Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta ón gCibearspás 2

Gaelghiolcaire na Seachtaine
Ainm?

@MiseCiara (Ciara Ní É)@miseciara

Cé hí féin?
File agus blagálaí óg ó Bhaile Átha Cliath. Is í Ciara a d’eagraigh an oíche REIC san Ardchathair cúpla seachtain ó shin agus tá súil aici níos mó oícheanta dá leithéid a eagrú amach anseo. Bíonn sí ag scríobh i bhfoilseacháin éagsúla na Gaeilge agus le feiceáil ar chláracha na n-óg anois is arís ar TG4.

Céard faoi a mbíonn sí ag giolcaireacht?
Tá Ciara ar dhuine d’fhathaigh Ghaeilge Twitter ach ní giolcacha feargacha “ar son na cúise” a gheobhaidh tú uaithi ar an mórgóir ach míreanna fíorspéisiúla faoi shanasaíocht na Gaeilge, imeachtaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath, chomh maith le roinnt mhaith grinn.

Cén fáth a leanfainn í?

Bean chumasach ildánach is ea Ciara a chuirfidh nithe iontacha os comhair an té a leanfas í. Tá sí an-ghníomhach i nGaelphobal Átha Cliath agus sa Ghaelphobal Digiteach agus is uaithi a gheofar cuid maith eolais faoin dá phobal sin. Tá blag thar a bheith spéisiúil aici freisin ina bpléann sí ceisteanna cigilteacha na Gaeilge agus scaití na Gáidhlig. Ar ndóigh, is í Ciara bean na méimeanna agus dá bharr sin, tá féith an ghrinn go tréan inti agus roinneann sí go leor míríní barúla ó sheachtain go seachtain. Tá béasaí maithe Idirlín uirthi freisin agus is mór an mhaitheas é sin, ar ndóigh!

Giolc na Seachtaine

Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an ceann seo amach an tseachtain seo caite agus mar sin ní giolc na seachtaine seo atá ann ach baineann sé le Luan Cásca agus leis an Éirí Amach agus ó tharla go bhfuil an t-ábhar sin go mór i mbéal an phobail an tseachtain seo, tá mé ag gabháil é a chur san áireamh anseo. Cuirigí aon ghearán faoi chuig Kevin. Feictear thuas leathanach ó dhialann Thomáis Uí Chléirigh a scríobhadh taobh istigh d’Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916 nuair a bhí an áit gafa ag Óglaigh na hÉireann.

Ragham amú tamall eile…

Sraith pictiúr  

Le coicís nó mar sin anuas, tá cineál nua méime á scaipeadh ar fud na meán sóisialta. ‘Sraith Pictiúr Memes‘ atá ar an leathanach nua Facebook atá ag cruthú na méimeanna seo agus spochtar as an tsraith pictiúr atá mar chuid de scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta. Labhair Scéalta ón gCibearspás le Olwen Ní Cheallaigh as an gClochán i gContae na Gaillimhe, scoláire Ardteiste atá i mbun an leathanaigh.

“Thosaigh mé an leathanach an Mháirt roimh bhriseadh na Cásca. Nuair a chuaigh mé isteach ar an Aoine dúirt cara liom gur thug 300 duine ordóg dó agus cheap mé go raibh sí ag magadh ach ní raibh – tar éis cúpla lá bhí míle ordóg aige agus anois tá níos mó ná seacht míle.

“Níl an Ardteist ródhona ach is fuath linn an tsraith pictiúr! Sin ceann de na fáthanna ar thosaigh mé an leathanach; ceapann muid go bhfuil siad seanaimseartha agus tógann siad suas a lán ama sa rang. Ba cheart go mbeadh muid ag déanamh rudaí tábhachtacha. Níl aon bhaint ag an tsraith pictiúr leis an bhfíor-Ghaeilge; ceapann muid go bhfuil sé in am an tsraith pictiúr a scriosadh agus níos mó Gaeilge labhartha a chur ina háit. Bheadh sé i bhfad níos úsáidí.

“Is aoibhinn le daoine na méimeanna.Tá beagnach 2,000 ordóg ag cúpla ceann agus ar a laghad cúpla céad ag cuid eile faoi láthair,” a dúirt Olwen.

Is í Olwen féin a dhéanann formhór na méimeanna ach deir sí go bhfuil daoine anois ag seoladh a gcuid féin isteach chuici ó mhéadaigh líon a leantóirí.

An Chaint sa tsráidbhaile ar líne…  

Ní raibh ach scéal mór amháin ag dó na geirbe ag lucht labhartha na Gaeilge ar líne le cúpla lá anuas agus is é sin scéal Ray D’Arcy. Chuir an láithreoir de chuid RTÉ Radio One olc ar go leor daoine nuair a foilsíodh an scéal ar Tuairisc.ie gur dhúirt sé go mbíonnna feasacháin nuachta Gaeilge a chraoltar ó Chasla i lár a chláir ag cur isteach ar rithim an chláir.   Bhí Darcy ag freagairt teachtaireachta a tháinig isteach ó éisteoir dá chuid a chaoin a chás go raibh air cur suas le nuacht i nGaeilge i lár míreanna spéisiúla ag leathuair tar éis a trí gach lár.   Bhí daoine idir dhá chomhairle faoin méid a bhí le rá ag D’Arcy – cuid acu a chreid gur masla amach is amach a bhí ann agus gur náire shaolta é go ndéarfadh craoltóir poiblí a leithéid ar an aer ach bhí roinnt eile ann den tuairim nach ar an nGaeilge go sonrach a bhí sé ag díriú ach ar bhriseacha d’aon chineál sa chlár.  

  Screen Shot 2015-04-10 at 11.22.43   Screen Shot 2015-04-10 at 11.23.52  

Mhol Darragh Ó Náraigh beart radacach:  

Agus cé gur aontaigh Páid Ó Donnchú go gcuireann an sos isteach ar rithim an chláir, bhí sé buíoch nach milleann an sos sin an lá ar fad, mar a mhilleann rudaí eile…