Scéalta ón gCibearspás (‘cíocha’ ar TG4, @michealoleidhin agus Béarla ‘mínádúrtha’ na nGael)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaire

Screen Shot 2015-08-14 at 17.05.54Ainm?

@michealoleidhin (Micheál Ó Leidhin)

Cé hé féin?

Ciarraíoch agus comhfhreagraí polaitíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Bíonn meascán deas ag Micheál ó thaobh ábhair de idir chúrsaí polaitíochta, chúrsaí nuachta agus chúrsaí spóirt. Is iomaí pictiúr atá crochta aige agus is ar Twitter a fhógraíonn sé go leor de na scéalta a bhíonn faoi chaibidil aige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cén fáth a leanfainn é?

Ó tharla gur ar an raidió a fhaigheann muid scéalta Mhichíl ar an mórgóir, is annamh a fheiceann muid na rudaí a mbíonn sé ag caint orthu. Tá sé tar éis teacht ar réiteach na faidhbe sin le Twitter agus is minic a bhíonn pictiúr crochta ar an amlíne aige ón láthair nuachta. Leanann sé féin go leor cuntais spéisiúla agus déanann sé athghiolc ar na blúiríní is fearr uathu sin – idir shúgradh agus dáiríre.

Giolc na Seachtaine

Tá TG4 agus FleadhTV i mbun craoladh beo ó bhaile Shligigh i láthair na huaire, áit a bhfuil Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl. Táthar ag cur fógraí suas go rialta ar Twitter ó thosaigh an Fhleadh le míríní eolais faoina bhfuil á chraoladh.

Bhí na méaracha ag imeacht rósciobtha ag @TG4TV nuair a d’fhógair siad aréir go gur ‘cíoch’ seachas ‘críoch’ a bheadh á cur ag an mbanna ceoil traidisiúnta Flook Quartet le clár na hoíche aréir.

Ragham amú tamall eile…

Tá scéilín beag ag cur iontais ar phobal na hAlban faoi láthair.

Tosóidh 19 cúpla in aon scoil amháin in Inbhir Chluaidh in iarthar na tíre an Luan seo teacht. Beidh 72 cúpla san iomlán i scoileanna uile an cheantair nuair a chuirfear tús le téarma an Fhómhair 2015 an tseachtain seo chugainn.

Tá borradh faoi líon na gcúplaí sa cheantar le tamall de bhlianta anuas ach nuair a chláraigh 16 leis an scoil sa bhliain 2011, cheap údaráis na scoile nach bhféadfaí an líon sin a shárú.

“Tá muid ag ceapadh go bhfuil na tuismitheoirí ag triail dhá oiread an oideachais a fháil ar leath an phraghais!” a dúirt Terry Loughran, oifigeach an oideachais ar Chomhairle Inbhir Chluaidh.

Dar leis an nuachtán The National, tá muintir an bhaile anois ag ceapadh go bhfuil “rud éigin san uisce” atá ag cur le líon na gcúplaí ar an mbaile.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Ba é an t-alt seo  inár thug cainteoirí aitheanta Gaeilge, ó gach cearn den tír, a dtuairim faoin méid a frítheadh i dturascáil Fhoras na Gaeilge an tseachtain seo caite faoin drogall a bhíonn ar Ghaeilgeoirí comhrá a thosú i nGaeilge, go háirithe i gcomhluadar daoine nach bhfuil sí acu.

Spreag an t-alt go leor leor cainte ar Tuairisc.ie féin agus ar na meáin shóisialta araon.

Bhí roinnt mhaith daoine den tuairim gur gá Béarla a labhairt le Gaeilgeoirí nuair atáthar i gcomhluadar measctha, agus iad siúd, go deimhin, a cheap go raibh sé mímhúinte Gaeilge a labhairt os comhair daoine nach raibh sí acu.

Agus luaigh Michael Roche pointe an-spéisiúil nár pléadh sa bhunalt – ceist na ndaoine a roghnaíonn chun cónaí sa Ghaeltacht gan bacadh le Gaeilge a fhoghlaim.

Bhíothas ann freisin nár aontaigh le cuid de na tuairimí a nocht na daoine móra le rá ar chor ar bith.

Maria Connolly

Ciarán Ó Caitnigh

Michael Roche

Seán Ó Riain

Tuairisc Tuairisc 2

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (‘cíocha’ ar TG4, @michealoleidhin agus Béarla ‘mínádúrtha’ na nGael)'