Buaiceanna liteartha na foilsitheoireachta Gaeilge in 2023

Ceannaítear na mílte leabhar aimsir na Nollag ach bíonn scríbhneoirí agus foilsitheoirí ag obair ó cheann ceann na bliana le hábhar fiúntach léitheoireachta a choinneáil linn

Buaiceanna liteartha na foilsitheoireachta Gaeilge in 2023

Bronntanas ó Theach Laighean

Ní shamhlaítear grástaí agus gothaí liteartha le polaiteoirí go hiondúil ach tá craobh na géarchúise le bronnadh ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mbliana. Foilsíodh Tuarascáil ar an Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Léiriú atá sa tuarascáil ar an acmhainn atá ag Coiste Oireachtais fianaise a bhailiú ó fhinnéithe éagsúla, na tátail a scrúdú go scrupallach, diancheisteanna a chur agus moltaí stuama a dhéanamh. Breis is 100 moladh atá déanta: an ann don mhaoiniú le fiú leath acu a chur i bhfeidhm?

Siléig nó straitéis?

Bliain ó shin go díreach a d’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon Ag Tacú leis an Scríbhneoireacht i nGaeilge, straitéis trí bliana don litríocht Ghaeilge. Fógraíodh dhá leathphost i réimse na Gaeilge sa gComhairle le bliain anuas. Deirtí i gcónaí go mb’fhearr gan dhá leith a dhéanamh de do dhícheall ach an bhfuil aon dul chun cinn le tuairisciú agus bliain mhór fhada caite? Cuirtear sin le hais Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 a bhfuil struchtúr cinnte seachadta agus foireann nua-earcaithe i gceist léi. Cuirfear ardspéis in athbhreithniú Choimisiún na Meán ar na meáin Ghaeilge an bhliain seo chugainn i mBaile na hAbhann, i nDomhnach Broc agus in earnáil na hiriseoireachta clóite go speisialta.

Focail mhóra agus bheaga

Bliain mhór na dteasáras a bhí ann in 2023. D’fhoilsigh New Island Books Teasáras Gaeilge Béarla (€55) Garry Bannister agus chuir Evertype Stórchiste (€50) Nicholas Williams amach. Tá cuimse eolais don uile chineál úsáideora sa dá shaothar. Is mór an chabhair an Béarla i dteasáras Bannister dóibh siúd ar bheagán Gaeilge. Beidh brabach ag an té ar spéis léi nó leis saibhreas teanga agus roghanna stíle i stórchiste Williams.

Duais do chách?

Baineann tábhacht le duaiseanna agus gradaim don scríbhneoir agus don fhoilsitheoir. Baineann mionchúis áirithe le duaiseanna liteartha an Oireachtas sa gcaoi is go gcuireann beirt mholtóirí tuairiscí léitheora ar fáil d’iomaitheoirí. Ach baineann doiléire le gradaim eile. Cuirtear géabha agus lachain in aon chró mór amháin i nGradam Uí Shúilleabháin, socrú arbh fhiú athchuairt a thabhairt air. Ní ag ceasacht ar bhuaiteoir an ghradaim i mbliana atá mé ach bhí Éanlaith Iarthuaisceart Thír Chonaill le Maitiú Ó Murchú (LeabhairCOMHAR, €20) ar áilleacht an tsaoil, idir ábhar agus dearadh. An léargas cóir ar an earnáil trí cinn de leabhair acadúla a bheith ar ghearrliosta na bliana seo, dá léannta iad na saothair? Bhí ríméad orm gur bhain cnuasach gearrscéalta Róise Ní Bhaoill, Imram agus Scéalta Eile (Éabhlóid, €14) duais mhór Ghaeilge An Post i mbliana.

