Seachain an ‘mamba dubh’… agus an scríbhneoir a bhfuil saothar á chríochnú aige

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: nuair a bhíonn scríbhneoir ag plé le dréacht deiridh a shaothair, cailleann sé a chiall 

Seachain an ‘mamba dubh’… agus an scríbhneoir a bhfuil saothar á chríochnú aige

An mamba dubh as an áireamh, b’fhéidir, is beag rud sa saol atá chomh contúirteach le scríbhneoir a mbeadh saothar á chríochnú aige.

An lá cheana, d’fhan mé thar oíche le dlúthchara de mo chuid san Ísiltír ar scríbhneoir agus síceolaí é. Bhí sé faoi bhrú mór millteach. Bhí leabhar á chríochnú aige, leabhar neamhfhicsin faoi chúrsaí grá agus caidrimh. Bhí na foilsitheoirí ag cur glaoch air gach re lá, iad ag dréim leis an dréacht deiridh uaidh. Ní fhaca sé a chairde le roinnt mhaith seachtainí anuas, ach ní bhímse sa tír go rómhinic agus rinne sé eisceacht dom.

Bhí a árasán ina chíor thuathail. Bhí mugaí agus caife stálaithe iontu fágtha ar fud an tí. Bhí uisce ag teastáil go géar ó na plandaí. Agus bhí na céadta leathanach A4, an téacs clóite orthu breac le ceartúcháin a rinneadh le peann gorm, ina luí timpeall ar an leaba thoilg a mbeinnse ag caitheamh na hoíche inti.

Ach go fóill beag, bhí mo chara ina luí siar ar an leaba thoilg sin, a scíth á ligean aige tar éis lá fada oibre, agus bhí mise i mo shuí ar chathaoir. Bhí sé ag tarraingt ar a dó a chlog san oíche, ach idir chúrsaí scríbhneoireachta agus chúrsaí an tsaoil bhí neart le plé againn.

Nuair a tháinig sos sa chomhrá sa deireadh, phioc mé suas ceann de na leathanaigh A4 a bhí scaipthe ar an urlár.

Shuigh mo chara aniar sa leaba de gheit.

‘Coinnigh amach uaidh sin!’

Bhí splanc ina shúile a thug le tuiscint go mbrisfeadh sé chuile chnámh i mo chorp mura leagfainn uaim an leathanach ar an bpointe boise.

Leag mé síos an leathanach agus rinne gáire.

‘Tóg go réidh é, a mhac.’

Chuir sé na súile tríom.

‘Ná Déan. Sin. Riamh. Arís.’

Bhí saghas mearbhall orm. Seo fear nach mbíonn náire air a rúin is pearsanta a scaoileadh liom, fear a n-insím chuile cheann de mo rúin féin dó, fear a dhéanann a mhún os mo chomhair nuair a théimid ag siúl sa choill agus nach stopann ag comhrá fad is a dhéanann sé a ghnó.

Lena chois sin, seo fear a d’iarr orm go minic cheana dréacht dá chuid a léamh, sleachta as an saothar atá idir lámha faoi láthair aige san áireamh.

Céard a bhí cearr?

Bhí mo chara i ndeireadh na feide, céasta ag leabhar a bhí nach mór críochnaithe. Nuair a bhíonn scríbhneoir ag plé le dréacht deiridh a shaothair, cailleann sé a chiall. 

Is minic cheana a bhí mé féin sa chás céanna. Mhaith mé a racht feirge do mo chara ar an bpointe boise. Níor dúradh focal eile faoi. Chodail mé ar an leaba thoilg sin an oíche sin, timpeallaithe ag na céadta leathanach nach raibh cead agam breathnú orthu. Comhartha dár gcairdeas é nár thug mo chara leis iad go dtí a sheomra codlata féin. Chuir sé muinín ionam nach léifinn iad. Agus níor léigh.

Fág freagra ar 'Seachain an ‘mamba dubh’… agus an scríbhneoir a bhfuil saothar á chríochnú aige'

  • léitheoir

    Cén diabhal straidhn a bhí air? Nach raibh a mhaicín álainn leabhair le seoladh agus le taispeáint os comhair an tsaoil aige? Bhí rud éigin eile i gceist. B’fhéidir go ndearna sé eisceacht duitse ar chúis éigin eile freisin. Tá fhios agat scríobhnóirí………

  • léitheoir

    Bíonn rud éigin ag dó na ngearb ag scríbhneoirí i gcónaí. Tá an pictiúr den mama dubh feiliúnach glan. Is í an nathair nimhe is dainséaraí agus is nimhní ar domhan í.