Scéal mór na Gaeilge á insint do dhaoine beaga ag Branar do Ghaillimh 2020

Cuirfear tús inniu i seanchríochfort Aerfort na Gaillimh le ‘Sruth na Teanga’, mórléiriú Gaeilge Gaillimh 2020

Scéal mór na Gaeilge á insint do dhaoine beaga ag Branar do Ghaillimh 2020

Cuirfear tús inniu le mórléiriú Gaeilge Gaillimh 2020, ‘Sruth na Teanga’ leis an gcompántas drámaíochta Branar.

Léiriú “tumthach” amharclannaíochta” é Sruth na Teanga a bhaineann leas as puipéadóireacht, ceol, íomhánna agus beochan chun stair na Gaeilge a insint agus oidhreacht shaibhir na teanga a léiriú.

Beidh an léiriú ar siúl i seanchríochfort Aerfort na Gaillimhe go dtí an 28 Márta.

Gealltar turas “na mílte bliain” ó ré na Fiannaíochta go ré na teicneolaíochta digití agus deir Marc Mac Lochlainn, bunaitheoir Branar agus stiúrthóir an léirithe, gur insint “an-samhlaíoch” ar scéal na Gaeilge atá ann d’óg agus aosta.

“Is í ár dteanga dhúchais an nasc is láidre atá againn lenár sinsir. Tá rún againn eispéireas iontach amharclannaíochta a spreagfas fiosracht agus comhbhá agus an tsamhlaíocht.”

Dúirt bunaitheoir Branar, an comhlacht amharclannaíochta do pháistí atá lonnaithe i nGaillimh, go raibh sé ag súil go músclófaí sa lucht féachana “mothú an iontais” agus “mórtas teanga”.

Dúirt Helen Marriage, Stiúrthóir Cruthaitheach, Gaillimh 2020, go raibh Gaillimh 2020 an-sásta le léiriú Branar, atá ar cheann de choimisiúnuithe móra na féile.

“Riamh anall, bhí cáil ar Bhranar Téatar do Pháistí as ucht scéalta móra a chruthú do dhaoine beaga,”  a dúirt Helen Marriage, Stiúrthóir Cruthaitheach, Gaillimh 2020.

Dúirt Marriage gur “turas eipiciúil” trí stair na Gaeilge a bhí i Sruth na Teanga.

Tá fáilte roimh ghrúpaí 20 duine isteach ag Sruth na Teanga ag aon am amháin.

Is féidir ticéid a chur in áirithe do Sruth na Teanga anseo.

Fág freagra ar 'Scéal mór na Gaeilge á insint do dhaoine beaga ag Branar do Ghaillimh 2020'