Scéal Mary Lamb as an gCeathrú Rua le craoladh ar RTÉ anocht 

Tá Mary Lamb Waugh 90 bliain d'aois agus í ag baint súp as an saol agus an tsláinte i Londain Shasana

Scéal Mary Lamb as an gCeathrú Rua le craoladh ar RTÉ anocht 

Anocht ar RTÉ1 craolfar Viva Mary faoi bhean as an gCeathrú Rua a d’fhág an baile sin sna déaga.

Tá Mary Lamb Waugh 90 bliain d’aois agus í ag baint súp as an saol agus an tsláinte i Londain Shasana.

Iníon í Mary leis an ealaíontóir mór le rá Charles Lamb a tharraing pictiúir go leor de shaol na hÉireann agus de thírdhreach agus muintir Chonamara.

Ba as Port an Dúnáin an t-ealaíontóir agus ba é an t-údar Pádraic Ó Conaire a mhol dó a aghaidh a thabhairt ar Chonamara.

Ceannródaí ab ea máthair Mhary, Catherine Hueffer Lamb a bhí ar an gcéad bhean a cháiligh ina tréadlia – an t-aon bhean a bhí sa rang. Ba é an scríbhneoir Ford Madox Ford a hathair.

Sa gclár Viva Mary, leis an scannánaí Gaeltachta as Cill Chiaráin, Cathal Ó Cuaig, cuirfimid aithne ar bhean na Ceathrún Rua agus ar an saol lán eachtraí atá caite agus á chaitheamh aici.

RTÉ1 anocht ag 10.15pm

Fág freagra ar 'Scéal Mary Lamb as an gCeathrú Rua le craoladh ar RTÉ anocht '