Fuíoll Ficsin

Ní cheal rogha a bheidh an léitheoir ficsin an Nollaig seo. Tá ropadh faoi cheathrú húrscéal Anna Heusaff Sa Pholl Báite (CIC, €20) a shaothraíonn an scéalaíocht agus téamaí sóisialta comhaimseartha go healaíonta. Úrscéalaí eile atá i mbarr a réime ná Proinsias Mac a’ Bhaird atá oilte ábalta ar an úrscéal staire, Flaitheas (Leabhar Breac, €16). Tá úrscéalta móra toirtiúla chugainn ó Chathal Ó Searcaigh, Saighdiúir (Leabhar Breac, €12) agus ó Art Hughes, An Cairdeagan Buí (Éabhlóid, €16). An bhfuil an ficsean gairid (agus na blurbaí) is fearr fós de chuid Alan Titley sa gcnuasach Ag dul i bhfad… (CIC, €10)? Beidh ar Mháirtín Coilféir luí isteach ar Titley Redux. Tá bior ar ghearrscéalta Mhichelle Nic Pháidín sa gcnuasach Súile Éisc agus Scéalta Eile (CIC, €10) agus gearradh faoi chumadóireacht Sheáin Uí Chadhain, Fanacht Fada agus Scéalta Eile (Coiscéim, €12.50).

Cothú na critice

Is úrscéal cumasach ardmholta é Béal na Péiste le Fionntán de Brún (CIC, €15) a fheidhmíonn ar leibhéil reacaireachta éagsúla. Ba é téagar an úrscéil ba chionsiocair le léirmheas na bliana, dar liom. Rinne Ian Ó Caoimh scagadh iontach ar an saothar ar eagrán an fhómhair den Timire. Bhain faobhar an léirmheasa a rinne Dáibhí Ó Cróinín don Journal of Music ar Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-nós (CIC, €20) crónán agus cadráil amach. Bhí mé tógtha leis an léirmheas tuisceanach tomhaiste ar Léann Teanga: An Reiviú a scríobh Cassie Ní Chatháin ar Mé Suibhne (Leabhar Breac, €12) le Feargal Ó Béarra, a d’imigh uainn i bhfad róluath cothrom an ama seo anuraidh.

Clasaicí faoi chló úr

Tá borradh faoi atheagráin agus aistriúcháin. Beidh fómhar ceart ag léitheoirí Ultacha ar An Grá agus an Gruaim le Seosamh Mac Grianna (Éabhlóid, €20) agus an tríú heagrán de Mo Dhá Róisín le Máire (Coiscéim, €12.50). Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar Accabadora (Básadóir) le Michela Murgia is ea Athmháthair (Éabhlóid, €15) atá lonnaithe sa tSairdín idir 1950-1960. Is é Micheál Ó hAodha a d’aistrigh Nollaig Oileánach Mhichíl Uí Chonghaile (CIC, €12) atá le fáil anois do léitheoirí Béarla An Island Christmas (Cló Mercier, €15). Seoid cheart é Eachtraí Asail le Sophie Comtesse de Segur (1799-1874), leagan Gaeilge le Domhnall Ó Cearbhaill d’úrscéal Fraincise ón naoú haois déag (Arlen House, €15).

Rainn agus Amhráin

Ní mba leis na filí ab fhaillí i mbliana ach oiread é. Tá Barzaz i ndiaidh fiacla fileata a chur agus Solas Geimhridh le Laoighseach Ní Choistealbha (€15) a thabhairt amach. Tá leabhar filíochta le Mícheal Ó Conghaile foilsithe ag Arlen House Lámha Bána agus Dánta Eile (€18). Seoladh Cuntas le hAndreas Vogel (Coiscéim, €8) ag Ainm Cleite, féile nua liteartha a reáchtáladh i gCeantar na nOileán den chéad uair i mbliana. Filí a bhí go mór chun cinn agus scríbhneoirí faoi agallamh ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar an tsraith Ómós Áite ar Raidió na Gaeltachta an samhradh seo. Is iad Ailbhe agus Tristan Rosenstock a rinne eagarthóireacht ar Inside Innti: A new wave in Irish poetry (Cló Ollscoile Chorcaí, €49) freisin. Dhá bhuaic fhileata eile nár mhiste a lua ná dán Ghormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin ‘An bhfuilimse, bean i seilbh na binbe?’ a foilsíodh ar eagrán mhí Lúnasa de Comhar agus ‘Oíche Mhaith’ le Séamus Barra Ó Súilleabháin a casadh le tionlacan Cheolfhoireann Choirme RTÉ ar Raidió50 ar RTÉ Raidió a hAon i lár na míosa seo.

