Scrúdú aistriúcháin curtha ar ceal

Scéal faighte ag aistritheoirí ó Fhoras na Gaeilge nach mbeidh orthu an scrúdú conspóideach a bhí beartaithe don 25 Deireadh Fómhair a dhéanamh

3/6/2014. Leaving Cert exams to start

Tá an scrúdú athchreidiúnaithe conspóideach d’aistritheoirí Gaeilge curtha ar ceal ag Foras na Gaeilge.

Bhí an scrúdú beartaithe don 25 Deireadh Fómhair ach chuir Foras na Gaeilge in iúl d’aistritheoirí inniu nach raibh sé i gceist acu dul ar aghaidh leis.

“Is léir go bhfuil go leor daoine buartha faoin gceist áirithe seo agus tá dualgas orainn ar fad anois teacht ar réiteach chun ardchaighdeáin a chinntiú in earnáil an aistriúcháin, chun aistritheoirí a bhfuil an Séala acu a chosaint, agus chun ardchaighdeáin an tSéala a chosaint,” a dúirt Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge, i ríomhphost a seoladh inniu chuig na haistritheoirí a bhain séala amach ón bhForas.

Tugadh le fios go raibh cruinniú tairbheach ag Foras na Gaeilge le toscaireacht thar cheann na n-aistritheoirí ar an 1 Deireadh Fómhair chun an cheist seo a phlé.

Ni mó ná sásta a bhí aistritheoirí a raibh séala an Fhorais faighte cheana acu leis an scéal go mbeadh orthu scrúdú athchreidiúnaithe a dhéanamh.

Níor ghlac na haistritheoirí leis go bhféadfaí an cháilíocht séala a bronnadh orthu a bhaint nó go bhféadfaí cáilíocht a raibh seasamh dlí ag dul leis a chur ar ceal.

Tá tuilleadh moltaí á lorg anois ag Foras na Gaeilge roimh an 19 Nollaig “chun féachaint ar na bealaí is fearr le dul chun tosaigh a dhéanamh sa cheist seo.”