Scéalta aisteacha is suimiúla ar fáil don fhoghlaimeoir fásta ach iad a lorg

Sa dara cuid dá halt faoi leabhair a bheadh oiriúnach don fhoghlaimeoir fásta, caitheann ár léirmheastóir súil ar thrí shaothar eile

Scéalta aisteacha is suimiúla ar fáil don fhoghlaimeoir fásta ach iad a lorg

Deargadh Anoir le Iarla Mac Aodha Bhuí foilsithe ag LeabhairCOMHAR

Cinnfidh ort an leabhar is déanaí seo ó Iarla a leagan uait ó léifeas tú an ‘nóta ón eagarthóir’ thall ar Mhuir Chairib ag tús an leabhair go mbeidh tú ag iomramh leat ón ár ar Mhuir Bhailt. Cogadh cathartha na Spáinne, an t-ár, an faisisteachas, an cumannachas, an díoltas, an céasadh agus an fuath an chéad chuntas a fhaighimid ón stócach óg atá sáinnithe ina lár. Is fánach mar a rinneadh saighdiúir de – agus ba bheag a rogha cén taobh. Na Gaeil bhochta a chuaigh anonn a dtóir ar an bhfíon a gcáil ag an Spáinneach!

Turas farraige go Leningrad le cumannach a dhéanamh as an Spáinneach óg in útóipe sin an oirthir. An cogadh mór a d’fhág san arm dearg é agus ina phríosúnach ag arm Hitler. Ach coinnigh do mhisneach – cá bhfios nach bhféadfadh sé féin agus na Giúdaigh éalú go tír a bheadh geal grianmhar saor ón ár? Léigh leat.

 

Leanaí Séanta le Celia de Fréine foilsithe ag LeabhairCOMHAR

Trí dhráma atá sa leabhar seo agus is í Mairéad Ní Ghráda a bheadh buíoch go bhfuil bean fós againn a bhaineann leas as an dráma leis an gcois a bhuailtear ar an éagóir ar mhná agus leanaí na tíre a ardú. Scéalta truacánta a bhí i mbéal an phobail a spreag an t-údar ach a cuid féin déanta ag an ealaíontóir den ábhar.

Mac atá ag cogar leis an leathchéad agus an DNA théis cuidiú leis an bhean a shaolaigh é a aimsiú i dteach na seanmhuintire ar bhruach na mara thiar a chastar orainn i Rogha Róisín. Is iontach aisteach an scéal atá le hinseacht ag Róisín ach a bhuíochas do bhinsí fiosraithe, cásanna cúirte is na meáin, creidimid í.

Is mór é m’fhaitíos nár foghlaimíodh tada ó shiléig is éadrócaire an ama atá caite agus gur amach romhainn a thuigfear an feall atá á ídiú ar mhná is leanaí leochaileacha in ionaid phlódaithe tearmainn. Faighimid spléachadh ar an bhfaillí agus na dúshláin sin sa dara dráma Cathú – is mór idir dearcadh an chúramóra agus an fheidhmeannaigh stáit.

Sa dráma Slán tá Gardaí, cléir, dochtúirí is pobal ag obair as lámha a chéile le siúl ar an té atá lag is bocht. An leigheas ar an éagóir agus ar an bpian an nochtadh poiblí agus an cúiteamh airgid? Céard faoi iriseoir an dea-rúin a bhfuil a gairm agus a póca ag brath ar exposé mór millteach a bhfuil cuid mhaith ama caite aici sa tóir air? Le Celia na ceisteanna, leatsa na freagraí. Nár bhreá na drámaí gearra seo a fheiceáil á léiriú.

 

Am Amú le Éilis Neary LeabhairCOMHAR

Do dhéagóirí an leabhar seo ach chuir mé fhéin an-spéis sa téama – an ealaín agus an chruthaitheacht á toirmeasc ag cráiteoirí na diostóipe a thuigeann a dtionchar agus a chreideann gur san airgead amháin atá fiúntas. Comhrá nádúrtha agus carachtair agus stíl fíorspéisiúil, is iomaí teaghlach ina bhfaighfeá na daoine seo. Ba mhór é m’iontas nár thuig an déagóir ar mhol mé an leabhar di an meon ná an choimhlint – í fós ina deisceabal ag Dia an tomhaltachais agus na measúlachta ach déarfainnse go mbainfeadh daoine fásta an-adhmad as.

Oscailt súl dom fhéin an Ghaeilge nua sa leabhar seo – bíonn doirse á gcaitheamh ar oscailt, daoine rite as anáil agus an téacs breac le meancóga litrithe agus comhréire. Cá bhfios nach mbeadh spórt ag na foghlaimeoirí á cheartú mar tá an téama fhéin tráthúil.

Leabhair Ghaeilge mhaithe don fhoghlaimeoir fásta – an ann dóibh?

Fág freagra ar 'Scéalta aisteacha is suimiúla ar fáil don fhoghlaimeoir fásta ach iad a lorg'