Ní raibh gnáthóga ar bith i gceist ann agus ní raibh a fhios agam go mbeadh an Coimpléasc ina ábhar coimpléascach agus conspóideach go brách. Bhí a fhios agam gurb é an cnoc é; mar ag “gabháil chun an chnoic” a bhídís. Caoirigh a bhíodh uathu nuair a théidís “chun an chnoic”. Chloisinn an chaint. Bhíodh thoir ag ‘Scailp na nGadhar’ i gceist acu, nó scaití eile bhídís amuigh ag ‘Aill an tSeabhaic’, nó b’fhéidir go raibh orthu a dhul siar as sin go ‘Loch an Phíobaire’. Tír dhraíochtúil éigin a bhí ann, ach tháinig an t-am nuair a shiúil mé féin na cnoic chéanna.
Níor thuig mé go raibh gá le “suirbhéanna lenár n-eolas ar mhéid, éagsúlacht agus riocht ghnáthóga bratphortach agus gnáthóga ardtalún gaolmhar a mhéadú”. Sin é atá sa litir atá curtha amach chuig os cionn 1,000 úinéir talún i gConamara.
I gcúpla focal, is cosúil gurb é seo atá i gceist: suirbhé ar an sliabh go bhfeicfear cén bhail atá ar an nádúr ansin.
I 1997 a tháinig Coimpléasc Phortach Chonamara ar an saol. Tá mórán chuile orlach sléibhe as Baile Conaola san iarthar, soir chomh fada leis an Spidéal, sa gCoimpléasc sin. Ceantar Speisialta Caomhnaithe (SAC) é chomh maith agus tá réimsí cosanta éan ann freisin. Tá SACanna in áiteacha éagsúla faoin tuath ó Chionn Mhálanna ó dheas go Carn Uí Néid, ar muir agus ar tír. Ach tá Coimpléasc Chonamara i measc na bhfathach agus os cionn 70% de Chonamara brataithe ag na brandaí timpeallachta.
Beidh lucht an chláir ‘LIFE Nádúr an Atlantaigh Fhiáin’, atá lonnaithe i Sligeach, á chíoradh ó bhun go barr. Istigh faoi bhratach Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra atá an eagraíocht seo. Beidh “fostaithe de chuid Studio Silva” ina gcuideachta. Beagnach 50,000 heicteár uilig atá sa gCoimpléasc, nó 492 ciliméadar cearnach. Tá os cionn 1,100 loch agus lochán sa réimse sin talún.
Dúradh sa litir a cuireadh amach ag na húinéirí go bhféadfaí labhairt le lucht an tsuirbhé dá bhfeicfí iad ar an sliabh, nó dá bhfeicfí a gcuid carranna. Beidh nóta ar fhuinneog thosaigh na gcarranna agus uimhir theileafóin ann freisin.
B’fhearr dá rachfaí sa tóir ar chúnamh agus ar chomhoibriú ó úinéirí na talún roimh ré. Is mithid a rá aríst nach talamh poiblí é an coimín, cé gur cosúil gur beag aird atá air sin an iarraidh seo.
Níltear in aghaidh staidéar eolaíochta ach an t-aitheantas atá dlite dóibh a thabhairt d’úinéirí na talún i gConamara.
Ní fiú tráithnín mar argóint go bhfuil feilméaraí ag fáil íocaíochtaí as an talamh atá sa gCoimpléasc. Beag beann ar an luach ollmhór atá curtha ar an gCoimpléasc ag an tSeirbhís Fiadhúlra, is mó go mór an t-airgead atá le fáil as an gciste talmhaíochta ar acra talamh bán soir faoin tír. Ón eolas atá agamsa i lár na tíre, ní fheicim go dtéann daoine isteach ar do chuid talún ansin gan chead.
Ach, tá ceisteanna coimpléascacha eile, seachas na gnáthóga, ag baint le Ceantair Speisialta Caomhnaithe. Cuirtear Coimpléasc Phortach Chonamara, agus gach a mbaineann leis, sa gcomhaireamh anois maidir le chuile iarratas pleanála atá i bhfoisceacht scread asail dó. Sé an cás céanna é maidir le chuile Choimpléasc eile acu ar fud na Poblachta. Tá na torthaí ann.
Mar shampla, chuir Coimpléasc Phortach Chonamara an iarracht mhór forbartha ar an N59 i gConamara in aer. Is cosúil go raibh chuile shórt a bhain le stráice nua den bhóthar sin as an gClochán soir go dtí an Teach Dóite ag dul ar aghaidh go maith sa bpleanáil nó gur rug gob den Choimpléasc air. Chuir an Coimpléasc an iarracht le bóthar nua a thabhairt anoir ó thuaidh den Spidéal, agus do Chois Fharraige, ó rath. Cé nach raibh sé luaite mar phríomhchúis le stopadh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, ba léir go mbeadh deacrachtaí ollmhóra ann ó thaobh soláthar uisce de bharr an Choimpléisc.
Ach má fhágtar na hinfheistíochtaí móra tábhachtacha sin as, cuimhnigh ar na deacrachtaí atá sa mullach ar dhaoine atá ag iarraidh tithe cónaithe a thógáil.
Sa deireadh thiar, an bhfuil staidéar de chineál eile ag teastáil maidir le gnéithe eile – seachas gnáthóga – ar réimsí SACanna, agus ar Choimpléasc Phortach Chonamara?
Dr Piarda Mór
Ceist ghabhlánach eile; tuige a bhfuil móin á baint as éadan fós istigh sna Ceantair Chaomhnaithe sin ar fud na hÉireann?
Agus ní hamháin chun tithe príobháideacha a théamh?
Nach bhfuil an cleachtas sin glan in aghaidh an dlí?
Dlí eile atá sórt ‘ann as’ mar dhlí?