Scoileanna lán-Ghaeilge ag iompú ar an mBéarla chun tacú le daltaí ón iasacht

Rinne an Roinn Oideachais cigireacht ar shé scoil lán-Ghaeilge mar chuid de thaighde faoin tacaíocht a bhíonn ar fáil do dhaltaí nach bhfuil an Béarla acu agus a bhíonn á fhoghlaim mar theanga bhreise

Scoileanna lán-Ghaeilge ag iompú ar an mBéarla chun tacú le daltaí ón iasacht

Tá scoileanna lán-Ghaeilge ag iompú ar an mBéarla chun daltaí ón Úcráin agus tíortha eile a theagasc agus ní ar leas na ndaltaí atá an cur chuige sin, a deirtear i dtuarascáil nua ón Roinn Oideachais.

Rinneadh cigireacht ar shé scoil lán-Ghaeilge mar chuid den tuarascáil a réitigh an Roinn faoin tacaíocht bhreise a bhíonn ar fáil do dhaltaí nach bhfuil an Béarla acu agus a bhíonn á fhoghlaim mar theanga bhreise i scoileanna an stáit.

Cúig bhunscoil agus iarbhunscoil amháin a bhí i gceist leis na scoileanna lán-Ghaeilge agus bhí cúig cinn acu lonnaithe sa Ghaeltacht agus ceann eile lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Deirtear sa tuarascáil go raibh an Ghaeilge mar theanga teagaisc sna ranganna príomhshrutha i gceithre cinn de na cúig bhunscoil agus san iar-bhunscoil. Sa bhunscoil eile, “ba é an Béarla an teanga teagaisc go príomha”.

Maidir leis na tacaíochtaí breise a cuireadh ar fáil do dhaltaí, deirtear go raibh “éagsúlacht mhór” i gceist ó thaobh teanga an teagaisc.

“I dtrí cinn de na sé scoil, ba trí Bhéarla amháin a bhí an teagasc i suíomhanna tacaíochta agus i scoil eile, bhí sé go príomha trí Bhéarla le roinnt Gaeilge. I mbunscoil amháin, ba trí Ghaeilge go príomha a bhí an teagasc i suíomhanna tacaíochta agus ba trí Ghaeilge amháin a bhí an teagasc sa bhunscoil eile.”

Deir údair na tuarascála go raibh “mí-ailíniú”, nó neamhréir, idir an teanga teagaisc i ranganna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta, i dtromlach na nGaelscoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. Deirtear nach gcuidíonn an cur chuige seo le leanaí agus daoine óga maidir “an inniúlacht teanga atá riachtanach” a bhaint amach chun “rochtain a fháil ar an gcuraclam”.

Ba chóir, a deirtear, an tacaíocht bhreise teanga a chur ar fáil trí Ghaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge, rud a chuirfeadh le cumas na leanaí sa teanga atá de dhíth orthu le haghaidh “idirghníomhú sóisialta” agus don churaclam.

Deirtear sa tuarascáil nach ndearna aon cheann de na Gaelscoileanna ar tugadh cuairt orthu iarratas ar thacaíocht BTB (Béarla mar Theanga Bhreise) ó OIDE, seirbhís tacaíochta na Roinne Oideachais do mhúinteoirí agus ceannairí scoile. Seoladh OIDE i mí Mheán Fómhair 2023 agus rinneadh na cigireachtaí don tuarascáil seo idir mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair 2023.

Dúirt cigirí na Roinne Oideachais gur luaigh múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge “go raibh gá le tacaíocht Bhéarla a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga nach raibh oideachas trí mheán na Gaeilge roghnaithe ag a dtuismitheoirí” ach nach raibh aon rogha acu ach freastal ar scoil lán-Ghaeilge.

Luaigh múinteoirí i nGaelscoileanna freisin go raibh dúshláin le sárú acu maidir le “tacaíocht shóisialta agus mhothúchánach” a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga ar bheagán Béarla nó Gaeilge, trí mheán na Gaeilge.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil leithdháiltí breise teagaisc á gcur ar fáil do 35 scoil lán-Ghaeilge – 32 bunscoil agus trí iarbhunscoil – chun tacú le leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim an Bhéarla mar theanga bhreise.

Tá ardú mór tagtha ar líon na ndaltaí scoile nach bhfuil Béarla acu ó thosaigh an cogadh san Úcráin dhá bhliain ó shin. De réir fhigiúirí na Roinne Oideachais, chláraigh breis agus 18,000 scoláire ón Úcráin i scoileanna ar fud an stáit  le dhá bhliain anuas, 11,165 ag leibhéal na bunscoile agus 6,838 ag leibhéal na hiarbhunscoile.

D’fhoilsigh an Roinn tuarascáil eile le gairid ar cháilíocht an oideachais a chuirtear ar fáil do leanaí agus daoine óga ón Úcráin in Éirinn.

Sa tuarascáil sin, atá bunaithe ar chigireachtaí na Roinne Oideachais chomh maith, deirtear gur thug 90% de bhunscoileanna le fios go raibh Gaeilge á staidéar ag leanaí ón Úcráin agus gur “ábhar misnigh” é sin maidir le cothú an ionchuimsithe.

