Scoileanna ag brath ar mhic léinn chun an Ghaeilge a mhúineadh

Deir Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha go gcuirfear isteach go mór ar an rogha ábhar a bhíonn ar fáil do dhaltaí agus ar chaighdeán an teagaisc i scoileanna mura dtugtar aghaidh ar an easpa múinteoirí

Scoileanna ag brath ar mhic léinn chun an Ghaeilge a mhúineadh

Tá iar-bhunscoileanna áirithe ag brath ar mhic léinn chun an Ghaeilge a mhúineadh mar gheall ar an nganntanas múinteoirí d’ábhair áirithe.

Deir Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha go mbíonn ar bhainsiteoirí scoileanna mic léinn a chur i mbun ranganna Gaeilge agus ranganna eile toisc nach bhfuil dóthain múinteoirí cáilithe ar fáil sna hábhair sin.

Tá an Ghaeilge i measc na n-ábhar is measa atá buailte ag an ngéarchéim soláthar múinteoirí agus deacrachtaí ag scoileanna ar fud na tíre múinteoirí cáilithe Gaeilge a fháil chun folúntais a líonadh.

Dar le Antoinette Nic Gearailt Uachtarán Chumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha go gcuirfear isteach go mór ar an rogha ábhar a bheidh ar fáil do dhaltaí agus ar chaighdeán an teagaisc i scoileanna mura dtugtar aghaidh ar an easpa múinteoirí.

Tuairiscíodh san Irish Times ar maidin go dtabharfar le fios ag comhdháil bhliantúil Chumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha inniu go bhfuil sé “ionann is dodhéanta” teacht ar ionadaithe do mhúinteoirí a bhíonn amuigh breoite.

Chomh maith leis sin, dúirt Antoinette Nic Gearailt nach raibh ag éirí le scoileanna folúntais bhliana a líonadh i mbliana d’ábhair éagsúla.

“D’imigh muinteoirí agus na scoileanna ar tí athoscailt, rud a d’fhág go raibh daltaí ag tús na scoilbhliana agus gan aon mhúinteoirí acu,” a dúirt Nic Gearailt. Mhol Nic Gearailt go ndéanfaí leasú ar na rialacha maidir leis an líon uaireanta múinteoireachta a bhíonn cead ag mic léinn a oibriú agus iad i mbun a gcúrsa oiliúna sa mhúinteoireacht agus go mbeadh cead iarmhúinteoirí a fhostú chun poist ionadaíochta a líonadh.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hábhair is measa atá buailte ag an ngéarchéim maidir le soláthar múinteoirí.

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, ag tús na bliana seo go raibh an “baol ann do thodhchaí an oideachais lán-Ghaeilge” agus do theagasc na Gaeilge i “scoileanna uile” na tíre “mura gcinntítear soláthar múinteoirí láncháilithe le hardchaighdeán sa teanga”.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin gur gá scéim nua a bhunú le daoine a mhealladh chun dul leis an múinteoireacht in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta.

Deir COGG agus lucht an ghaeloideachais gur measa go mór an fhadhb maidir le heaspa múinteoirí cáilithe in iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Dúirt Ardfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin  “gur seacht n-uaire níos measa” atá an easpa múinteoirí ionaid i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ná i scoileanna eile na tíre.

Tá titim 60% ar líon na ndaoine atá ag clárú le cúrsaí oiliúna múinteoireachta le cúig bliana anuas.

Fág freagra ar 'Scoileanna ag brath ar mhic léinn chun an Ghaeilge a mhúineadh'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Íoctar pá ceart leis na múinteoirí agus gheofar tuilleadh acu.