 

Easpa drámaíochta?

Trí cinn de dhrámaí ar théamaí reatha atá in Leanaí Séanta le Celia de Fréine (LeabhairCOMHAR, €13). Pléitear cultúr ceannasach na bhfear, na tnútháin a luaitear le máithreacha agus ceilt na fírinne sna drámaí gairide seo. Is é an dráma ‘Slán’ is suntasaí agus is faide agus tugtar ómós don dráma cáiliúil ‘An Triail’ ann freisin. Tá réamhrá breá láidir leis an bhfoilseachán freisin ina gceistíonn Celia de Fréine laghad na ndrámaí Gaeilge atá á léiriú sna hamharclanna. Agus sprioc do dhuaiseanna drámaíochta PJ O’Connor ag teannadh linn, céard is fiú do dhrámadóirí leagan ar dhráma Gaeilge a scríobh nach léireofaí go brách?

Stair agus seanchas

Bainfidh lucht seanchais an-sásamh go deo as Niall Mhícheáil Ó Dubhthaigh: Seanchaí as Rann na Feirste atá curtha in eagar ag Pádraig Ó Baoighill agus Mícheál Ó Domhnaill (Coiscéim, €15). Is eiseamláir de staidéar soléite gairid ar sheanchaí é, fear a chaith seársa fada ag saothrú thall in Albain agus a thuill clú ag Oireachtas na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta. Tá stair Údarás na Gaeltachta le fáil sa gcnuasach aistí Ag Cur Chun Fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith, arna chur in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne (CIC, €20). Tá na hailt acadúla ar fheabhas, aiste thréitheach Éamoin Uí Chiosáin faoi réamhstair an Údaráis go speisialta. Ach cuirfidh pobal mór léitheoirí suim in aistí ó údair a thugann léargas réigiúnach ar obair an Údaráis: Máire Mhic Niallais, Seosamh Ó Cuaig, Máire Seo Breathnach, Áine Ní Chonghaile, Páidí Ó Lionáird ina measc. Tá sárphíosa ag Áine Ní Chiaráin ar an bpolaitíocht agus togha léargais ann ar dhéine na stocaireachta nuair ab éigean an talamh a shiúl i measc na muintire seachas giolcacha a chur amach. An-leabhar go deo freisin é An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair le Cathal Póirtéir (CIC, €15) ina bhfuil scéal líofa staire á ríomh. Pléitear caidreamh casta Hill le pobal Ghaoth Dobhair chun scagadh cothrom a dhéanamh ar oidhreacht an tiarna talún.

Díol agus Ceannacht

Is féidir fios a chur ar na teidil seo go léir ach cuairt a thabhairt ar shuíomhanna gréasáin na bhfoilsitheoirí gan dabht ach cuimhnigh ar phunt agus euro a chaitheamh san áit a mbeidh fáilte romhat. Ní bheidh muintir Chonamara gann ar fhéiríní liteartha ó cheann thiar an chontae ar an gClochán faoi scáth Bhinn Guaire i Leitir Fraic ar bhóthar Chois Fharraige i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht ar an Spidéal agus tigh Charlie Byrne sa ngealchathair féin. Má tá tú i bhfad ó na toibreacha críonnachta seo, is gaire cabhair bhéithe na héigse ná an tIdirlíon. Soilíos uilig iad Gráinne agus muintir an tSiopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, bail is beannacht orthu: agus an tsuáilce chéanna ag Áine agus lucht an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste.

Fág freagra ar 'Buaiceanna liteartha na foilsitheoireachta Gaeilge in 2023'