Léirítear, áfach, gur líon beag daltaí ón Úcráin atá ag foghlaim na Gaeilge san iarbhunscoil. Sna hiar-bhunscoileanna a ndearnadh cigireacht orthu, cháiligh beagnach gach dalta ón Úcráin le haghaidh díolúine ó staidéar na Gaeilge agus ní raibh 92% de na daltaí ón Úcráin ag staidéar na teanga sin.

I bhformhór na scoileanna, 84% díobh, tugadh na daltaí sin amach as an rang Gaeilge chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh in ábhair eile. Sna scoileanna eile, d’fhan siad sa rang Gaeilge agus d’oibrigh siad ar ábhar eile go neamhspleách.

I gcás na mbunscoileanna, deirtear gur tugadh tacaíocht ar leith do leanaí ón Úcráin ag amanna ar leith, go hiondúil nuair a bhí an Ghaeilge nó Matamaitic á dteagasc. Sa gcás go dtarlaíonn sin, mhol cigirí cur chuige “ní ba sholúbtha” i leith an amchláir chun a chinntiú go gcuirfí ar chumas na leanaí gach ábhar den churaclam a dhéanamh in éineacht lena gcomhscoláirí.

Fág freagra ar 'Scoileanna lán-Ghaeilge ag iompú ar an mBéarla chun tacú le daltaí ón iasacht'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dochreidthe. Caithfear modh eile a fhorbairt d’fhoghlaim na gaeilge do dhaltaí a thagann isteach sa tír, agus fosta daofa siúd atá lag sa ghaeilg. Bíodh ‘réamhranganna’ nó ‘réamhscoil’ ann ar feadh bliana chun an ghaeilg a theagasc agus caighdeán gaeilge na ndaltaí siúd a fheabhsú sula fhreastalaíonn siad ar an phríomhscoil.

    An bhfuil meon intinne na mbainisteoirí scoile i leith an bhéarla i gceist anseo?

    Cad chuige a bhfuil sé de chead ag tuismitheoirí nach bhfuil suim acu sa ghaeilg a gcuid páistí a chuir ag freastal ar scoltacha lán-ghaeilge/gaeltachta?

  • Antóin

    Ón méid a dúirt tú, is cosúil gur tuairisc í seo atá bunaithe ar a bhfuil ag tarlú istigh sna scoileanna. Céard faoina bhfuil ag tarlú sa chlós ag am sosa agus ag am lóin agus amanna eile nuair a bhíonn mionchomhrá an lae ar siúl idir páistí. An é an Béarla an lingua franca anois sna scoileanna sin? Cén tionchar a bheidh aige sin ar an chéad ghlúin eile páistí ón Ghaeltacht?

    Níl a fhios agam cé acu ar smaoinigh na fealltóirí sa rialtas air sin sular chuir siad na teaghlaigh seo isteach sa Ghaeltacht nó an ndearna siad d’aonturas é.

  • Siob

    Ní mór do dhaoine gearán a dhéanamh go díreach leis an Roinn Oideachais. Caithfear brú a chur orthu nó beidh an Ghaeilge thíos leis.

  • Darren

    Tá a fhios ag madaidh na sráide an cur chuige atá anseo. Tig leis an rialtas daoine a chaitheamh isteach agus ansin an locht as ucht teip a dhéanamh ar an nGaeilge agus an nGaeltacht a chaitheamh mar ualach ar dhroma na n-imirceach agus ansin a ráit go bhfuil sé riachtanach go n-iompófar ar an mBéarla mar mhodh teagaisc mar bheadh neamairt á déanamh sna páistí siúd de chúlraí éagsúla agus ansin beidh a sáith de leithscéal acu chun an Ghaeilge lagú agus faoi dheireadh thiar fáil réidh léi. Ar an gcaoi chéanna is go bhfuil milleán don ghéarchéim tithíochta caite acu ar na teifí agus inimircigh agus freagracht glanta dhaofa féin.

  • Niall O Murchadha

    Ainmnigh na scoileanna.

  • An tEisreachtach

    Céard leis a mbeifí ag súil nuair a chuirtear inimiricigh ina gcónaí sa nGaeltacht? An lagintinneach atá an pobal?
    Úcránaigh ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim? Ní dóigh liom é, a leanna!
    Go bhfóire Dia ar na Gaeil – níl ciall, éirim ná tuiscint acu, agus iad ag ligean don stát frith-Ghaelach, frith-Éireannach, lofa seo a bhfuil fágtha den bhreac-Ghaeltacht a phlúchadh.
    Is tábhachtaí leo comharthaíocht suáilce ná sláinte a gcultúir.

  • Christina Chen

    “go raibh gá le tacaíocht Bhéarla a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga nach raibh oideachas trí mheán na Gaeilge roghnaithe ag a dtuismitheoirí”

    Más fearr leis na tuismitheoirí gan oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ag a gclann, is féidir leo a dhul chun cónaí literally áit ar bith eile ar domhan. Mura bhfuil meas acu ar an nGaeltacht, ná bídís ina gcónaí ann.