá léachtóirí den scoth faighte acu an iarraidh seo freisin: Gearóid Ó Tuathaigh as Coláiste Ollscoile na hÉireann, Gaillimh, Christine Kinealy atá ina stiúrthóir ar Institiúid Ghorta Mhóir na hÉireann in Ollscoil Quinnipiac i Meiriceá; Gerard Moran as Coláiste na hÉireann, Má Nuad agus Kathleen Villiers Tuthill, a bhfuil sé leabhar scríofa aici faoi stair Chonamara.

Amach as Gaillimh agus as Béal an Mhuirthead a chuir Tuke na himircigh. I gcás na Gaillimhe bhí trí bhád i gceist: an SS Lake Nepigon, an SS Lake Winnipeg agus an SS Austrian.

Ar an Austrian a chuaigh muintir Chonamara a tugadh go Minnesota cúpla bliain roimhe sin. Bhí sé i gceist go ndéanfaí feilméirí móra cruithneachta díobh thiar ar na machairí, ar na “prairies”.

Bhí an seanchaí cumasach Éamon a’Búrc ar dhuine acu agus gan é ach cheithre bliana déag d’aois. Chaill sé a chos i dtimpiste ar na ráillí traenach i St. Paul trí bliana ina dhiaidh sin.

D’fhill an comhluadar uilig abhaile agus tháinig sé sa saol ina dhiaidh sin aríst go raibh Éamon ar dhuine de na seanchaithe ab fhearr a casadh le bailitheoirí Chumann le Béaloideas Éireann. 30,000 focal a bhí i scéal amháin a d’inis sé—leabhar iomlán, d’fhéadfá a rá.

Ní dhearnadh feilméirí móra cruithneachta de mhuintir Chonamara i Minnesota.

Tháinig an geimhreadh ba mheasa le cuimhne na ndaoine ann agus ba bheag nár préachadh leis an bhfuacht iad. Chuaigh tuairiscí faoin mbail a bhí fágtha orthu ar fud Mheiriceá.

Ba é deireadh na cúise gurbh éigean don Easpag John Ireland iad a thabhairt isteach go St. Paul, an áit ab fhearr leo a bheith ó thús.

Rinne siad go maith ansin.

D’fhan laoch cumasach amháin acu ar na “prairies”— Learaí Saile Ó Flatharta as Cois Fharraige. Choinnigh seisean leis an bhfeilméireacht agus d’éirigh go maith leis. Tá leabhar scríofa ag duine dá shliocht, Bridget Connelly, faoin scéal ar fad, “Forgetting Ireland”. Tá clar teilifíse faoin ábhar céanna le ceannacht ó Cinegael, “Graceville”.

Ní raibh aon bhaint dhíreach ag James Hack Tuke leis an scéim sin, cé go raibh aithne aige ar dhuine den lucht eagrúcháin, an tAthair Nugent as Learpholl.

Níor strainséir ar bith an tAthair Nugent i gConamara. Bhí neart léite ag Tuke freisin faoi na hiarrachtaí a bhí déanta ag an Easpag Ireland le daoine a mhealladh go Meiriceá.

Ball de Chuallacht na gCairde ab ea Tuke (Quaker).

Shiúil sé iarthar na hÉireann aimsir an Ghorta Mhóir agus thug sé tuairiscí scéiniúla ar gach a bhfaca sé. Bhí cleamhnas aige le muintir Ellis, an dream úd a raibh tionchar acu ar shaol mhuintir Leitir Fraic.

Chlis na fataí aríst in 1879. Tháinig drochaimsir ina theannta sin. Ní raibh na tionóntaithe in acmhainn an cíos a íoc agus ní raibh na siopadóirí in ann earraí a thabhairt ar trust ní b’fhaide. Ach an iarraidh seo bhí rún daingean ag na daoine an fód a sheasamh.

Chuir Mícheál Mac Dáibhéid agus a chairde Conradh na Talún ar bun i Maigh Eo agus spréigh sé ar fud na tíre mar a bheadh loscadh sléibhe ann.

Ar an gCeathrú Rua a bhí an chéad chath nuair a thug 1,000 duine dúshlán na dtiarnaí talún agus na bpóilíní. Tharla scliúchais eile ar fud Chonamara.

Bhí an Gorta ag breith ar an bpobal agus b’fhacthas do James Hack Tuke nach raibh bealach ab fheiliúnaí le faoiseamh a thabhairt dóibh ná na mílte acu a threorú thar sáile.

Chuaigh sé chun cainte le boic mhóra i Sasana, chuir siad ciste airgid le chéile agus nuair a chonaic an rialtas go bhféadfadh sé seo ar fad na hagóidí a mhaolú, tháinig siad isteach ar an scéim.

Ar ndóigh, níor thaitnigh gach a raibh beartaithe ag Tuke le lucht Chonradh na Talún beag ná mór.

D’ionsaigh siad Tuke go binibeach.

Níor thaitnigh sé le cuid de na sagairt ach oiread, bíodh is go raibh cuid eile acu ag cuidiú leis. Níor thaitnigh sé leis na siopadóirí.

Faitíos go gcaillfidís custaiméirí atá orthu, a dúirt cairde Tuke, agus imní atá ar na sagairt atá ag clamhsán go gcaillfidís siúd aon chuid dá dteacht isteach ó na fíréin.

Maidir leis na daoine ar tugadh airgead agus éadach dóibh leis an tír a fhágáil, shílféa go raibh cuid mhaith acu sásta go leor, cé go bhféadfadh bolscaireacht a bheith i gceist anseo freisin.

I litir a chuir fear as Oileán Fhínse, amach ó Charna, anall, dúirt sé dá mbronnfaí an t-oileán uilig air lá arna mháireach nach bhfillfeadh sé.

Ba cara mór é James Hack Tuke le William Forster, Príomhrúnaí Shasana in Éirinn. “Buckshot Forster” a baisteadh air siúd de bharr é a bheith sásta go gcuirfeadh na póilíní grán i ndaoine a bheadh ag léirsiú ar son Chonradh na Talún.

Ba é Forster a thug an Coercion Act isteach in 1881 le Conradh na Talún a smachtú.

Bhí an dá bhealach ag na Sasanaigh an uair sin mar a bhí ariamh – cos ar bolg ar thaobh amháin agus beagán fóirthinte ar an bpobal ar an láimh eile lena mealladh.

Céard a cheap James Hack Tuke faoi shaoirse na hÉireann agus faoi chóras na dtiarnaí talún, a deir tú? Tá freagra na ceiste i litir a scríobh sé chuig cara leis i Sasana in 1886:

“He (Parnell) may be willing to stop at a moderate amount of Home Rule, but not so the “Brotherhood” behind who, whilst willing to take all they can by the help of Mr. Parnell, are no doubt biding their time for the next step in the great Socialist or Fenian movement so rampant in Ireland.

“The knowledge that in the country districts of Ireland the one idea of “Home Rule” means to the tenants the right to occupy their lands without rent (again a deeply felt Socialist cry) compels me to disbelieve in Home Rule as a means of satisfying this very large number of Irish voters, and causing content in Ireland.

“This rent, at whatever rate it is agreed to be paid, must be enforced by someone to pay the annual sum due to England.”

Mar a dúirt an té a dúirt, “seachain gáire an tSasanaigh”.

 

Fág freagra ar 'Seachain gáire an tSasanaigh'