Leabhair Ghaeilge mhaithe don fhoghlaimeoir fásta – an ann dóibh?

Sa chéad chuid den alt dhá chuid seo, molann ár léirmheastóir leabhair nach bhfuil ródheacair, rópháistiúil nó róthoirtiúil don té atá ag athfhoghlaim na teanga

Leabhair Ghaeilge mhaithe don fhoghlaimeoir fásta – an ann dóibh?

Cara liom a bhíonn ag teagasc Gaeilge do dhaoine fásta a bhí ag caoineadh an easpa leabhar Gaeilge nach mbíonn ródheacair, rópháistiúil nó róthoirtiúil don dream sin atá ag athfhoghlaim na teanga.

Agus mé ag iarraidh cuidiú léi, rith sé liom go raibh a leithéidí ann ach iad i bhfolach nó i ngéibheann i stórais na bhfoilsitheoirí. Anuraidh a tháinig na cinn seo atá léite agamsa amach ach an bhfuil seoda rúnda agaibhse a léitheoirí agus a fhoilsitheoirí?

 

Athmháthair le Michela Murgia, aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin ón mbunleabhar Accabadora

Fógraím ar dtús go raibh an leabhar seo ó Éabhlóid ar cheann de na seoda a foilsíodh anuraidh agus ar an dara léamh, seoid fós í. Suite sa tSairdín i lár an fichiú haois, an t-oileán ag téarnamh ó chogadh agus ganntan agus an teanga dhúchais, an cultúr agus an traidisiún ag coraíocht leis an saol nua.

Is mór a scríobh Murgia agus ba ghrinn a tuiscint ar a pobal agus go háirithe ar mhná agus iad ag iarraidh a n-áit féin sa tsochaí a aimsiú. Scéal fíorspéisiúil go deo i gceantar diamhair á reic ag páiste anama an bhásadóra a thóg go geanúil í. Tá an t-aistriúchán seo chomh paiteanta nádúrtha agus go gceapfá gur bunleabhar Gaeilge atá agat. Sárleabhar.

 

Súile Éisc agus scéalta eile le Michelle Nic Pháidín foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

An éagsúlacht an rud is suntasaí faoi na gearrscéalta seo – an chéad chnuasach gearrscéalta ó údar a bhfuil dhá úrscéal foilsithe aici. Díreach nuair a chuirfeas tú i mbosca éigin í, baineann an chéad scéal eile croitheadh nua asat. Tá lorg láidir sheanchas a dúchais ar chuid díobh agus mionchur síos iontu nach mbeifeá ina chleachtadh i ngearrscéalta.

An scéal a thug teideal don leabhar tá blas agus boladh úr na farraige air agus an cailín beag beo beathach ar phár ach ní geit go dtí an deireadh. Cé go bhfuil seantróp bhean an lóistín le fáil i mBaile na mBlaincéad ní hin a fhanfaidh i do chloigeann ach an lóistéir fhéin agus a bhfuil istigh ina cheann.

Is iontach an gifte atá ag an údar seo téamaí móra na beatha a láimhseáil gan muid a bhá i dtruamhéala, bíodh sin caidrimh easnamhacha, cumha baintrí, marú, tubaiste, altramas doicheallach páiste, breith amuigh sa bpósadh, léan is traochadh iarbhreithe nó dinnéar a frítheadh sa sneachta. Mise á rá leat nach seachnaíonn an t-údar seo dúshláin an tsaoil agus í ag tochailt in intinn shean is óg. Más gean leat Gaeilge cheolmhar Uladh, tá sí agat.

 

Oiread na Fríde le Jackie Mac Donncha foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht 

An cuimhneach le héinne agaibh cuibhriú an Chóibhid? Bhuel ní ag fuarchaoineachán a bhí údar Chill Chiaráin mar tá scéal grá is teaghlaigh againn óna pheann suite le linn laethanta siúd na paindéime.

Más duairc diúltach leat an saol, cam go maith a bhreathnóidh tú ar an scéal seo. Mamó, baintreach a mic, an bheirt dhéagóirí agus an mada ina dteach breá agus gan focal gránna ná cantail eatarthu. Ní hamháin sin ach tagann an prionsa ina charr sócúil agus bíonn chuile dhuine sona sásta go deo na ndeor.

Ná dearmad leabhar seanchais Mhamó agus scéalta na Gréige mar bharr smaise ar an eachtra uilig. Comhrá deas nádúrtha is mó atá sa leabhar atá ina suí go teann i saol an lae inniu trí spéaclaí róis. Is aoibhinn liom prós agus filíocht Jackie ach bhí an leabhar seo i bhfad rómhilis don doirbhíoch seo ach mholfainn d’fhoilsitheoir éigin Jackie a chur ag scríobh scéalta faoin ‘grá buan daingean nach féidir a scaoileadh’. Is é a bheadh deas air.

Buaiceanna liteartha na foilsitheoireachta Gaeilge in 2023

Fág freagra ar 'Leabhair Ghaeilge mhaithe don fhoghlaimeoir fásta – an ann dóibh?'

  • Coiste na bhFocal

    Ní leabhar don fhoghlaimeoir é Athmháthair, ná baol air! Tá an réim ann sách ard, ⁊ an stíl crochta in áiteanna. Bheadh deacrachtaí móra ag foghlaimeoirí é a thuiscint

    Aistritheoir ardchumasach is scéal suimiúil, ach ní oireann sé don fhoghlaimeoir

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Inis Mara’ le Tristan Rosenstock.