Scoláireachtaí do choláistí samhraidh á mbreithniú ag Roinn na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuiltear i mbun machnaimh faoi láthair ar scoláireachtaí a thabhairt isteach do dhaltaí a bhíonn ag iarraidh freastal ar na coláistí samhraidh

Scoláireachtaí do choláistí samhraidh á mbreithniú ag Roinn na Gaeltachta

Tá Roinn na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i mbun machnaimh ar scoláireachtaí a thabhairt isteach do dhaltaí a bhíonn ag iarraidh freastal ar na coláistí samhraidh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios go raibh ceist na scoláireachtaí do choláistí samhraidh á breithniú faoi láthair mar bhealach chun tacú leis an teanga agus leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tacaíonn Roinn na Gaeltachta leis na coláistí samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, faoina n-íoctar deontas laethúil €10 in aghaidh an scoláire leis na mná tí agus na fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí Gaeltachta.

In 2017 cuireadh lóistín ar fáil i 659 teach sa Ghaeltacht d’os cionn 26,000 dalta a d’fhreastail ar na cúrsaí samhraidh a chuir 49 coláiste ar fáil ar fud na Gaeltachta.

Cuireann roinnt eagraíochtaí, ag áireamh boird Oideachais agus Oiliúna, agus cuid de na coláistí féin scoláireachtaí ar fáil le cabhrú le tuismitheoirí a bheadh ag iarraidh go bhfreastalódh a leanaí ar chúrsa samhraidh, ach níl aon mhórscéim oifigiúil scoláireachtaí ann.

Léirigh tuarascáil taighde a sheol Ionad na dTeangacha i gColáiste na hOllscoile Má Nuad in 2015 gur easpa airgid an chúis ba mhó ag daltaí gan freastal ar na coláistí samhraidh.

Tá an scéala go bhfuil ceist na scoláireachtaí á breithniú i Roinn na Gaeltachta tagtha chun solais ag an am céanna go bhfuil Comhar Creidmheasa amháin sa Ghaillimh ag tairiscint iasachtaí atá dírithe go sonrach ar thuismitheoirí a bhfuil fonn orthu go bhfreastalódh a ngasúir ar choláiste samhraidh. De réir fógra atá foilsithe i nuachtáin sa Ghaillimh, tá Comhar Creidmheasa Naomh Antaine agus an Chladaigh ag tairiscint ‘iasacht Ghaeltachta’ €1,000 dá chustaiméirí nach gcosnóidh a haisíoc, a deirtear, ach €19.79 in aghaidh na seachtaine agus ús €28.17 san iomlán.

Dúradh sa tuarascáil taighde faoi na coláistí samhraidh a seoladh in 2015 go mbíonn níos mó féinmhuiníne ag lucht freastail na gcúrsaí as a gcumas Gaeilge agus gur mó an ceangal a dhéanann siad idir an teanga agus an fhéiniúlacht ná a gcomhscoláirí nach bhfreastalaíonn orthu.

Dúradh sa staidéar go mbíonn dea-thionchar ag na coláistí samhraidh ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar thimpeallacht shóisialta na Gaeltachta.

D’aontaigh 96% de na daoine a ceistíodh go gcuireann freastal ar choláiste Gaeilge feabhas ar chaighdeán a gcuid Gaeilge agus dúirt 76% acu go molfaidís do dhaltaí eile freastal ar choláiste Gaeilge.

Ar na laigí a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge, luadh nach raibh dóthain fianaise ann cé acu an éiríonn leo nó nach n-éiríonn leo na spriocanna a chuireann siad rompu a bhaint amach.  Ba dheacair freisin, a dúradh, teacht ar eolas faoi chaighdeán na múinteoireachta agus an toradh a bhíonn ar an múinteoireacht sin. Dúradh go bhfuil sé deacair múinteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu a earcú.

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí do choláistí samhraidh á mbreithniú ag Roinn na Gaeltachta'

  • Con M

    “A thabhairt [ar ais] isteach.” Ní rud nua é seo. Bhídís ann go dtí gur thug IMF cuairt chairdiúil ar ár dtír.

  • Maire bean Ui Riordain

    Ba cheart scoilearactai a thabhairt do gach dalta a dheanann freastal ar CHOLAISTE SAMHRAIDH is cuma an bhfuil an COLAISTE sa GHAELTACHT no nach bhfuil

  • Máiread

    Joe,

    Bhí scoilearactaí ann na cianta o shoin nuair nach raibh pingin rua sa tir. Fuaireas dhá ceann agus tá an toradh agam fos!

    Maith thú,
    Máiread.